AR NA SAOLTA SEO
Raidió na Life: Éagsúil ón gCuid Eile.
Lisa Nic an Bhreithimh Lisa Nic an Bhreithimh Lisa Nic an Bhreithimh

Thosaigh Lisa Nic an Bhreithimh ar thaithí oibre le Raidió na Life an samhradh seo caite agus tá sí fós chomh tógtha céanna leis an mbealach raidió príomhchathrach atá ag craoladh ar fud an domhain ar an idirlíon chomh maith.

Íomhá
Breandán Ó Gliasáin faoi agallamh ag Lisa
Íomhá
Muintir Raidió na Life ag Oireachtas na Samhna 2011
Íomhá
Sharon Ní Bheoláin, iarláithreoir le Raidió na Life, Méabh Ní Fhallúin, iarbhainisteoir RnL

Lonnaithe ar Chearnóg Mhuirfean i gcroílár chathair Bhaile Átha Cliath, in áit bhríomhar, is ionad spreagúil agus iomlán éagsúil í oifig Raidió na Life. Bíonn chuile shórt duine, idir óg is aosta, isteach is amach ann agus is iomaí cineál ceoil a bhíos le cloisteáil agus scéil a bhíos á chíoradh ann ó mhaidin go hoíche. Ní hí an ghnáthoifig í agus le tuairim is nócha oibrí deonach ag teacht is ag imeacht uaithi i gcónaí, is spéisiúil agus is iontach an áit í mar ionad oibre gan trácht ar scoth na gclár a bhíos le cloisteáil ar an stáisiún.

Ag craoladh ar fud Baile Átha Cliath ón mbliain 1993, is stáisiún raidió pobail é Raidió na Life a bunaíodh chun seirbhís raidió a chur ar fáil do phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar dtús. Is í an cineál fealsúnachta a bhaineann leis an stáisiún ná réimsí éagsúla ceoil is cainte a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge. Déanann sé comhnascadh de chineál idir eagrais Ghaeilge is pobal uile na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus lasmuigh de. Déanann Raidió na Life iarracht freastal ar réimsí éagsúla éisteoirí a bhfuil spéiseanna éagsúla acu agus atá ar caighdeáin Ghaeilge.

Thosaigh mé ag obair le Raidió na Life an samhradh seo caite ar thréimse taithí oibre agus ba mhór agus b’fhiúntach an taithí a fuair mé i rith an ama sin. Bhí sé chomh fiúntach sin gur lean mé ar aghaidh ag obair ann ó dheireadh na tréimhse sin go dtí anois agus níl sé ar intinn agam imeacht go luath. Oibríonn an chuid is mó d’fhoireann Raidió na Life ar bhonn deonach agus bíonn éagsúlacht deiseanna ar fáil d’oibrithe ann mar sin idir léamh na nuachta, thuairiscí le déanamh ar ócáidí speisialta, daoine a chur faoi agallamh, eagarthóireacht is thaighde. Bhí deis agam féin ceannlínte nuachta a chur le chéile is a léamh, tuairiscí a dhéanamh ar imeachtaí agus neart taighde a dhéanamh ar scéalta ilghnéitheacha. Is é an rud is suntasaí faoina bheith ag obair le Raidió na Life, dar liom, go mbíonn saoirse ag daoine dul i mbun oibre raidió agus iriseoireachta ón tús, in áit a bheith ag tosú ón mbonn, mar is gá do neart oibrithe deonacha a dhéanamh i láthair na huaire, bídís ag réiteach tae is ag bailiú poist lá i ndiaidh lae. Más mian leat rud ar leith a dhéanamh agus má dhéanann tú an obair ina choinne is mion minic go mbíonn deis agat do mhian a chur i gcrích agus tú ag obair leis an stáisiún. Dá bharr sin, is iomaí ábhar a chloistear ar Raidió na Life le smaointe úra ó na daoine éagsúla ag tabhairt faoin ardán.

Cláir

Cuid de na cláir a bhíos le cloisteáil ann, is iad ‘Beo ag a Dó’ agus ‘Fios Feasa’ ar siúl gach lá i rith na seachtaine le meascán de scéalta nuachta agus eolas faoi imeachtaí cultúir is ceoil i measc rudaí eile. Bíonn an ‘Meangadh Mór’ is an ‘Meangadh Beag’ ar siúl tráthnóna le heolas faoin méid a bhíonn ar siúl timpeall na cathrach, scéalta suimiúla agus ceol fuinniúil. Bíonn scoth clár spóirt á gcraoladh freisin le tuairiscí ar spóirt éagsúla i bhfad is i ngar. Bíonn cláir thuairisce ar siúl tráthnóna Dé Máirt, Déardaoin agus Dé hAoine le rogha scéalta nuachta á bplé idir láithreoirí agus trí agallaimh le saineolaithe, polaiteoirí is iriseoirí ar fud an domhain. Bíonn an nuacht ar fáil tráthnóna chomh maith le linn don slua a bheith ag filleadh abhaile i ndiaidh an lá oibre.

Chomh maith leo sin, cloisfidh tú cláir éagsúla ann faoin timpeallacht, le ceol agus caint an imill, cláir agallaimh agus fiú ceol as an bPólainn, an Afraic is as an Spáinn, chun cuid díobh a lua. Rud suntasach eile faoi Raidió na Life ná go bhfuil sé ar fáil ar fud na cruinne. Is féidir éisteacht ar 106.4fm ar an raidió nó ar an idirlíon ar www.raidionalife.ie. Is féidir podchraoltaí a fháil de sheanchláir agus bíonn neart míreanna spéisiúla ar fáil ar www.soundcloud.com freisin. Cuirtear fáilte roimh éisteoirí is oibrithe nua chun an stáisiúin i gcónaí.

Is féidir éisteacht le canúintí is caighdeáin Ghaeilge éagsúla freisin, ó chainteoirí Gaeltachta is Galltachta, rud a thugann go bhfuil cláir ann do dhaoine ar beagán Gaeilge chomh maith leis an duine atá líofa. D’fhéadfá a rá go bhfuil rud éigin ar Raidió na Life do chuile dhuine agus go bhfuil ábhar suime ann d’éinne ar mhaith leo obair a dhéanamh ann freisin.

Bígí linn ar Raidió na Life - Cuisle na Cathrach!

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

As Baile Átha Cliath ó dhúchas, tá Lisa Nic an Bhreithimh i mbun Máistreachta ar an gcúrsa Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge i gCol. na hOllscoile BÁC. Bhain sí a bunchéim amach i gColáiste na Tríonóide.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.