AR NA SAOLTA SEO
Stádas na Gaeilge san Eoraip, An Cur Amú Airgid É?
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Deir Donncha Ó hÉallaithe gur mó dochar ná maitheas a dhéanfaidh an stocaireacht atá ar bun ag Conradh na Gaeilge ar na hiarrthóirí atá ag seasamh i dToghcháin na hEorpa.

Íomhá
Lá Mór na Gaeilge i mBÁC
Íomhá
Ceisteanna do na toghcháin Eorpacha, Conradh na Gaeilge
Íomhá
Pobal ag teacht aniar, Slán le Seán
Íomhá
Parlament Europejski na Bruiséile
(le Alina Zienowicz ar Vicipéid)
Íomhá
Fearg leis an gCur i gCéill

Dá mbeinnse mar iarrthóir do Pharlaimint na hEorpa ar an 23 Bealtaine, drochsheans go mbeinnse ar liosta na n-iarrthóirí a bheadh molta ag Conradh na Gaeilge. Tá bileog á scaipeadh ar na iarrthóirí ag an gConradh faoi láthair ina bhfuil dhá cheist curtha. Ní bheadh mórán d’fhadhb agam leis an gcéad cheist ar an mbileog, a fhiafraíonn de gach iarrthóir an mbeadh sé/sí ag labhairt Ghaeilge ‘go rialta agus mar gnáthchleachtas sa Phairlimint’? Bheadh deacracht agam leis an tarna cheist ar an mbileog:

‘Ceist 2: An bhfuil tú sásta a fhógairt go poiblí mar chuid de d’fheachtas toghchánaíochta gur mian leat go ndéanfaí an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach a chur ar ceal ag deireadh na bliana 2016?’

Mínítear cúlra na ceiste go soiléir ar an mbileog: cé go bhfuil aitheantas san AE ag an nGaeilge ó tús 2007 mar theanga oifigiúil, cuireadh ‘maolú’ faoi dhó ar stádas oifigiúil a chur i bhfeidhm ina iomláine. ‘Easpa saineolaithe ar an nGaeilgean fáth a thug an AE.

Maíonn Conradh na Gaeilge sa bhileog go mbeadh ‘breis is 180 post breise le líonadh’ dá ndéanfaí an stádas oifigiúil a fheidhmiú, gan an maolú. Cheana féin, tá breis is 30 fostaithe mar aistritheoirí is ateangairí Gaeilge san AE. Leis an 180 breise bheadh os cionn 200 le ardchumas Ghaeilge ag obair sa mBruiséal ag Coimisiún na hEorpa, ag aistriú cáipéisí dlithiúla ón Eoraip go Gaeilge. Níl fiche státsheirbhíseach le ardchumas Ghaeilge sa Roinn Oideachais i mBaile Átha Cliath, a mbeadh a dhóthain Gaeilge acu le seirbhís tré Ghaeilge a chur ar fáil do scoileanna sa Ghaeltacht agus do na Gaelscoileanna is Gaelcholáistí. Smaoinigh, tá an Conradh ag iarraidh ar na iarrthóirí tacú le éileamh ar aitheantas don Ghaeilge san AE nach bhfuil ar fáil ón Roinn Oideachais i mBaile Átha Cliath.

Cén fáth go mbeadh muid ag iarraidh ‘na cáipéisí dlíthiúla ar fad’ a bhaineann leis an AE a bheith aistrithe go Gaeilge? Cé léifeadh na cáipéisí céanna? Státseirbhísigh i mBaile Átha Cliath, gan ach codán an-íseal acu inniúil ar an nGaeilge?

Postanna do na Gaeilgeoirí sa mBruiséil

Maíonn an Conradh go mbeadh ar Choimisiún na hEorpa ‘103 aistritheoir, 32 dlítheangeolaí, 42 rúnaí agus 6 ceann aonaid’ breise a earcú le dul ag obair leis an Aontas Eorpach, dá dtabharfaí an stádas iomlán oifigiúil don Ghaeilge, gan aon mhaolú.

