AR NA SAOLTA SEO
Neart ceisteanna le freagairt ag McDowell
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Léiríonn eolas nua atá faighte ag Breandán Delap go bhfuil neart ceisteanna fós le freagairt ag an Aire Dlí agus Cirt faoina chomhrac le Frank Connolly. ceisteanna ann fosta faoin chaoi a scaoileann an Stát eolas amach.

Íomhá
An tAire Dlí agus Cirt, Michael McDowell
Íomhá
An t-iriseoir Sam Smyth: cairdiúil le Micheal McDowell
Íomhá
Frank Connolly: curtha ina leith go ndearna iarracht pas bréige a fháil

imní léirithe ag an Ombudsman, Emily O’Reilly, nach bhfuil ag éirí chomh maith sin leis an Acht um Shaoráil Faisnéise le dornán blianta anuas. Deir gur tháinig ísliú 32% ar úsáid an Achta idir na blianta 2003 agus 2004. Cén t-iontas é sin nuair atá mugadh magadh déanta ag an Rialtas den phróiseas ar fad. maolú mór déanta acu ar fhorálacha an Achta agus is iomaí constaic a bhíonn le sárú anois chun teacht ar bheagán eolais. Lena chois sin, léirithe ag an Aire Dlí agus Cirt, Michael McDowell, gur i bhfad an t-eolas atá ar fáil don nach mbacann leis an chóras atá leagtha síos ag an Stát le heolas oifigiúil a scaoileadh.

Nuair a bhí scannal Frank Connolly go mór i mbéal an phobail, thug an tAire McDowell le fios don Dáil ar an 13 Nollaig gur mar thoradh ar iarratas ó Independent Newspapers a sceith an t-eolas faoin iarratas bréige a líomhnaítear a rinne Connolly ar phas Éireannach. Mhaígh an t-iriseoir Sam Smyth ar an chlárQuestions and Answersar RTÉ an oíche roimhe sin go ndearna a nuachtán siúd iarratas foirmiúil ag lorg an eolais. In agallamh leis an chlár raidióNews at Onebhí an méid seo le ag an Aire McDowell: “The Irish Independent sought this from me and I gave to them the document which was the subject of the false application.”

D’ainneoin sin, léiríonn iarratas a rinne féin faoin Acht um Shaoráil Faisnéise nach bhfuil taifead laghad ag an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannas agus Athchóirithe Dlí d’aon iarratas a rinne Independent Newspapers ar an eolas seo. Dhiúltaigh Oifig an Aire agus Preas-Oifig an Aire do m’iarratas ar an ábharthat no records are held relevant to the request”. D’admhaigh siad, áfach, go ndearna Independent Newspapers iarratas ó bhéal don eolas. Ach níl aon taifead ar chor ar bith ag an Roinn den iarratas seo agus ainneoin tréaniarrachtaí níor tugadh aon sonraí dom faoi a rinne an t-iarratas seo, cén uair háit a ndearnadh é.

Agus é ag oscailt sciathán úr de Choláiste na nGardaí sa Teampall Mór ar an 17 Nollaig, dúirt an tAire McDowell nárbh é féin go pearsanta a thug na cáipéisí seo do Sam Smyth. Ach léir a thug na cáipéisí seo ar lámh don iriseoir ó tharla nach bhfuil aon taifead sa Roinn den iarratas. An amhlaidh go bhfuiltear ag maíomh go dtarlaíonn a leithéid go rialta agus go mbíonn feidhmeannaigh de chuid na Roinne ag sceitheadh eolas rúnda ina gcuid comhad chuig iriseoirí gan oiread is nóta a bhreacadh faoi? Is ar éigean é!

Droim láimhe don ghnáthphróiseas

Is léir go bhfuil neart ceisteanna fós le freagairt ag an Aire McDowell, chan amháin faoin iarratas áirithe seo ach faoin dóigh a thug droim láimhe don phróiseas atá leagtha amach ag an Stát choinne cáipéisí rialtais a scaipeadh. Mhaígh an tAire ag an am go raibh láncheart aige an comhad seo a sceitheadh mar gur mheas gur bagairt do shlándáil an Stáit a bhí i gceist. Dúirt an tAire go raibh de dhualgas air an pobal a chur ar an eolas faoi ghníomh coiriúil a chuirtear i leith duine atá go mór i mbéal an phobail, go háirithe ó tharla go raibh an a bhí i gceist ina Phríomhfheidhmeannach ar eagraíocht a cuireadh ar bun le hiniúchadh a dhéanamh ar ábhair spairne poiblí.

Bíodh sin mar atá, ach bealaí oifigiúla leagtha síos le heolas a scaipeadh. Thiocfadh leis preasagallamh a ghairm d’fhéadfaí an t-eolas a chur amach trí iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ina áit sin, tugadh an t-eolas d’iriseoir faoi leith atá, ar ámharaí an tsaoil, ina dhlúthchara de chuid an Aire. rud éigin i bhfad ró-theolaí faoi seo. B’fhéidir go ndearna Sam Smyth iarratas foirmiúil ar an eolas seo; ach bhfuil an fhianaise? An bhfuil ceart cóir go dtabharfaí fabhar faoi leith , mar go bhfuil mór leis an Aire, agus go mbeadh slán ón ghnáthpháipéarachas a bhaineann lena leithéid d’iarratas? Ceist oscailteachta agus trédhearcachta atá ann!

