CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
Eachtraí Aoibhne

Seo scéal as [i]Hormóin! agus Scéalta Eile[/i] (Comhar) le Pól Ó Muirí. Tá an leabhar dírithe ar dhéagóirí óga agus ar fhoghlaimeoirí fásta.

Íomhá
i D’éirigh Aoibheann go luath maidin Dé Sathairn. Chuir sí uirthi a cuid éadaí go gasta. Bhí deifir uirthi; bhí deifir mhór uirthi. Rith sí síos an staighre agus isteach
Íomhá
Íomhá
Íomhá

sa chistin. Bhí a hathair ag léamh an nuachtáin. D’amharc sé uirthi agus iontas air. “Tá tú i do shuí go luath,” a dúirt sé. Níor thug Aoibheann freagra air láithreach. “Hm?” a dúirt sí agus í idir dhá chomhairle: an mbeidh tósta nó croissant agam? “Tá tú i do shuí go luath, a dúirt mé,” arsa a hathair. “Tá,” a dúirt Aoibheann, “tá an ceart agat; tá mé i mo shuí go luath.”

Lig a hathair osna; bhí Aoibheann ag dul a bheith ciotach inniu. D’ól sé braon as a chupán tae agus labhair arís: “Cad chuige a bhfuil tú i do shuí go luath?”

“Tá mé ag máirseáil,” a dúirt Aoibheann agus í ag cur aráin sa tóstaer. Chuir a hathair an nuachtán síos ar an tábla. Bhí cuma mhíshásta air. “Tá tú ag máirseáil,” a dúirt sé, “bhuel, tá sin iontach spéisiúil. Abair seo liom: cé a thug cead duit dul ag máirseáil; cén fáth go bhfuil tú ag máirseáil agus cá háit a mbeidh tú ag máirseáil – má thugtar cead duit ar chor ar bith.”

D’aithin Aoibheann go raibh fearg air. D’aithin sí gur tháinig athrú ar a ghlór nuair a bhí fearg air. Chuir sé a chuid fiacla le chéile agus d’éirigh a ghlór géar. Léim an tósta aníos as an tóstaer. D’amharc Aoibheann ar an tósta agus d’amharc sí ar a hathair. Bhí sé ag stánadh uirthi. “Bhuel?” a dúirt sé agus a chuid fiacla fite fuaite ina bhéal. “Bhuel? An bhfuil freagra agat ar mo cheisteanna simplí?”

Rinne Aoibheann moill bheag sular labhair sí. “Ná héirigh feargach,” a smaoinigh sí léi féin, “má éirím feargach, éireoidh daid feargach agus ní bheidh máirseáil nó máirseáil ann.”

Thóg sí píosa tósta, chuir ar phláta é agus shuigh síos ag an tábla. Thóg sí scian agus chuir rud beag ime ar an tósta. “Bhuel,” a dúirt sí, “is é an rud a ba mhaith liom a dhéanamh dul ag máirseáil inniu. Sin an fáth gur éirigh mé go luath.”

“Tá tú ceithre bliana déag d’aois,” a dúirt a hathair, “ní gnó déagóra é dul ag máirseáil.”

“Tá ceithre bliana déag sean go leor,” a dúirt Aoibheann, “agus tá an léirsiú seo tábhachtach.”

“Léirsiú atá anois ann,” a dúirt a hathair, “Léirsiú! Dúirt tú gur ag máirseáil a bhí tú. Ní hionann léirsiú agus máirseáil.” Bhí a ghlór ag éirí níos géire.

“Máirseáil agus léirsiú le chéile atá ann,” a dúirt Aoibheann, “agus tá sé tábhachtach.”

“Cén fáth go bhfuil tú ag dul ag máirseáil?” a dúirt a hathair arís.

Thuig Aoibheann nach raibh rogha ar bith eile aici; bhí uirthi an fhírinne a insint.

“Tá mé ag máirseáil in aghaidh an chogaidh san Iaráic,” a dúirt sí. Labhair sí chomh ciúin sin gur ar éigean a chuala a hathair í.

