CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Faigh Bainne ldt. GRMA
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Áisiúlacht agus daonlathú na teicneolaíochta trí acra cliste a úsáid in áit an tseanleabhair nóta, abair, sin é a tharraing aird Roseanne Smith an mhí seo. Beidh ré an leabhair nóta ag téaltú leis feasta. Sluafhoinsiú a bhí ar bonn ag Roseanne a spreag an macnamh ar Things don Apple agus Remember the Milk.

Íomhá
Remember the Milk

scéala úr iontais é seo, ach is breá liom an t-idirlíon. Cabhraíonn sé go mór liom i mo chuid oibre. An méid sin ráite, tharla go bhfuil mé ag obair don Irish Internet Association (IIA) – bheifí ag súil lena leithéid! Ach is cumann gnó neamhbhrabach é an IIA agus dá bharr, caithfimid ar fad a bheith cliste lenár n-acmhainní agus lenár gcuid ama ach go háirithe. Sin ráite, tá acmhainn den chéad scoth againn agus cloistear caint faoi go minic ó thaobh cúrsaí idirlín de. Is é an slua an acmhainn atá i gceist. Ní cleachtú nua atá ann bailiúcháin ríomhairí cianda a úsáid chun jab mór a dhéanamh agus ar bhealach is é an cleachtú céanna seo atá taobh thiar den néalríomhaireacht. B’shin túspointe an idirlín i ndáiríre, siar sna seascaidí nuair a cruthaíodh ARPANET. Sa tslí chéanna, go stairiúil, is é 7 Aibreán 1969 breithlá an idirlín nuair a foilsíodh an chéad “Request for Comments”, cáipéis a scríobh Steve Crocker ag lorg moltaí i leith protocáil agus córais idirlín ón slua. Ní hamháin gurb é seo bunús “rialacha” an idirlín, ach go pointe, b’é seo bunús modh oibre an idirlín. Is gluaiseacht daonlathach agus cuimsitheach a bhí ann; gan chliarlathas traidisiúnta.Nílim go pearsanta róchinnte ar éirigh leis nó ar mhair an easpa cliarlathais seo agus nílim róchinnte faoi chomh cuimsitheach is atá sé. Don chuid is mó den domhan is é ollmhaitheas na mbrionglóidí atá san idirlíon, ach ní bhfaighfidh siad rochtain orthu go deo na ndeor. Nach mór an scannal é, ach nílim ag caint faoi mhuintir iargúlta na Mongóile ná faoi chúilriasc deireadh an domhain ar throigh gan tuairisc éigin. Tá daoine in Éirinn nach dtuigeann an t-idirlíon mar níl sé feicthe acu. Níl aon ní cuimsitheach faoi rud nach bhfuil ann sa chéad áit.

An sluafhoinsiú

Ach ní féidir an milleán a chur ar aithreacha an idirlín (agus b’aithreacha iad don chuid is mó, ach sin alt eile ar fad!) Bhí fís acu agus maireann, go pointe áirithe, an nós cúnta a thosnaigh leis an gcéad “Request for Comments”. Thuig mé seo i gceart le déanaí nuair a bhain mé úsáid as an slua nó rinne mé ‘sluafhoinsiú’ chun freagra a fháil ar cheist a bhí orm. Bhain an cheist seo le húsáid cliste acmhainní freisin. Bhíodh sé de nós agam liosta fada ‘nithe le déanamh’ a scríobh i leabhar nóta agus lánfhios agam gur drochnós a bhí ann. Samhlaigh dá gcaillfinn an leabhar nóta nó mar a tharla go minic, bhínn ag obair áit amháin agus bheadh an leabhar nóta in áit eile. Agus do bhean atá ag obair i réimse na teicneolaíochta! An náire! Go háirithe nuair a bhí lán fhios agam go raibh réimse leathan cláir fheidhme greasáin ann a ligeadh dom an jab seo a dhéanamh i mbealach i bhfad níos éifeachtaí. Ach astu siúd, cérbh é an ceann is fearr? Chas mé le slua ar leith agus chuir mé ceist orthu: conas a eagraíonn tusa do liosta de nithe le déanamh? Dírim isteach ar an dá cheann is mó a luadh liom ag an am; ceann amháin do Apple Mac agus ceann amháin do RP le Windows air.

Things don MAC

Things: is feidhmclár é Things don Mac agus dá mbeadh Mac agam d’úsáidfinn é seo. Is dócha an ghné is cumhachtaí faoin bhfeidmhchlár seo ná an bealach gur féidir, trí aicearra méarchláir, fuinneog tasc a oscailt, ar neamhchead don bhogearra a bheas in úsáid agat, chun tasc a chrúthú láithreach bonn sula ndéanfaidh tú dearmad air. Gné tharraingteach eile ná an bealach gur féidir comhaid, seoltaí idirlín nó r-phostanna a tharraingt agus ligint titim isteach sa bhfeidhmchlár freisin chun tasc nó meabhracháin a chruthú fúthu freisin. Is féidir an feidhmchlár seo a fháil don iTouch nó iPhone leis. Laghdaíonn an pointe deireanach seo an t-aon míbhuntáiste atá ann, dar liom, agus sin an rud nach feidhmchlár greasáin atá ann agus ní féidir, dá dheasca sin, rochtain a fháil ar do liosta muna bhfuil do Mhac leat. Ach cosúil le han-chuid eile, dá mbeadh Mac agam, déarfainn go gcodlóinn leis! Cosnaíonn Things rud beag níos lú ná $50.00 don bhfeidhmchlár ríomhaire agus €7.99 don bhfeidhmchlár iPhone/iTouch. Bronntanas Nollag na ndeartháireacha socraithe agamsa!

Remember the Milk

RememberTheMilk: Seo an ceann a úsáidim féin agus mholfainn é do éinne a úsáideann Gmail agus Firefox go háirithe. Is féidir forlíontán a fháil do Firefox, brabhsálaí idirlín, a ligeann duit é a úsáid láithreach ó do chuntas Gmail. Is gné chliste é seo agus is áisiúil más istigh ar an r-phost thú. Is féidir leagan de a fháil don Apple iPhone agus iTouch freisin, ar ndóigh, ach domsa ar an Nokia E51, tá suíomh soghluaiste m.rememberthemilk.com acu atá glan agus éasca le húsáid. B’fhearr i bhfad liom feidhmchlár beag don Nokia, ach tuigim, b’fhéidir nach fiú an margadh dóibh. Tá na bunghnéithe is úsáidí den fheidhmchlár seo saor in aisce agus ar $25 in aghaidh na bliana is féidir tuilleadh feidhmeannais agus tacaíochta a fháil. Tuigfidh tú, a léitheoir, agus aithne á cur orm thar shaolré na n-altanna seo go bhfuilim craiceáilte faoin na meáin sóisialta agus is é Twitter an greasán is giorra dom’ chroí i láthair na huaire. Rud álainn faoi RTM (mar a thugann cara air :) leis) ná gur féidir tascanna a sheoladh chuige trí theachtaireacht dhíreach (phriobháideach) a chruthú ar Twitter chuig RTM. Mar gheall go bhfuil Twitter mar fheidhmchlár ar mo ghuthán agam i bhfoirm Twibble is ní dhéanfaidh mé dearmad ar an mbainne go brách arís, ach ná scaip an scéala gur gheall mé sin!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.