Chonaic muid le déanaí i gcás an íde béil a thug do Richard Bruton gurb í an chosaint is fearr a bhíonn ag an Aire McDowell dul ar an ionsaí. B’amhlaidh an cás leis an scéal seo. I ráiteas a eisíodh ar a shon dúradh: “The Minister eagerly awaits TG4’s investigation of the activities of those people who travelled to Colombia”. freagra glic air seo ar ndóigh, is é sin go mbeimid breá sásta a leithéid a dhéanamh ach eisean a chuid eolais rúnda a roinnt linne seachas le Sam Smyth! Ach ceisteanna go leor nár freagraíodh fós.

Mar a tharlaíonn , achomharc déanta ag The Sunday Tribune chuig Coimisinéir na Faisnéise faoi iarratas eile faoin Acht um Shaoráil a rinne siadsan ar an ábhar céanna. Ina gcás siúd, bhíothas ag lorg cóipe den ghrianghraf a bhí istigh leis an iarratas bréige a líomhnaítear a rinne Frank Connolly ar phas. Cuimhnímis go séanann Connolly gurb é féin atá sa ghrianghraf agus nár tugadh ach fótachóip mhíshoiléir do Sam Smyth a bhí méadaithe go tomhas A4. Dhiúltaigh an Roinn cóip den ghrianghraf a thabhairt don Tribune.

Cinneadh an-tromchúiseach ab ea é seo mar go léiríonn nach dócha go scaoilfí an buneolas faoin iarratas bréige amach ndéanfaí é a lorg tríd an bhealach oifigiúil atá leagtha amach ag an Stát. íoróin nach beag ag baint leis seo: tugadh neart eolais don nach bhfuil aon taifead ar fáil iarratas ach níor tugadh a dhath don a chuir iarratas oifigiúil faoi bhráid na Roinne! mugadh magadh déanta ag an Aire, dar liom, don chóras seo mar gur léirigh gurbh fhearr i bhfad cara sa chúirt dul trí phróiseas fadálach, costasach.

I dtuilleamaí an chórais

Is beag ball den chosmhuintir a bhfuil teacht aige ar chara sa chúirt. mór dóibh siúd dul i dtuilleamaí an chórais, fiú más lochtach an córas é. Is léir, áfach, go raibh cnámh lom na fírinne á hinsint ag an Ombudsman nuair a dúirt nach bhfuil an tAcht um Shaoráil Faisnéise ag feidhmiú faoi mar a bhíothas ag súil go n-oibreodh nuair a achtaíodh é. Léiríonn figiúirí a d’eisigh an Roinn Airgeadais anuraidh nach ndearnadh ach 12,600 iarratas faoin Acht sa bhliain 2004 le hais an 18,400 an bhliain roimhe sin. Thit líon na n-iarratas a tháinig ó iriseoirí ó 2,392 i 2003 go 882 i 2004.

an iliomad cúiseanna leis seo. Ón bhliain 2003 ar aghaidh táillí á ngearradh ar an phobal agus tionchar nach beag aige seo ar an titim, dar liom. Níl aon dabht ach go gcuireann an tAcht go mór leis an ualach oibre a bhíonn ar dhaoine áirithe sna rannóga stáit. Mura ngearrfaí táillí ar na hiarratasóirí, d’fhéadfaidís a bheith ag cuardach agus ag fótachóipeáil go Sheoin Dic le hiarratais fhánacha, mhíréasúnta a shásamh. Ach bíonn cuid de na táillí as cuimse ard agus de réir mo bharúlsa baintear úsáid astu lena chinntiú go mbeidh drogall ar dhaoine tabhairt faoina mhacasamhail d’iarratas arís.

Gearradh táille de os cionn €500 ormsa le gairid, nár tugadh an t-eolas a bhí uaim dom agus gur maíodh go mbeadh siad ábalta eolas ba theoranta a chur ar fáil gan mórán stró. Níl aon amhras nach mbeadh d’acmhainn ag baill den phobal ag iriseoirí ó chomhlachtaí beaga táillí den chineál sin a íoc. a fhios go maith ag cuid de na feidhmeannaigh a bhíonn ag plé leis an Acht gurb amhlaidh an cás agus baintear mí-úsáid as táillí dar liom lena n-ualach oibre a laghdú.

Lena chois sin, cuid de na fiacail bainte ón Acht. Cuireadh ar bun é an chéad riamh lena chinntiú go mbeadh oscailteacht ag baint leis na cinntí a dhéantar sa státchóras. Ach is constaicí iad cuid de na leasuithe atá tagtha ar an Acht le déanaí ar an oscailteacht seo. Ó 2003 anall, mar shampla, táthar ag diúltú eolas a chur ar fáil faoi chinntí a dhéanann airí rialtas. Anuas air sin, tabharfar díolúine de os cionn leathchéad comhlacht poiblí óna gcuid dualgas i leith an Achta. Níl ansin ach an creimeadh is déanaí atá déanta ar an Acht le blianta beaga anuas. Is mithid do Choiste Airgeadais an Oireachtais, atá ag cíoradh na ceiste seo faoi láthair, iarracht a dhéanamh stop a chur leis an mhaolú seo. Caithfidh siad croí na faidhbe a aimsiú agus muinín an phobail san Acht a fháil ar ais. Le sin a chur i gcrích, beidh orthu dul i ngleic le go leor státseirbhíseach drogallach agus a ndúshlán a thabhairt.

Níor mhiste tosú leis an Aire Dlí is Cirt.

Is clár-eagarthóir le Nuacht TG4 é Breandán Delap. cónaí air sa Spidéal.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.