378
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Is de shliocht Éireannach é William Cunningham, duine de na comhairleoirí is tábhachtaí atá ag Méara Nua-Eabhrac, Mike Bloomberg. Dúshlán a bheas ann dó na hÉireannaigh a spreagadh le vótáil don mhéara sa chéad toghchán eile, áfach, dar le Tom Deignan.
»»»Is iad na Sínigh an grúpa mionlaigh is mó sna sé chontae. Mar a mhínigh duine den phobal sin do Liz Curtis, áfach, tá go leor de mhuintir Bhéal Feirste doicheallach go maith rompu.
»»»Bhí go leor de phobal na Spáinne i gcoinne an chogaidh san Iaráic ach níor mhaolaigh sin ar thacaíocht an Phríomh-Aire Aznar d’ionradh na Breataine agus na Stát Aontaithe. Tuairisc ó Carmen Rodríguez.
»»»“Antaine,” a deir sé, “tá scéala agam duit. Ní chreidfidh tú é. Tá Ceol le dúnadh!” “Huh? Tá tú ag magadh!” “Nílim. Tá sé le dúnadh - ag deireadh na bliana, sílim.”
»»»Seo scéal as [i]Hormóin! agus Scéalta Eile[/i] (Comhar) le Pól Ó Muirí. Tá an leabhar dírithe ar dhéagóirí óga agus ar fhoghlaimeoirí fásta.
»»»Tá an t-uafás ceoil le fáil ar an idirlíon anois, cé go bhfuil srianta áirithe i gceist, i gcás chóras Apple, mar shampla. Tuairisc ó Dhiarmaid Mac Mathúna.
»»»Féachann Uinsionn Mac Dubhghaill leis na buaiteoirí in olltoghchán an 17 Bealtaine a thuar.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Cormac Ó hAodha, Oisín Seirbhísí Comhairle Teanga Teoranta, Cúil Aodha, Contae Chorcaí.
»»»Bronnadh Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta 2004 ar Celia de Fréine an mhí seo caite dá cnuasach filíochta Fiacha Fola. Luach €5,000 atá ar an duais seo agus is é Údarás na Gaeltachta urra an Ghradaim. Scannal an Heipitítis C atá faoi chaibidil sa tsraith dánta sa chnuasach. Seo thíos dhá cheann acu.
»»»Measann Colm Mac Séalaigh go bhfuil sé in am ag údaráis an Chumainn Lúthchleas Gael dul i ngleic le fadhb an mhí-iompair i measc na n-imreoirí idirchontae.
»»»Déanann Colm Ó Snodaigh cur síos ar cheithre huaire is fiche an-fhuadrach ina shaol an mhí seo caite.
»»»Tugann na meáin in Éirinn neamhaird ar leabhair nua Ghaeilge de ghnáth ach tá an comhlacht Gaelchultúr chun tús a chur le comórtas ar a shuíomh nua, ClubLeabhar.com, chun dul i ngleic leis an fhadhb seo. Míníonn Stiúrthóir Oideachais an chomhlachta, Éamonn Ó Dónaill, cén dóigh ar féidir le daoine páirt a ghlacadh sa chomórtas.
»»»Geofair scéal Mhuintir Endorois na Céinia san alt seo le Alan Desmond, scéal na héagóra. D’fhéadfadh Aontas na hAfraice cor chun feabhais a chur ina scéal go fóill.
»»»Caitheann Majella Ní Dhomhnaill súil ar ghné de shaol an duine óig in Éirinn, an dearcadh coiteann a tholg go leor le linn ghnóthú saibhris na nóchaidí agus tús an chéid. Ar cailleadh mianach agus tréithre daonnachta le scór bliain anuas agus an athshealbhófar an t-aos óg an daonnacht anois d’uireasa an Tíogair?
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.