“Abair sin arís. Cogadh?” a dúirt sé. Chorraigh sé ina chathaoir. Droch-chomhartha é sin, a dúirt Aoibheann léi féin, tá sé ag éirí tógtha anois. Má éiríonn sé tógtha, éireoidh sé feargach ar ball.

“Tá mé ag máirseáil in aghaidh an chogaidh san Iaráic,” a dúirt sí. “Níl an cogadh cothrom. Ní thacaím leis,” a dúirt sí chomh muiníneach agus a thiocfadh léi.

Stán a hathair uirthi. Níor chorraigh sé. Stán Aoibheann ar an tósta; ní raibh ocras uirthi:

“Ní ligfidh sé dom dul ag máirseáil.” D’amharc sí ar a hathair; bhí sé ag stánadh uirthi go fóill.

“Cé atá ag dul leat?” a d’fhiafraigh sé di sa deireadh.

“Cairde ón rang,” a dúirt Aoibheann, “tá scaifte againn ag dul. Buailfidh muid le chéile agus rachaidh muid ar an mháirseáil le chéile.”

“An mbeidh do ghuthán póca leat?”

“Beidh.”

“Ní bheidh sibh ag dul faoi scairt asail de theach tábhairne?”

“Ní bheidh.”

“Tiocfaidh tú abhaile láithreach má bhíonn aon trioblóid ann?”

“Tiocfaidh.”

“Tiocfaidh tú abhaile chomh luath agus a bheidh an mháirseáil thart?”

“Tiocfaidh.”

“Ní bheidh baint ná páirt agat le strainséirí?”

“Ní bheidh.”

“Maith go leor,” a dúirt a hathair sa deireadh, “tá cead agat dul.”

Stán Aoibheann air agus dúirt go héiginnte: “Tá cead agam dul?”

“Tá,” a dúirt a hathair, “tá muinín agam asat. Is duine ciallmhar tú. Tig leat dul – ach bí cúramach.”

ii

Tháinig Aoibheann abhaile ón mháirseáil an tráthnóna sin agus sceitimíní uirthi.

“Cad é mar a bhí an ócáid?” a d’fhiafraigh a hathair di.

“Bhí lá ar dóigh agam,” a dúirt Aoibheann, “bhí na mílte duine i láthair. Bhí ceol ann agus óráidí. Bhí sé chomh callánach sin. Tá áthas orm gur ghlac mé páirt ann; tá áthas orm go raibh mé ann. B’iontach an mháirseáil í.”

“Agus ní raibh trioblóid ar bith ann?”

“Ní raibh, a dhaid, ní raibh trioblóid ar bith ann. Bhí gach aon duine iontach caradach le chéile. Lá ar dóigh a bhí ann,” a dúirt Aoibheann.

Bhí sí sáite sna tuairiscí teilifíse an oíche sin. Stán sí ar na mílte duine ag siúl na sráideanna agus smaoinigh sí léi féin: “Tá mise ina measc. Shiúil muid uilig le chéile ar son na síochána.”

Léigh sí gach tuairisc nuachtáin faoin léirsiú. Bhí díomá uirthi go raibh cuid de na hiriseoirí chomh fuar sin san ócáid. Leoga, bhí cuid acu maslach ar fad. Shocraigh sí litir a scríobh chun na nuachtán ag míniú cad chuige a ndeachaigh sí féin ag máirseáil. Cheannaigh sí na nuachtáin ar fad an tseachtain sin ach níor fhoilsigh ceann ar bith acu a litir. Bhí díomá uirthi arís ach níor chaill sí a misneach.

Tháinig an Satharn arís agus d’éirigh sí go luath arís. Bhí a hathair sa chistin arís. “Ná habair liom go bhfuil tú ag máirseáil an tseachtain seo arís?” a dúirt sé agus iontas ina ghlór.

“Tá mé,” a dúirt Aoibheann agus fios aici nach stopfadh a hathair í an iarraidh seo.

