150
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Measann go leor daoine san Astráil gur mar gheall ar thoghchán a bheith ag teacht a dhiúltaigh rialtas na hAstráile glacadh leis na teifigh a tarrtháladh san Aigéan Indiach ar an 26 Lúnasa. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.
»»»Is minic é curtha i leith Raidió na Gaeltachta nach bhfuil aon fhreastal á dhéanamh acu ar an aos óg. Tá cúrsaí feabhsaithe rud beag le roinnt blianta anuas, áfach, ó cuireadh tús leis an chlár ceoil “An Taobh Tuathail”. Labhair Éamonn Ó Dónaill le duine de láithreoirí an chláir sin, Cian Ó Cíobháin, faoi bheith ag obair mar dhioscmharcach i stáisiún ina bhfuil cosc ar liricí Béarla.
»»»Chaith Mary Beth Taylor tréimhse ag obair an mhí seo caite i gceantar an-bhocht sna Sléibhte Apaláiseacha, ceantar atá deighilte amach ón saol mór.
»»»Ní i gcónaí a éiríonn le lucht margaíochta a thuar cad iad na táirgí a n-éireoidh go maith leo, mar a mhíníonn Emer Ní Bhrádaigh.
»»»Tá príomh-aire nua ag muintir na hAstráile. Tá laoch nua spóirt acu fosta, an galfaire Won Joon Lee. Ach cén fáth a bhfuil an dá fhíric seo bainteach lena chéile? Míníonn Bearnaí Ó Doibhlin an scéal.
»»»Tá na deirfiúracha Liz & Yvonne Kane as Leitir Fraic i gContae na Gaillimhe tar éis a ndara halbam, Under the Diamond, a eisiúint. Labhair Antaine Ó Faracháin leo faoin albam nua seo agus faoina ndearcadh ar an gceol.
»»»Is píobaire, amhránaí agus damhsóir seite é Terry Moylan, atá ag obair mar chartlannaí leis Na Píobairí Uilleann. Labhair Antaine Ó Faracháin leis, i measc rudaí eile, faoin gceol agus faoi na ceoltóirí a chuaigh i bhfeidhm air in 2006.
»»»Ní hé amháin gur buachaill bó é Seán Greif, ach tá ceird na smuigleála beithígh foghlamtha aige ar theorainn na Bolivia.
»»»Rianaíonn Eoin Ó Catháin an tslí ar cloíodh glan amach polaiteoir amháin i gCeanada, Pauline Marois, iar-Thaoiseach Québec, ar na mallaibh.
»»»Baineadh suaitheadh as cuid cairde Sheáin Henry i saol an cheoil nuair a chuala siad ceithre bliana ó shin go raibh ailse air. Tá albam nua díreach eisithe acu anois le ceiliúradh a dhéanamh ar an gcaoi ar tháinig sé chuige féin arís. D’éist Antaine Ó Faracháin leis an dlúthdhiosca le déanaí.
»»»Bhí ceolchoirm mhór amhránaíochta ar siúl i Loch Garman le déanaí ina raibh breis agus 500 dalta scoile páirteach. Bhí an cheolchoirm seo mar chuid de “Abair Amhrán ar an Sean-nós”, tionscadal de chuid rannóg ealaíon Chomhairle Chontae Loch Garman a bhfuil sé mar aidhm aige amhránaíocht thraidisiúnta an chontae a chur chun cinn sna scoileanna. Labhair Antaine Ó Faracháin le beirt ón gcomhairle atá bainteach leis an tionscnamh, Rosaleen Molloy, Oifigeach Ealaíon an Chontae, agus a comhghleacaí Ann Brazil.
»»»Thosaigh Lisa Nic an Bhreithimh ar thaithí oibre le Raidió na Life an samhradh seo caite agus tá sí fós chomh tógtha céanna leis an mbealach raidió príomhchathrach atá ag craoladh ar fud an domhain ar an idirlíon chomh maith.
»»»Tá Colm Mac Séalaigh den bharúil gur mithid foireann tráchtairí a chur chun oibre ar dhea-urlabhraíocht na tráchtaireachta, mar chuideodh a saothar leis an dream óg aníos.
»»»Sé mhí ó shin bhí an chuma ar an scéal go mbeadh an bua ag an bhfreasúra in olltoghchán na míosa seo san Astráil. Tá athrú tagtha ar an scéal le roinnt míonna anuas, áfach, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.