Smaoinigh ar seo: ní éiríonn le státchóras na hÉireann ach beagán de na doiciméidí dlithiúla ón tír seo a aistriú go Gaeilge, cé gurb í an Ghaeilge ‘an phríomhtheanga oifigiúilde réir Alt 8 den Bhunreacht agus cé go bhfuil sé leagtha síos in Alt 25.4.3 den Bhunreacht céanna go mbíonn ar an stát leagan Ghaeilge a chur amach de gach dlí a achtaítear i mBéarla. Bíonn deacracht ag an stát, cloí leis an dualgas bunreachtúil sin ceal dlí-aistritheoirí oilte. (An bhfuil aon seans ann gurb é is cúis leis an easpa dlí-aistritheoirí oilte sa tír seo, go bhfuil siad thall sa mBrúiséil ar pá ard agus ar cáin íseal?)

Is anseo sa mbaile a theastaíonn na aistritheoirí maithe le scoth na Gaeilge, ní sa mBruiséil ag cur a gcuid cumais agus a gcuid scileanna amú. Tá go leor dlithe is rialacháin againn féin, a bhíonn in úsáid go rialta, gan fáil ar an leagan Gaeilge. Tá téacsleabhair le aistriú, a bhfuil géarghá leo sna scoileanna Gaeltachta agus sna Gaelcholáistí. Bheadh sé iontach dá mbeadh seirbhís ateagaireachta ar fáil ag comhdhálacha agus ag cruinnithe eolais, le go mbeadh saoránaigh saor le Gaeilge a úsáid, dá mba mhian leo, gan a bheith faoi mhíbhuntáiste cumarsáide.

Ní féidir cur amú airgid poiblí agus cur amú cumais daoine a chosaint, agus sin a bheadh ann, dá bhfíorófaí mianta an Chonartha.

A Mhalairt d’Éileamh ar an Eoraip

Ceisteanna difriúla a bheadh agamsa ar na hiarrthóirí:

(i) an dtacóidís leis an smaoineamh go mbeadh aitheantas ag na ceantair ina bhfuil Gaeilge fós á húsáid iontu mar cheantair speisialta chaomhnaithe teanga;

(ii) an dtacóidís le hiachall a bheith curtha ag an AE ar Rialtas na hÉireann lena chinntiú go mbeadh cosaint cheart tugtha do na ceantair sin ó aon chineál forbairtí nó beartais a chuirfeadh an teanga pobail i mbaol iontu;

(iii) an dtacóidís le hiarratas ar an AE ciste speisialta tacaíochta a chur ar bun le caitheamh ar scéimeanna agus ar thionscnaimh chaomhnaithe teanga sa chuid bheag den Ghaeltacht oifigiúil ina bhfuil an Ghaeilge fós in úsáid.

Níl na héilimh sin chomh háiféiseach sin, má smaoiníonn tú ar chúrsaí i gceart. Tá ceantair chaomhnaithe timpeallachta leagtha amach cheana féin de bharr brú ón AE, a bhfuil dualgas a gcosanta ar an rialtas faoi láthair. Thóg sé na mílte bliain na portaigh, atá againn sa tír seo, a chruthú. Bhí ar an AE iachall a chur ar rialtas Bhleá Cliath cuid de na portaigh chéanna a chaomhnú is a chosaint agus caithfidh an tAire Jimmy Deenihan gníomhú dá réir. Tá an Ghaeilge á forbairt ar an oileán seo le cúpla míle bliain. Is cuid luachmhar d’oidhreacht bheo na hEorpa í, ar an gcaoi chéanna leis na portaigh. Má tá cúram na bportach ar Jimmy Deenihan, tá cúram na Gaeltachta ar a Roinn chomh maith, ach níl aon treoir ag tíocht ón Eoraip faoin gcuid sin d’oidhreacht ársa na hEorpa a chaomhnú is a chosaint, faraor.

Ag an bpointe seo, b’fhearr do Chonradh na Gaeilge an bhileog atá scaipthe acu ar na hiarrthóirí a tharraingt siar aríst, mar is mó dochar ná maitheas a dhéanfaidh sé. Rinne an Conradh obair mhaith ag eagrú ‘Lá Mór na Gaeilge’ i mBaile Átha Cliath. Ach níor mhiste a mheabhrú don Chonradh nach ar mhaithe le dlithe na hEorpa a bheith ar fáil i nGaeilge a bhí mise, agus cuid mhaith eile, ag máirseáil i mBaile Átha Cliath ar an 15 Feabhra agus arís i gConamara ar an 23 Feabhra.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.