“An ag máirseáil ar son na síochána san Iaráic atá tú?” a d’fhiafraigh sé.

“Ní hé. Tá mé ag máirseáil ar son daoine ocracha an domhain. Beidh mé ar ais in am don dinnéar. Slán,” a dúirt sí. Stán a hathair ar an doras agus í ag fágáil. Bhí a iníon iontach dáiríre faoi na cúiseanna seo agus chuir sin a sheacht n-iontas air.

Tháinig Aoibheann ar ais an tráthnóna sin. Bhí sí tógtha arís faoin ócáid agus bhí mórán bileog eolais aici.

“An raibh tairbhe ar bith ann?” a d’fhiafraigh a hathair di.

“Bhí,” a dúirt sí. Stán sí ar an nuacht teilifíse an oíche sin ach focal faoin léirsiú ní raibh ann. Léigh sí na nuachtáin an tseachtain ina dhiaidh sin. Rinne siad neamhiontas iomlán den ócáid. Bhí díomá uirthi agus fearg. Scríobh sí arís chun na nuachtán. “Ní ligfidh mé dóibh neamhiontas a dhéanamh de seo,” a dúirt sí. Chuir sí an litir chucu ar an ríomhphost. Léigh sí gach nuachtán an tseachtain ina dhiaidh sin. Níor fhoilsigh ceann ar bith acu a litir. Bhí díomá uirthi. Ba mheasa ná díomá é; bhí lionn dubh uirthi. Ní raibh sí ag déanamh difear ar bith. Níorbh fhiú dul ag máirseáil; níorbh fhiú scríobh chun na nuachtán; níorbh fhiú an tairbhe an trioblóid. Bhí sí ag cur a cuid ama amú.

iii

Tháinig an Satharn arís. D’éirigh Aoibheann go drogallach agus chuaigh isteach sa chistin. Chonaic a hathair go raibh smúid uirthi. “Cad é atá ort?” a d’fhiafraigh sé.

“Níl tada orm,” a dúirt sí go brónach.

“Tá rud éigin ort, is léir,” a dúirt sé. “Cad é atá ort? Abair liom. Suigh agus labhair liom.”

Shuigh Aoibheann go drogallach; bhí pus uirthi.

“An Satharn atá ann. An bhfuil tú ag dul ag máirseáil?” a d’fhiafraigh a hathair go cineálta.

“Tá léirsiú ann ach ní dóigh liom go rachaidh mé,” a d’fhreagair sí.

“Cad é an chúis atá ann an iarraidh seo?” a dúirt daid.

“Cearta páiste a chosaint,” a dúirt sí i mbeagán focal.

“Tá sin tábhachtach,” a dúirt a hathair.

“Tá,” a dúirt Aoibheann.

“Cad chuige nach bhfuil fonn ort dul an iarraidh seo?” a d’fhiafraigh daid di.

Stán Aoibheann ar an tábla. “Ní fiú,” a dúirt sí.

“Ní fiú cearta páiste?” a dúirt a hathair.

“Ní hé sin é,” a dúirt sí, “ní fiú máirseáil. Ní fiú léirsiú. Ní dhéanann sé difear ar bith do na cúrsaí seo. Tá cogadh san Iaráic; tá daoine ag fáil bháis den ocras. Cad é an difear a rinne sé do dhuine ar bith mise bheith ag máirseáil?”

“Tuigim,” a dúirt a hathair. Thost sé tamall beag. “Á, bhuel,” a dúirt sé. D’éirigh sé agus chuir sé air a chóta.

“Cá bhfuil do thriall?” a d’fhiafraigh Aoibheann de.

“Tá mise ag dul ag máirseáil,” a dúirt a hathair léi. “Rinne do mháirseáil ar fad difear mór domsa.”

As Béal Feirste ó dhúchas é Pól Ó Muirí agus tá sé ag obair mar Eagarthóir Gaeilge leis an *Irish Times. Tá altanna scríofa aige do réimse leathan foilseachán agus is léirmheastóir, file agus gearrscéalaí é chomh maith.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.