TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
An Brainse Logainmneacha
Dónall Mac Giolla Easpaig Dónall Mac Giolla Easpaig

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Dónall Mac Giolla Easpaig, An Brainse Logainmneacha, An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Baile Átha Cliath.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
An tAire Gn tha Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta
Íomhá
  1. Cá huair a bunaíodh An Brainse Logainmneacha agus cé a bhunaigh é?

Is sa Ghaeilge atá formhór mór logainmneacha na hÉireann préamhaithe. Is faoi chulaith an Bhéarla, áfach, a tháinig an chuid is mó de na logainmneacha anuas chugainn agus bíonn dianobair scolártha de dhíth le teacht ar na bunleaganacha cearta.

Nuair a bunaíodh Saorstát Éireann sa bhliain 1922 bhí sé mar pholasaí ag an rialtas an Ghaeilge a chur chun cinn i réimsí éagsúla den saol poiblí agus bhí géarghá le leaganacha údarásacha Gaeilge de logainmneacha na tíre chun an polasaí sin a chur i bhfeidhm. Méadaíodh ar an phráinn a bhí le logainmneacha Gaeilge sa bhliain 1937 le teacht i bhfeidhm Bhunreacht na hÉireann a thug stádas oifigiúil ar leith don Ghaeilge. Ní raibh leaganacha údarásacha Gaeilge de na logainmneacha ann, agus ar an ábhar sin a bunaíodh An Coimisiún Logainmneacha ar bharántas ón Aire Airgeadais sa bhliain 1946 “chun ceartfhoirmeacha bunaidh Gaeilge na logainmneacha” a dheimhniú agus a chur ar fáil “chun a n-usáidte go hoifigiúil”. Ní raibh aon fhoireann bhuan ag an Choimisiún agus is beag dul chun cinn a rinneadh ar logainmneacha Gaeilge a chur ar fáil sna blianta tosaigh. Ar an ábhar sin, chinn an rialtas ar chúram na hoibre taighde ar na logainmneacha a chur ar rannóg úr le foireann bhuan agus sa bhliain 1956 bunaíodh An Brainse Logainmneacha mar rannóg ar leith in Oifig na Suirbhéireachta Ordanáis. Is ansin a d’fhan sé go dtí 1999 nuair a aistríodh é go dtí An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán. Is faoin Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta atá Brainse agus an Coimisiún araon faoi láthair.

  1. Cén ról atá agat féin in AnBL agus cén fhad atá tú sa phost?

Thosaigh mé sa Bhrainse mar Oifigeach Logainmneacha sa bhliain 1972 agus tá mé i mo Phríomhoifigeach Logainmneacha ann ón bhliain 1998. Tá mé freagrach as gach gné de riarú an Bhrainse, agus as leaganacha Gaeilge na logainmneacha a réiteach ach go háirithe, i gcomhar leis an hoifigigh taighde eile. Tá mé i mo rúnaí ar an Choimisiún Logainmneacha mar chuid de mo dhualgaisí, agus tá mé mar ionadaí na hÉireann ar Ghrúpa Saineolaithe na Náisiún Aontaithe ar Ainmneacha Geografacha (UNGEGN).

  1. Cé mhéad duine atá fostaithe ag AnBL anois?

Tá seisear eile ar fhoireann bhuan an Bhrainse: beirt Ardoifigeach Logainmneacha, beirt Oifigeach Logainmneacha agus beirt Oifigeach Cléireachais. Chomh maith leis an fhoireann bhuan, tá beirt Oifigeach Logainmneacha breise fostaithe ar chonradh gearrthéarmach.

  1. Cén obair a dhéantar ansin ó lá go lá?

Is é príomhchuspóir an Bhrainse Logainmneacha taighde a dhéanamh ar logainmneacha na hÉireann agus leaganacha oifigiúla Gaeilge díobh a dheimhniú agus a chur ar fáil faoi chomhairle an Choimisiúin Logainmneacha. Bailíonn an taighdeoir leaganacha stairiúla de na hainmneacha as réimse leathan foinsí scríofa; is iad na cáipéisí oifigiúla stáit agus eaglasta na príomhfhoinsí a is mó a úsáidtear; cáipéisí na Suirbhéireachta Ordanáis ón 19ú céad, ionchoisní agus suirbhéanna talún den 16ú - 17ú céad, rollaí éagsúla den 13ú - 14ú céad, anáidí eaglasta ón 15ú céad. Is i mBéarla, i Laidin agus i bhFraincis atá na cáipéisí sin. Cé gur tearc logainmneacha a bhíonn le fáil iontu, is iad na foinsí dúchais i nGaeilge agus i Laidin is luachmhaire; gach rud ón 7ú céad anuas go dtí an 19ú - annála, ginealaigh, féilirí agus beathaí na naomh, prós agus filíocht de gach uile chineál. Chomh maith leis na foinsí scríofa, is cuid iontach tábhachtach den fhianaise fuaimniú áitiúil na n-ainmneacha sa lá atá inniu ann. Nuair a bhíonn deireadh taighde déanta, cuirtear an fhianaise ar fad le chéile agus socraítear na leaganacha Gaeilge.

