CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Abair Amhrán ar an Sean-nós: tionscadal suimiúil Loch Garman
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Bhí ceolchoirm mhór amhránaíochta ar siúl i Loch Garman le déanaí ina raibh breis agus 500 dalta scoile páirteach. Bhí an cheolchoirm seo mar chuid de “Abair Amhrán ar an Sean-nós”, tionscadal de chuid rannóg ealaíon Chomhairle Chontae Loch Garman a bhfuil sé mar aidhm aige amhránaíocht thraidisiúnta an chontae a chur chun cinn sna scoileanna. Labhair Antaine Ó Faracháin le beirt ón gcomhairle atá bainteach leis an tionscnamh, Rosaleen Molloy, Oifigeach Ealaíon an Chontae, agus a comhghleacaí Ann Brazil.

Íomhá

AÓF: A Rosaleen agus a Ann, insígí dom i dtosach cén chaoi ar cuireadh tús leis an tionscadal seo?

RM: Cuireadh tús leis an tionscadal in 2003 nuair a shocraigh muid clár a chur le chéile chun cúrsaí ceoil sa chontae a fhorbairt. Lorg muid moltaí ó cheoltóirí agus amhránaithe an chontae i dtaobh na mbealaí ab fhearr, dar leo, chun na healaíona seo a fhorbairt.

Chuir ceoltóirí éagsúla, ar nós na n-amhránaithe traidisiúnta Paddy Berry agus Nóirín Ní Riain, a gcuid smaointe faoinár mbráid. Bunaithe ar thorthaí an phróisis seo, chuireamar tús le scéim phíolótach inar thug Paddy agus Nóirín cuairteanna ar scoileanna chun amhráin thraidisiúnta a mhúineadh do na páistí. D’éirigh thar cionn leis an scéim phíolótach, agus mar thoradh uirthi, shocraigh muid go gcuirfimis le líon na scoileanna a bhí páirteach inti. Chuir muid le líon na n-amhránaithe freisin. Is é an aidhm a bhí againn ná amhránaíocht thraidisiúnta an chontae a chur chun cinn, idir amhráin Bhéarla agus amhráin Ghaeilge.

AB: Nuair a thosaigh muid ar dtús, theastaigh uainn fáil amach cén saghas éilimh a bheadh ar an tionscadal. De bhrí gur scéim phíolótach a bhí inti, d’úsáid muid í leis na bealaí is fearr chun an tionscadal a reáchtáil a aimsiú.

Nuair a chonaic muid chomh éifeachtach is a bhí an scéim phíolótach, bhí a fhios againn go bhféadfaimis í a leathnú amach. Fuaireamar aiseolas ó na páistí i leith na scéime agus bhí siad thar a bheith dearfach fúithi. Dúirt na páistí gur thaitin na hamhráin áitiúla faoina gceantar féin go mór leo, amhráin mar “Carraig Rua” agus an t-amhrán sin faoi laoch mór iománaíochta Loch Garman, “Nicky Rickard”. Chinn muid, mar sin, ar bhéim faoi leith a chur ar amhráin áitiúla agus d’éirigh thar cionn leis an gcinneadh sin.

RM: Sea, is dóigh go bhféadfaí a rá go raibh muid ag tabhairt airde ar mhianta na bpáistí lena raibh muid ag plé. Ba é Paddy Berry a mhol i dtús ama gur chóir dúinn béim a leagan ar amhráin áitiúla mar gurbh iad sin na hamhráin a raibh spéis ag na páistí iontu. Ón talamh aníos a tháinig an rud ar fad agus bhí muid ag cabhrú le daoine áitiúla an rud a bhí uathu féin a chur i gcrích.

AÓF: An raibh oraibh ábhar tacaíochta sa bhreis a chur ar fail do na múinteoirí agus do na hamhránaithe a bhí páirteach sa tionscadal?

RM: Cinnte. D’iarr muid ar na hamhránaithe focail a gcuid amhrán féin a chur chugainn le cur i leabhrán. Rinne muid na hamhráin a thaifeadadh ar dhá dhlúthdhiosca agus thug muid na dlúthdhioscaí agus na leabhráin do na scoileanna ar fad a bhí ag glacadh páirte sa tionscadal. Sa chaoi seo, bhí na múinteoirí in ann obair a dhéanamh leis na páistí ina n-am féin.

AB: Agus chuir muid cúpla seisiún inseirbhíse ar fáil do mhúinteoirí chun eolas a thabhairt dóibh i dtaobh an tionscadail. Le linn na seisiún seo, d’éirigh leis na múinteoirí agus na hamhránaithe aithne a chur ar a chéile.

AÓF: Is dóigh go dtéann an próiseas seo chun tairbhe do na múinteoirí agus do na hamhránaithe?

RM: Téann cinnte. Tugann sé deis do na hamhránaithe traidisiúnta scileanna múinteoireachta a fhoghlaim agus tugann sé deis do na múinteoirí an amhránaíocht a shealbhú.an caidreamh idir an múinteoir agus an t-amhránaí traidisiúnta thar a bheith fiúntach agus thar a bheith tábhachtach.

AÓF: An bhfuil sibh den tuairim go n-oibreodh an modh seo foghlamtha i gcás na n-ealaíon eile? Go mbunófaí comhpháirtíochtaí idir speisialtóirí, údaráis áitiúla agus na daltaí a dteastaíonn uathu an cheird an fhoghlaim?

RM: B’fhéidir é. B’fhéidir go bhforbróidh rudaí sa treo sin amach anseo. Tá ag éirí leis an gcur chuige sa tionscadal seo againne, go dtí seo ar aon chuma. Braitheann muid go bhfuil dualgas ar údaráis áitiúla, Comhairle Chontae Loch Garman sa chás seo, tacú le comhpháirtíochtaí áitiúla chun cabhrú leo feidhmiú go héifeachtach.

AB: Sea, agus chun ealaíona agus ealaíontóirí áitiúla a aithint agus a chur chun cinn, le haitheantas a thabhairt dóibh. Is bealach éifeachtach é seo leis na healaíona a eagrú agus a chur chun cinn, is é sin trí nascanna a fhorbairt leis na hacmhainní áitiúla. Agus tugann sé aitheantas d’iompróirí na dtraidisiún áitiúil.

AÓF: Bhuel, sílim féin go bhfuil obair an-tábhachtach ar bun agaibh agus is léir go bhfuil na hamhránaithe traidisiúnta, na múinteoirí agus na páistí iad féin an-sásta leis an tionscadal. Más mian le múinteoirí eile páirt a ghlacadh sa tionscadal, céard é an bealach is fearr le dul i dteagmháil libh?

RM: Tá tuilleadh eolais ar fháil ag www.wexford.ie [Cuir isteach na focail “Traditional Irish Singing Project” sa bhosca faoi “Search”]. Is féidir ríomhphost a chur chugainn fosta ag arts@wexfordcoco.ie .

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.