CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
"Níl brí ar bith sa cheol muna roinntear é"
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Tá na deirfiúracha Liz & Yvonne Kane as Leitir Fraic i gContae na Gaillimhe tar éis a ndara halbam, Under the Diamond, a eisiúint. Labhair Antaine Ó Faracháin leo faoin albam nua seo agus faoina ndearcadh ar an gceol.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Antaine Ó Faracháin: A Liz agus a Yvonne, an dlúthdhiosca nua atá agaibh, Under the Diamond, insígí beagán dom faoi.

Liz & Yvonne Kane: Tagann an teideal ón áit ina bhfuil cónaí orainn i Leitir Fraic, ón sliabh atá in aice linn. Tugtar Diamond Mountain *air i mBéarla agus táimid suite díreach faoina scáth. Tá an dlúthdhiosca seo ag teacht ón gceol atá á sheinm againn le cúpla bliain anuas, an ceol a tháinig chun cuimhne dúinn ón am ar chuir muid an chéad albam, *The Well Tempered Bow, amach.

AÓF: Tugaim faoi deara go bhfuil roinnt tiún air a chum sibh féin, a Liz. An bhfuil sé deacair tiún maith a chumadh?

LK: Táim ag ceapadh go n-athraíonn na tiúin cuid mhaith le linn an phróiseis cumadóireachta. Is minic go dtosaím le frása amháin a thaitníonn liom agus go dtógaim ar an méid sin. Uaireanta, ní dhéanaim ach scaoileadh leis, chun féachaint cad a thagann as an bhfrása sin. Uaireanta eile bím ag tógáil ar an méid sin ar bhealach atá níos comhfhiosaí. Ansin nuair a fhágaim ar leataobh iad ar feadh tamaill, socraíonn siad síos ansin ar chaoi éicint. Is cosúil go mbaineann sé seo na himill ghéara díobh. Bíonn fuaim níos nádúrtha acu le himeacht aimsire.

AÓF: Ag léamh na nótaí atá ag dul leis an albam dom, chuaigh na focail “Níl brí ar bith sa cheol muna roinntear é” i bhfeidhm orm. Cén fáth go bhfuil sé seo mar ghné chomh tábhachtach sin den cheol daoibh?

LK & YK: Tá níos mó taitnimh le baint as a bheith ag roinnt an cheoil, idir a bheith ag éisteacht leis agus a bheith á sheinm. Tháinig na tiúin ar fad atá ar an dlúthdhiosca seo as gníomhartha roinnte, daoine eile ag moladh tiún áirithe dúinn nó muid ag caitheamh tiún lena chéile. Muna gcuirtear an ceol ar aghaidh ó dhuine go duine, faigheann sé bás.

AÓF: Ceann de na tréithe is mó a thaitníonn liomsa faoi bhur gcuid ceoil ná an *blas *atá agaibh sa cheol. Cad iad na tréithe a thaitníonn libhse nuair a bhíonn duine éigin eile ag seinm?

LK & YK: Tá an smaoineamh sin faoi bhlas sa cheol spéisiúil. Ní nuálaithe muid; tógann muid ár gceol ar cheol daoine eile, ceol Mhary Finn, ár múinteoir; ceol ár nDaideó Jimmy Mullen; an ceol ar éist muid leis agus muid ag fás aníos; ceol Kathleen Collins, Andy McGann, Michael Coleman, Paddy Carty agus ansin, níos déanaí, Paddy Fahey, Conor Tully, Joe Ryan agus Bobby Casey. Ba bhreá linn a cheapadh go bhfuil ár gcuid ceoil sainiúil féin againn ach, ag an am céanna, nach bhfuil sé rófhada ó cheol iontach fidle iarthar na hÉireann.

AÓF: Cé hiad na daoine a raibh agus a bhfuil tionchar acu oraibh?

