CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Cairde ag gabháil buíochais
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Baineadh suaitheadh as cuid cairde Sheáin Henry i saol an cheoil nuair a chuala siad ceithre bliana ó shin go raibh ailse air. Tá albam nua díreach eisithe acu anois le ceiliúradh a dhéanamh ar an gcaoi ar tháinig sé chuige féin arís. D’éist Antaine Ó Faracháin leis an dlúthdhiosca le déanaí.

Íomhá
An boscadóir Joe Burke
Íomhá

Ar an 22 Samhain 1998 dúradh le Seán Henry go raibh ailse scamhóg air. Fear mór ceoil é Seán a raibh teach tábhairne aige i bPort Omna i gContae na Gaillimhe, áit a mbíodh an boscadóir cáiliúil Joe Burke agus go leor ceoltóirí eile ag seinm go minic. Nuair a scaip an drochscéala bhí an-bhrón, ar ndóigh, ar a chuid cairde ceoil, ach de réir a chéile, faoi chúram sciliúil na ndochtúirí agus na n-altraí in Ospidéal Naomh Lúcás i mBaile Átha Cliath, tháinig Séan tríd.

Tamall ina dhiaidh sin tharraing a chuid cairde ceoil le chéile faoi stiúir Joe Burke agus a mhná Anne Conroy-Burke agus chuir siad albam le chéile. Toradh a gcuid oibre ná an dlúthdhiosca Cairde a rinneadh in ómós do Sheán, mar cheiliúradh ar an gcaoi ar tháinig sé tríd an tinneas a bhí air agus chun tacú leis an ospidéal inar cuireadh cóir leighis air.

Gníomh maith fiúntach ann féin le déanamh, a déarfá, agus tá moladh tuillte ag na ceoltóirí agus na hamhránaithe ar fad a ghlac páirt sa tionscadal gan íocaíocht ar bith. Ach toradh maith fiúntach a bhí ar a gcuid oibre ar fad ó thaobh an cheoil de freisin! Tá scoth na gceoltóirí agus na n-amhránaithe bailithe le chéile ar an albam seo agus scoth an cheoil agus na n-amhrán á dtabhairt acu dúinn. Tá caighdeán ard ceoil ann ó thús deireadh. Ag breathnú ar liosta na gceoltóirí agus na n-amhránaithe atá air cén t-iontas nach mbeadh!

Cuireann máistir na fidle, Frankie Gavin, tús láidir leis an albam le dhá ríl bhreátha, “Micho Russell’s” agus “Naprún an tSaoir”. Ansin, ag breith ar na sála air, máistir an bhosca é féin Joe Burke leis an bhfonn álainn don amhrán “My Lagan Love” agus dhá ríl eile, “Scléip na hOíche Aréir” agus “An Bóthar Cam go Baile Átha Cliath”. Ina dhiaidh sin tá dhá phort luascaigh, “The Promenade” agus “An Bóthar Carraigreach go Baile Átha Cliath” ó Tommy Keane ar an bpíb uilleann agus Jacqueline McCarthy ar an gconsairtín. Tá leagan an-deas den amhrán “Mary from Dungloe” ansin ag Don Stiffe agus Matt Keane agus ansin Noel Hill agus Tony Linnane le ríleanna arís. Tá Mary Bergin ansin ar an bhfeadóg stáin, Eileen O’Brien agus Deirdre Mc Sherry, Mary agus Anne Conroy, Éilís agus Charlie Lennon, Matt Molloy, Seán Maguire, Oliver Deveney agus Jody Henry, Mary Staunton, Charlie Piggott agus Miriam Collins, Tommy Peoples, John agus Dónal Regan, Dick Hogan, Marcus Ó hIarnáin, Jimmy McGreevey, Jimmy Crowley agus ag an deireadh ansin Martin Connolly agus Maureen Glynn. Liosta le háireamh gan aimhreas.

Ní raibh díomá orm leis an albam seo, rud a tharlaíonn uaireanta nuair a chaitear rudaí le chéile “ar son na cúise”. Cé go bhfuil rianta air atá tógtha ó albaim eile a foilsíodh roimhe seo, chomh maith le rudaí a taifeadadh as an nua go speisialta don tionscadal seo, níor íslíodh an caighdeán ceoil in am ar bith. Tá éagsúlacht an-deas ar an diosca agus ceol sainiúil, pearsanta ó chuid de na ceoltóirí is fearr atá sa tír.

An bhfuil aon rian a sheasann amach dom, gur fearr liom thar aon cheann eile? Tá cúpla ceann ceart go leor a thaitníonn go mór liom. Tá rian 13 le hOliver Deveney agus Jody Henry (bean chéile Sheáin) go hálainn. Tá an ríl sin a sheinneann siad, “Phyllis’s Birthday” (a chum Josephine Marsh) go haoibhinn ar fad. Agus ansin rian 14, “The Green Fields of Mayo” atá á chasadh ag Mary Staunton - gleoite!

Má cheannaíonn tú an dlúthdhiosca seo beidh tú ag déanamh gníomh fiúntach, ag cabhrú le hOspidéal Naomh Lúcás ina gcuid oibre le daoine a bhfuil ailse orthu. Chomh maith leis sin, áfach, beidh albam deas eile agat le cur i do bhailiúchán, albam a bhailíonn scata mór de cheoltóirí maithe le chéile ar aon diosca amháin. Geallaim duit nach mbeidh díomá ort.

Tuilleadh eolais: Fiona Campbell (Friends of St. Lukes Hospital) Teileafón: 353 1 406 5102 Ríomhphost: foslh@iol.ie Suíomh Gréasáin: www.friendsofstlukes.ie

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.