Is de réir contae a dhéantar an taighde de ghnáth agus tá taighde ar tá naoi gcontae iomlán críochnaithe. Is sa tsraith leabhrán Liostaí Logainmneacha *a fhoilsítear torthaí an taighde; foilsíodh an seachtú imleabhar sa tsraith anuraidh, *Liostaí Logainmneacha: Tiobraid Árann - Tipperary agus foilseofar dhá imleabhar eile i mbliana, a chlúdóidh logainmneacha chontaetha Bhaile Átha Cliath agus na Gaillimhe. Beidh eagrán nua de Gasaitéar na hÉireann/Gazetteer of Ireland á fhoilsiú i mbliana chomh maith.

Tugadh aitheantas oifigiúil do leaganacha Gaeilge de logainmneacha faoin Acht Logainmneacha 1973 agus rinneadh ordú amháin faoin Acht sin a thug stádas dleathach d’ainmneacha Gaeilge na mbailte poist sa stát. Ní raibh an tAcht sásúil agus ní dearnadh ach an t-aon ordú sin amháin faoi. Nuair a achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla tugadh stádas oifigiúil ar leith do leaganacha Gaeilge na logainmneacha. Faoi Alt 5 den acht sin, tugtar comhionannas dleathach do logainmneacha Gaeilge agus logainmneacha Béarla araon taobh amuigh den Ghaeltacht; sna ceantair Ghaeltachta, is iad na logainmneacha Gaeilge amháin a bheas dleathach. Tá ocht nOrduithe Logainmneacha déanta ag an Aire Gnothaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta faoin Acht ar chomhairle an Choimisiúin Logainmneacha go dtí seo; clúdaíonn seacht gcinn ainmneacha Gaeilge na gcúigí agus na gcontaetha, agus na logainmneacha a foilsíodh sa tsraith Liostaí Logainmneacha go dtí 1993. Ar an 21 Nollaig 2004, shínigh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an tOrdú Logainmneacha (Ceantair Ghaeltachta) 2004. Nuair a thiocfaidh an tOrdú sin i bhfeidhm ar Luan Cásca seo chugainn, tabharfar stádas dlíthiúil do leaganacha Gaeilge ainmneacha riaracháin na Gaeltachta den chéad uair riamh sa stair agus caillfidh na leaganacha Béarla na n-ainmneacha sin an stádas faoin dlí a bhí acu le chóir a bheith 170 bliain; beidh réimeas dleathach Dunquin, Inveran agus Derrybeg thart agus Dún Chaoin, Indreabhán agus Doirí Beaga ina n-áit. Níor shamhail mé go dtarlódh a leithéid ariamh agus mé ag bailiú logainmneacha ó bhéal i gCois Fharraige agus i nGaoth Dobhair sna seachtóidí. Céim thábhachtach stairiúil do phobal na Gaeltachta atá san Ordú, dar liom, agus caithfidh mé a admháil go bhfuil mé iontach bródúil as an pháirt a bhí agam féin agus ag an Bhrainse ann.

  1. An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?

Tá sé mar sprioc oifigiúil go mbeidh an taighde ar ainmneacha riaracháin uile an stáit críochnaithe taobh istigh de thréimhse idir seacht agus deich mbliana. Is dúshlán mór é seo don Bhrainse agus don fhoireann mar is obair an-mhall í an taighde ar logainmneacha. Agus, sin ráite, tá cuid mhór de na spriocanna a leagadh síos nuair a bunaíodh an Brainse curtha i gcrích agus spriocanna eile a leagadh síos ó shin. Anuraidh chuir an Brainse tús le tionscadal chun leaganacha údarásacha Gaeilge na sráidainmneacha a chur ar fáil do na húdaráis áitiúla ar fud na tíre faoin bhliain 2006 - 37,000 ainm sráide ar fad. Cuireadh an chéad toradh den tionscadal sin ar fáil anuraidh sa leabhar Sráidainmneacha Bhaile Átha Cliath/Dublin City Streetnames a d’fhoilsigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

  1. Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis AnBL?