LK & YK: Mary Finn agus Daideó nuair a thosaigh muid. Faoi láthair tá muid ag éisteacht le fidléirí éagsúla ar nós Paddy Cronin agus Paddy Kelly.

AÓF: Nuair atá duine ag foghlaim conas seinm, céard atá tábhachtach, dar libh? Cén chomhairle a chuirfeadh sibh ar dhuine atá ag iarraidh feabhas a chur ar a c(h)uid seanma?

LK & YK: Is í an éisteacht an ghné is tábhachtaí ar fad, go cinnte, sa seinm. Ní féidir leat é a sheinm muna bhfuil a fhios agat cén bealach ba cheart dó fuaimniú. Foghlaim leis an gcluas, sin é an t-aon bhealach amháin. Níl sa gceol scríofa ach treoir. Ní hionann é ar chor ar bith agus foghlaim ó fhoinse fhíor. Cuir aithne ar an oiread ceoltóirí maithe agus is féidir leat. Ná brúigh thú féin isteach ach caith do chuid ama ag éisteacht, ag faire agus ag foghlaim faoin gceol agus faoin gcultúr atá timpeall air, faoin mbealach a chaitheann agus a roinneann ceoltóirí lena chéile.

AÓF: An gcanann ceachtar agaibh?

LK & YK: Ní chanann ceachtar againn, cé go raibh an t-ádh linn go leor amhránaithe maithe a chloisteáil timpeall orainn i nGaeilge agus i mBéarla: Johnny Mháirtín Learaí, Josie Sheáin Jeaic, Phil Coyne as Rinn Mhaoile, Francis agus Dessie O’Halloran.

AÓF: An mbíonn sibh ag taisteal go leor leis an gceol?

LK & YK: Baineann muid taitneamh i gcónaí as a bheith ag taisteal. Níl sé chomh fada sin in aon chor ó bhí deireadh seachtaine iontach againn i Chicago. Bhí muid sa bhFrainc agus i Sasana níos túisce i mbliana. Agus tá súil againn dul go Stáit Aontaithe Mheiriceá an samhradh seo chugainn ar feadh cúpla seachtain.

AÓF: An bhfuil aon tiún, aon cheoltóir, nó aon taifeadadh speisialta gur ansa libh a bheith ag éisteacht leis?

LK & YK: Is cosúil go bhfilleann muid i gcónaí ar cheol Phaddy Fahey agus Phaddy Carty.

AÓF: Cén áit is compordaí daoibh a bheith ag seinm?

LK & YK: Thíos sa seomra leapan sa mbaile, áit ar fhoghlaim muid agus ar sheinn muid riamh lena chéile.

AÓF: Luann sibh go músclaíonn na tiúin atá ar an albam seo cuimhní cinn, de chairde, de gháire, d’oícheannta deireanacha, d’ócáidí taitneamhacha. An mbíonn an ceol i gcónaí mar sin daoibh, mar thaithí a mhúsclaíonn mothúcháin? An gcabhraíonn an ceol libh caoineadh riamh?

LK: Mhothaigh mise i gcónaí go n-ardaíonn sé mé ag ócáid bhrónach. Ní i gcónaí go spreagann an ceol mothúcháin, ach is féidir leis, go speisialta nuair a sheinneann duine éigin rud éicint speisialta.

AÓF: An ndéarfadh sibh go gcloiseann sibh ceol i gcónaí, taobh istigh?

LK & YK: Tá sé deacair i saol an lae inniu an ceol sin a chloisteáil i gcónaí. Is féidir le rudaí a bheith róghnóthach agus a bheith ag imeacht róthréan. Ach is minic a thagann tiún éigin isteach i do chloigeann ag am aisteach.

AÓF: A Liz agus a Yvonne, mar is iondúil bhain mé an-taitneamh as a bheith ag caint libh agus as a bheith ag éisteacht le bhur gcuid ceoil. Go raibh míle maith agaibh agus go n-éirí libh leis an albam nua.

Tuilleadh eolais: www.thekanesisters.com

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.