GNÓ AGUS TEICNEOLAÍOCHT
An Seantíogar Ceilteach ag ithe a eireabaill féin
Emer Ní Bhrádaigh Emer Ní Bhrádaigh Emer Bhrádaigh

i gcónaí a éiríonn le lucht margaíochta a thuar cad iad na táirgí a n-éireoidh go maith leo, mar a mhíníonn Emer Bhrádaigh.

Íomhá
Íomhá

Bhí comhdháil fiontraíochta againn le déanaí i bhFiontar agus thug na mic léinn agus na léachtóirí cuairt ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara. Anuraidh bhí an ardteicneolaíocht mar théama againn agus i mbliana bhíomar ag breathnú ar fhorbairt pobail. suimiúil breathnú siar ar an hype a bhain le hardteicneolaíocht bliain ó shin, agus na fadhbanna atá againn anois, anseo in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Thrácht duine de na cainteoirí ar an seantíogar Ceilteach a bheith ag ithe a eireabaill féin agus is deas liom an nath!

Bhí an t-athrú sa mhargadh ardteicneolaíochta le feiceáil breis agus bliain ó shin nuair a theip ar an WAP i margadh na dteileafóin soghluaiste. Cheap lucht na dteileafón soghluaiste go mbeadh chuile dhuine ag ceannach na bhfón nua seo le go bhféadfaidís breathnú ar liostaí de na scannáin a bhí ar siúl de na bialanna a bhí ar fáil sa chathair. Ach bhí an mhórchuid againn tar éis teileafón soghluaiste a cheannach bliain dhó roimhe sin agus níor bhraitheamar an a thuilleadh airgid a chaitheamh ar sheirbhís a d’úsáidfeadh muid go fánach, n-úsáidfeadh muid í ar chor ar bith.

Dar ndóigh bhí daoine ann a cheannaigh na teileafóin WAP, mar go gceannaíonn siad chuile rud nua a thagann amach. aithne againn ar fad ar dhaoine a cheannaíonn na nuálaíochtaí ar fad. a fhios againn is fearr inár gciorcal cairde le comhairle a chur orainn faoin mbialann is faiseanta, an siopa éadaigh is fearr, an banna ceoil is nua.

Cúig ghrúpa éagsúla

=======

I gcúrsaí margaíochta agus straitéise, labhraímid faoi thimthriall roghnaithe na nuála. Is éard atá i gceist leis seo le haon nuálaíocht - bíodh bunaithe ar theicneolaíocht bíodh - go mbíonn an margadh an pobal scaipthe thar cúig ghrúpa éagsúla - na nuálaithe, na húsáideoirí luatha, an móramh luath, an móramh mall agus na fágálaithe. (Forbraíodh an tsamhail seo i staidéar ar fheirmeoirí Meiriceánacha ag glacadh le síol nua d’fhataí!) Is féidir brath ar na nuálaithe chuile iris agus chuile phíosa eolais a bhaineann leis an táirge an teicneolaíocht a bheith acu. Beidh an rud is déanaí acu i gcónaí. Beidh suim faoi leith acu i bhfeidhmiú an táirge agus labhróidh siad leat faoi go maidin ligeann dóibh. Beidh an t-úsáideoir luath ag brath ar an nuálaí an chéad cheann a cheannach. Ar deireadh tosaíonn an móramh á cheannach - ach cheannaíonn na fágálaithe an rud go deo.

Smaoinigh ar na táirgí nua a tháinig ar an margadh le 10 - 20 bliain anuas - cén chatagóir ina bhfuil muid ar fad maidir le dlúthdhioscaí, oighinn mhicreathonnacha, teileafóin shoghluaiste, an córas miondiosca don cheol, úsáid an idirlín? An botún a dhein lucht déantúsaíochta na bhfón póca go rabhadar ródhóchasach faoi líon na ndaoine a cheannódh fón soghluaiste, a chaithfeadh amach fón breá le ceann níos fearr a fháil. an rud céanna ag tarlú i gcás na ríomhairí. Níl daoine chomh sásta is a raibh súil ag na déantúsóirí leis ríomhairí níos cumhachtaí a cheannach.

Nuair a shroicheann aon táirge an staid ar an dtimthriall go bhfuil an móramh á cheannach, bíonn an iomaíocht níos géire, mar go bhfuil an margadh sáithithe le táirgí. Níl an císte ag éirí níos a thuilleadh, agus tosaíonn na comhlachtaí ar fad ag iarraidh píosa de chíste na n-iomaitheoirí a ghabháil. Le sin a dhéanamh, bíonn orthu a bpraghsanna a ísliú, agus bíonn an bua ag an dream ar féidir leo an táirge a mhargú ar bhealach níos tarraingtí, a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla, agus bhrí sin ar chostas níos ísle. Bíonn a fhios ag lucht gnó go dtarlóidh an patrún seo; an cleas do straitéis a athrú sula n-athraíonn na hiomaitheoirí í, agus a bheith céim chun tosaigh i gcónaí. An bhfuil Éire céim chun tosaigh?

Emer Bhrádaigh ag obair mar léachtóir le Fiontraíocht le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU). BSc in Airgeadas, Ríomhaireacht agus Fiontraíocht, agus MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais á rith ag Fiontar.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.