AR NA SAOLTA SEO
Casadh na Taoide in Aghaidh an Neamhspleáchais
Eoin Ó Catháin Eoin Ó Catháin

Rianaíonn Eoin Ó Catháin an tslí ar cloíodh glan amach polaiteoir amháin i gCeanada, Pauline Marois, iar-Thaoiseach Québec, ar na mallaibh.

Íomhá
Pauline Marois, iar-Thaoiseach Québec & iar-cheannaire an Pharti Québecois
(le Boucheci ar Vicipéid)
Íomhá
'Québec Libre', i Montréal
(le Denis Bocquet ar Flickr)
Íomhá
François Legault, Ceannaire CAQ
(le Jimmy Hamelin ar Vicipéid)
Íomhá
Dealbh den 'Uasal Montréal', Jean Drapeau
(le Jean Gagnon ar Vicipéid)

Deirtear gur tréimshe fhada í seachtain sa pholataíocht, agus is cinnte gur fhoghlaim Pauline Marois, iar-Thaoiseach Québec (an chúige ina bhfuil an líon is mó cainteoirí Fraincise sa tír) an ceacht tábhachtach sin ag an toghchán conspóideach a bhí ann thart ar dhá mhí ó shin. D’fhógair Marois go mbeidh toghchán acu i mí an Mhárta, agus é ar eolas acu go raibh tacaíocht fhorleathan acu ó gach cúinne de Québec.

I rith na 33 lá a tháinig ina dhiaidh, áfach, thit an tóin as feachtas Marois, agus fágadh í gan suíochán oíche na dtorthaí. Tháinig seo aniar aduaidh uirthi, gan amhras, ach b’fhiú d’éinne a bhfuil suim sa pholataíocht acu breathnú ar an scéal seo - le comhfhreagraithe polaitiúla Cheanada ag rá gur taispeántas ar an gcaoi nár cheart feachtas a reachtáil atá ann. Ach cén chaoi gur casadh an taoide go fíochmhar i gcoinne Pauline Marois, ó bheith ag druidim cumhacht iomlán go dtí náire iomlán, agus í ag éirí as an bpolataíocht oíche an toghcháin?

Ar an gcéad dul síos, cé go seasann páirtí Marois, le Parti Québecois, go láidir ar son chearta na bhFrainciseoirí , agus é mar aidhm bhunúsach acu neamhspléachais a bhaint amach do Québec, bhí Marois cúramach gan an t-ábhar sin a lua i rith an fheachtais toghchánaíochta. Cuireann caint ar scarúnachas eagla ar lucht votála Québec go minic - i rith na seachtóidí d’imigh go leor comhlachtaí agus tionscadail ó Mhontréal – an chathair is mó sa chúige - go Toronto le reifreann ar scarúint á thógáil ag muintir Québec agus níl an chathair tagtha ar ais chuici féin ó shin ó thaobh an gheilleagair de. Tá geilleagar Québec ag streacailt léi faoi láthair chomh maith, le fiacha troma ar an gcúige agus dífhostaíocht go forleathan, go háirithe i measc na n-óg. Dhírigh Marois air siúd – an geilleagar - , ar an gcóras sláinte agus ar thábhacht an chultúir, agus d’fhan sí glan amach ó chaint ar reifreann, cé go raibh ceisteanna á gcur ag an bpobail agus ag polaiteoirí eile.

‘Is Tír Í Québecois’

Tháinig an crú ar an tairne agus fuair lucht na gceisteanna an freagra a bhí uathu nuair a ainmníodh Pierre-Karl Péladeau mar iarrthóir an Páirtí Québecois roimh an toghchán. Agus é ag fógairt a ainmniúcháin, mhaígh sé “Québec est un pays” (Is tír í Québec), dorn san aer, comhartha soiléir go raibh an toil aige troid ar son na gcearta a mheas sé go raibh uaidh. Baineadh geit as an bpobal, agus as Marois í féin is cosúil, agus thosaigh dóibh siúd nach raibh cinnte faoina vótaí ag tréigean an pháirtí, ag tacú leis an dara páirtí ba chumhachtaí, na Liobrálaigh. Le teacht Péladeau, fear gnó a bhfuil na billiúin gnóthaithe aige sa teileachumarsáid, os comhair an phobail, ní raibh an dara rogha ach ag Marois reifreann ar scarúntacht a phlé - agus ba léir nach raibh an coincheap ullmhaithe i gceart aici. Mhaígh sí go gcloífeadh Québec leis an airgead agus le hairm Cheanada dá mbeadh sé ina thír féin, ach go mbeadh an clóichead agus an bratach uathúil. Níorbh fhada go raibh smaointe Marois mar cheap magaidh ó Thalamh an Éisc go Vancouver, a scrios inchreideacht an fheachtais.

An Titim ar Lár agus ag Caolú Léi

dearcadh Mhontréal fíordhifriúil ó Québec ar go leor bhealaí - le héagsúltacht béascna, teanga agus creidimh, níor aontaigh an chathair go mór leis an gCairt um Luachanna Cultúir a raibh sé i gceist aici cosc a chur ar chaitheamh comharthaí creidimh agus ní raibh tacaíocht Marois láidir ann dá bharr. Ó fhógairt an toghcháin, thosaigh dreamanna i Montréal ag maíomh go mbainfeadh siadsan neamhspléachas amach mar chathair - cosúil le Singeapóir nó Monacó- agus go bhfeidhmeodh sé mar sin ar mhaithe le geilleagar. Le muinín na cathrach aistí caillte, thuig Marois go raibh sí ag snámh in aghaidh an easa.

Is cinnte, áfach, gur chuir láidreacht an pháirtí náisiúnaigh eile, an CAQ (Coalition Avenir Québec), na hordóga ar Marois agus ar an bPairtí Québecois. Creideann an CAQ go láidir i náisiúnachas Québec, ach aithníonn siad nach bhfuil reifreann ar an gceist ag teastáil ó mhuintir an chúige. D’éirigh thar cionn le ceannaire an pháirtí, François Legault, sna díospóireachtaí roimh an toghchán, agus é ag ionsaí Marois os comhair an phobail ar an teilifís. Thug an CAQ suíocháin i gCathair Québec agus i mbruachbhailte Mhontréal leis, agus chinntigh sin nach mbeadh an bua ag Marois.

Ar oíche na toghchánaíochta, agus ráflaí ag dul thart go gcaillfeadh sí a suíochán féin, d’fhógair Marois na torthaí agus ghéill sí nach mbeidh sí sa chéad Dáil eile. Í náirithe os comhair na tíre, d’imigh sí ón ardán, corraithe, agus d’imigh sí go ciúin ón saol poiblí.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Tá Eoin ag teagasc Gaeilge in Ollscoil Ottawa, Ceanada faoi choimirce an ICUF faoi láthair.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.