Is iad cumas, saineolas, agus breithiúnas na foirne na nirt is tábhachtaí atá ag an Bhrainse; tá beagnach ochtó bliain de thaithí taighde ar logainmneacha ann agus cartlann luachmhar ina bhfuil na mílte foirmeacha stairiúla de logainmneacha as gach contae sa tír, theas agus thuaidh. Is é an síorbhrú ón taobh amuigh an laige is mó atá ann; bíonn síoréilimh ar sheirbhísí an Bhrainse Logainmneacha ó eagrais lasmuigh agus is ag dul i méid a bheidh na héilimh seo de thoradh Acht na dTeangacha Oifigiúla. Bíonn ar an fhoireann an obair idir lámhaibh a fhágáil ar leataobh le freastal ar na héilimh seo. Ach is laige é seo atá inréitithe, go háirid le háiseanna theicneolaíocht an eolais.

Tá an teicneolaíocht leictreonach ina cuidiú mór mar uirlis taighde, agus beidh an t-idirlíon ina chuidiú as seo amach mar fhoinse eolais dúinn agus mar áis dár gcuid custaiméirí. Tá na leaganacha Gaeilge atá dearbhaithe sna hOrduithe Logainmneacha atá déanta go dtí seo ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (www.pobail.ie/ie/AnGhaeilge/AnBrainseLogainmneacha). Tá i gceist an t-eolas seo a chur ar fáil ar bhonn níos struchtúrtha. Tá bunachar sonraí logainmneacha curtha le chéile sa Bhrainse le blianta beaga anuas agus tá sé i gceist go mbeidh cuid den ábhar ann ar fáil ar an idirlíon gan mhoill, ar an dóigh chéanna a bhfuil na hAchtanna Parlaiminte agus téarmaí Gaeilge ar fáil faoi láthair. Tá mé cinnte go laghdóidh sé sin an brú ón taobh amuigh.

  1. Ainmnigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag AnBL faoi cheann cúig bliana.

Tá cuid mhór déanta ag an Bhrainse sa leathchéad bliain ó bunaíodh é agus cuid mhór eile le déanamh. Tá torthaí na hoibre sin le feiceáil go poiblí ar gach aon sín bóthair ó cheann ceann na tíre. Tá corradh is 57, 000 logainm riaracháin sa stát, idir bharúntachtaí, pharóistí sibhialta, bhailte fearainn agus thoghranna. Beidh leaganacha Gaeilge ar thart ar a leath díobh sin foilsithe nó curtha ar fáil ar an idirlíon fá dheireadh na bliana seo. Tá mé dóchasach gur féidir 12,000 logainm riaracháin eile a chur leo sin faoi cheann cúig bliana, gan trácht ar na céadta logainm de chineálacha eile, ainmneacha aibhneacha, sléibhte etc.

Is cuid luachmhar dár ndúchas iad na logainmneacha agus cuireann daoine suim mhór iontu i gcónaí. Cé go bhfuil cuid mhór saineolais ar an oidhreacht sin i dtaisce sa Bhrainse níl ach fíorbheagán de curtha ar fáil don ghnáthphobal. Sna cúig bliana atá romhainn tá súil agam go mbeidh tús curtha ag an Bhrainse leis an taisce sin a chur i láthair na ndaoine a chuirfidh suim ann, in Éirinn agus thar lear. Ba chóir, mar shampla, go mbeadh duine a bheadh dul amach ag siúl i sléibhte Chill Mhantáin ábalta ar theacht ar lámhleabhar tarraingteach soléite ar logainmneacha an cheantair sin roimh ré. Ar an dóigh chéanna, ba cheart go mbeadh duine i Lyon na Fraince in ann a theacht trí mheán an idirlín ar an eolas gurbh ionann bunús ainm a bhaile dúchais féin agus an t-ainm Dún Lúiche i dTír Chonaill. Tá na hacmhainní teicneolaíochta ann leis an saibhreas oidhreachta a chraobhscaoileadh agus creidim go bhfuil dualgas ar an Bhrainse a theacht i dtír orthu sin, ar acmhainní an idirlín ach go háirithe.

  1. Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge?

Tá sé deacair ag duine fís a bheith aige sa lá atá inniu ann fá dtaobh de rud ar bith agus an saol seo ar rothaí mar atá, gan trácht ar fhís a bheith aige fá dtaobh de theanga chomh leochaileach leis an Ghaeilge. Ach creidim go bhfuil athrú bisigh i ndán di. Glacaim féin an bus ag obair gach aon lá agus tá athrú mór i gcúrsaí teanga feicthe agam le blianta beaga anuas. Ar bhus nach raibh ach Béarla le cluinstin air tá seacht mbliana ó shin, anois tá níos mó ná seacht dteanga éagsúla le cluinstin ann gach maidin agus tráthnóna, agus beidh níos mó le cluinstin amach romhainn. Is í an fhís atá agam don Ghaeilge go mbeidh sí le cluinstin i gcuideachta na dteangacha eile sin sna glúnta atá romhainn chomh callánach, glórach céanna agus a bhíonn an Spáinnis agus an Iodáilis le cluinstin ar an 46A i lár an tsamhraidh anois.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.