179

An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair

Oideas Gael

Arna fhoilsiú ag Oideas Gael

Le cabhair ó
Foras na Gaeilge
(2001-2014)

Eolas agus teagmháil
About and contact

Fógraíocht ar Beo!
Advertising on Beo!

Treoracha do scríbhneoirí

Cartlann

RSS

informace
Iris mhíosúil ab ea Beo! a d'fhoilsítí ó Bhealtaine 2001 (Eagrán #1) go Meán Fómhair 2014 (Eagrán #161). Cé go bhfuil deireadh curtha le foilsiú na hirise, tá cartlann iomlán ar fáil anseo i gcónaí.
Cartlann
gluais Gluais
ROGHA RANDAMACH ÓN CHARTLANN (athlodáil)
Íomhá
Eagrán 96, Aibreán 2009
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Áisiúlacht agus daonlathú na teicneolaíochta trí acra cliste a úsáid in áit an tseanleabhair nóta, abair, sin é a tharraing aird Roseanne Smith an mhí seo. Beidh an leabhair nóta ag téaltú leis feasta. Sluafhoinsiú a bhí ar bonn ag Roseanne a spreag an macnamh ar Things don Apple agus Remember the Milk.

»»»
Íomhá
Eagrán 50, Meitheamh 2005
TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Mairéad Bean Uí Ghallchóir

Bhí Mairéad Bean Ghallchóir, ó Chraobh Phádraig Mhic Phiarais de Chonradh na Gaeilge, Glaschú, ar dhuine de na daoine a bhí bainteach le hócáid an mhí seo caite a eagraíodh chun aitheantas a thabhairt do Sheán Ó Fiannaí, fear atá ag obair go dícheallach ar son na Gaeilge sa chathair ó bhí 1945 ann.

»»»
Íomhá
Eagrán 121, Bealtaine 2011
AGALLAMH BEO
Robert McMillen

Labhair Robert McMillen leis an bhfear a tháinig faoi sclamhairt aisteach ghoimhiúil nuair a bhunaigh Teilifís na Gaeilge > TG4, iarléachtóir, iar-Aire agus fear a bhfuil a shúil dírithe amach roimhe anois ar Áras an Uachtaráin, Michael D. Ó hUiginn.

»»»
Íomhá
Eagrán 123, Iúil 2011
AR NA SAOLTA SEO
Alex Hijmans

An atá as obair abhus agus ar mhaith leis taithí saoil is oibre a fháil i dtír gheal eachtrach, comhairle ag Alex Hijmans : foghlaim blaiseadh den Phortaingéilis, faigh teastas TFL anois agus gabh chun na Brasaíle.

»»»
Eagrán 46, Feabhra 2005
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Mary Beth Taylor

Ó bunaíodh Wikipedia, an chiclipéid ar líne, sa bhliain 2000, na mílte duine ar fud an domhain tar éis ábhar a chur ar fáil . Le tamall anuas, áfach, saineolaithe áirithe tar éis an suíomh a cháineadh, ag nach féidir bheith cinnte go bhfuil an t-eolas atá air cruinn. Fós féin, an-ráchairt air, mar a mhíníonn Mary Beth Taylor.

»»»
Íomhá
Eagrán 46, Feabhra 2005
TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Dónall Mac Giolla Easpaig

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Dónall Mac Giolla Easpaig, An Brainse Logainmneacha, An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Baile Átha Cliath.

»»»
Íomhá
Eagrán 60, Aibreán 2006
AR NA SAOLTA SEO
Breandán Delap

Léiríonn eolas nua atá faighte ag Breandán Delap go bhfuil neart ceisteanna fós le freagairt ag an Aire Dlí agus Cirt faoina chomhrac le Frank Connolly. ceisteanna ann fosta faoin chaoi a scaoileann an Stát eolas amach.

»»»
Íomhá
Eagrán 157, Bealtaine 2014
AR NA SAOLTA SEO
Donncha Ó hÉallaithe

Deir Donncha Ó hÉallaithe gur dochar maitheas a dhéanfaidh an stocaireacht atá ar bun ag Conradh na Gaeilge ar na hiarrthóirí atá ag seasamh i dToghcháin na hEorpa.

»»»
Íomhá
Eagrán 26, Meitheamh 2003
AR NA SAOLTA SEO
Robert McMillen

Léargas é an drámaA Cold Housear an dóigh a bhfuil iarrachtaí á ndéanamh ag daoine ón phobal sna Chontae tuiscint níos fearr a fháil ar a chéile, dar le Robert McMillen.

»»»
Íomhá
Eagrán 18, Deireadh Fómhair 2002
AR NA SAOLTA SEO
Uinsionn Mac Dubhghaill

páistí in Éirinn agus i dtíortha forbartha eile ag éirí níos raimhre. Is ar thuismitheoirí atá an fhreagracht a chinntiú nach gcleachtaíonn siad drochnósanna, dar le hUinsionn Mac Dubhghaill.

»»»
Íomhá
Eagrán 105, Eanáir 2010
AR NA SAOLTA SEO
Alan Desmond

Chaith Alan Desmond seal ag iniúchadh scéal an phobail líonmhair iltírigh úd in iarthuaisceart na hAfraice, na hImazighen, mar a thugtar go contráilte orthu, na Beirbeirigh.

»»»
Íomhá
Eagrán 68, Nollaig 2006
AR NA SAOLTA SEO
Breandán Delap

Beidh impleachtaí tromchúiseacha ag an téamh domhanda amach seo ach níl fonn laghad ar Rialtas na hÉireann ar rialtais tíortha eile dul i ngleic leis an fhadhb. Measann Breandán Delap go bhfuil thar am ag na polaiteoirí ceannasaíocht a léiriú i dtaca leis an cheist seo.

»»»
Íomhá
Eagrán 9, Eanáir 2002
AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Balor

Caitheann Balor a shúil nimhe siar ar imeachtaí na bliana 2001 agus déanann roinnt tairngreachtaí faoin bhliain atá amach romhainn.

»»»
Íomhá
Eagrán 103, Samhain 2009
AR NA SAOLTA SEO
Donncha Ó hÉallaithe

Creideann Donncha Ó hÉallaithe go mba é leas na Gaeltachta, gcuirfí deireadh leis an Aireacht Gnóthaí Pobail, Tuaithe is Gaeltachta, mar go bhfuil teipithe ar Éamonn Ó Cuív agus ar an Aireacht sin, dul i ngleic leis an gceist achrannach: bhfuil an Ghaeltacht?

»»»
Íomhá
Eagrán 37, Bealtaine 2004
CÚRSAÍ SPÓIRT
Colm Mac Séalaigh

Léiríonn seasamh na bhfoirne as Cúige Laighean sa sraithchomórtas náisiúnta go bhfuil an ceart acu siúd a deir go bhfuil an iománaíocht sa chúige sin ag dul i léig, dar le Colm Mac Séalaigh.

»»»
FÓGRAÍ POBAIL
Anseo a fhoilsítear fógraí fostaíochta, imeachtaí sóisialta, cúrsaí oiliúna agus eile. Chun fógra a fhoilsiú anseo, cuir ríomhphost chuig oifig@beo.ie.

Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)

»»»

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.