CÚINNE NA nEALAÍON
Tugtha traochta ach sona sásta
Colm Ó Snodaigh Colm Ó Snodaigh

Déanann Colm Ó Snodaigh cur síos ar cheithre huaire is fiche an-fhuadrach ina shaol an mhí seo caite.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Kíla agus Oki ar an stáitse le chéile
Íomhá
Rónán Ó Snodaigh agus Oki le chéile

Ar an dara lá is fiche den mhí seo caite sheol mo ghrúpa, Kíla, albam nua. Oíche álainn in Amharclann Bewleys ar Shráid Grafton i lár chathair Bhaile Átha Cliath agus an ghrian ag damhsa ar an gcosán lasmuigh. Albam lán le spraoi. Albam a thaifead muid le hOki, fear ón gcine Ainu i dtuaisceart na Seapáine.

Thosaigh an lá go luath.

6.15 a.m. – An clog ag screadach orm. DÚISIGH!

6.30 a.m. – Tuirse agus tae ag iomrascáil laistigh díom.

6.50 a.m. – Cathal, ár dtiománaí, tagtha. Isteach linn (mise, Rossa agus Oki) sa charr agus as go brách linn go domhan na soilse lonracha i stiúideo TV3 ar eastát tionsclaíochta Ballymount.

7.10 a.m. – Cén fáth go bhfuil gach duine anseo chomh deas? Tá sé róluath! Slogann muid an caife siar agus alpann muid na muffins go craosach.

Caithfidh mé a mhíniú anseo go rabhamar ar an mbóthar go leanúnach le coicís roimhe seo agus go rabhamar díreach tar éis filleadh ó dheireadh seachtaine de ghigeanna i Sasana. Bhí Oki mar an gcéanna.

7.12 a.m. – Searbhas Bhleá Cliathach Chathail ár gcoinneáil inár ndúiseacht.

7.45 a.m. – Smideadh leis na línte timpeall ar mo shúile a cheilt.

8.00 a.m. – Isteach chuig an stiúideo. Maura Derrane agus Mark Cagney – na láithreoirí – lán le sprid na maidine agus de mholadh don cheirnín. An-spéis acu ina uirlis, an* tonkori*. Tús maith!

8.13 a.m. – Oki faoi lán seoil. Cad é an ní is fearr leis faoi Éire? Guinness! I gcónaí ag pleidhcíocht!

8.17 a.m. – Bia donn. Ispíní donna, bagún donn, tosta donn, tae donn, caife donn, trátaí donna, arán bán!

9.30 a.m. – Codladh orainn uilig. Amach chuig teach Ram le Dee agus Rónán a bhailiú.

10.45 a.m. – Ar ais sa stiúideo le leagan den “Last Mile Home” a thaifeadadh do chlár cultúir TV3.

11.52 a.m. – Críochnaithe. An cheist chéanna ag gach éinne: Conas a mhairfidh muid go deireadh an lae?

I dTóiceo a bhuaileamar le hOki den chéad uair. Buachaillín báire. Fear grinn. Ceoltóir den scoth.

Roinn sé stáitse linn agus gan ach fíorbheagán de réamhchleachtadh déanta againn – sheinn sé dhá phíosa linn. Níos suntasaí, áfach, sheinn sé féin agus a bhanna ceolchoirm iomlán le Rónán agus Dee cúpla oíche roimhe sin. Bhí ceangal déanta.

12.45 p.m. – An oifig sroichte, dlúthdhioscaí, póstaeir, cuirí, na glaonna deiridh.

1.30 p.m. – Síos go Bewleys le Tom (ár bhfear fuaime) agus Cathal leis an trealamh uilig. Turas trí chreatlach an chaife leis an amharclann a shroichint. Fós tuirseach ach faoin dtráth seo is cuma.

An bhliain seo caite tugadh cuireadh dúinn ceolchoirm a eagrú d’Fhéile Chultúrtha Dhún Laoghaire. Dúradh linn cuireadh a thabhairt do cheoltóir a roinnfeadh an oíche linn agus roghnaíomar Oki. Tháinig sé trasna agus rinneamar seachtain cleachtaidh leis. Bhíomar iontach sásta leis an gceolchoirm.

Bhí taifeadadh déanta againn den oíche agus bhí sé beagnach maith go leor le heisiúint mar albam beo ach chinneamar ar albam stiúideo a dhéanamh ina ionad – bhíomar cinnte go raibh breis le fáil as na píosaí ceoil.

3.10 p.m. – Bean ón Sunday Business Post ag déanamh agallaimh le Rónán agus Oki. Mé buíoch nach gá domsa é a dhéanamh. Faic i mo cheann faoi láthair.

4.00 p.m. – Mo sheans le Conor O’Hara. É ag obair don Irish Music Magazine. Meascadh an t-albam faoina árasán i mBaile na Manach. Caint éasca agus Eoin inár dteannta.

4.15 p.m. – Seiceáil fuaime. Tom sásta! Is gá go mbeadh Tom sásta. Le himeacht na mblianta, tá mé ag tuiscint níos mó agus níos mó an méid atá muid ag brath ar Tom agus a mhéara agus a chluasa draíochta.

4.30 p.m. – Spíonta!

I mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite, chuireamar ar fáil an chéad chuid den obair seo nuair a d’eisíomar leagan úr de “Tóg é go Bog” mar shingil. Ní hamháin go raibh an leagan a sheinneamar le hOki ann ach bhí leagan eile ann a dhein DJ Seapánach, Sakana, a athmheascadh ar ár son. Singil gleoite, fiú más mé féin atá á rá!

6.00 p.m. – An-chuid daoine tagtha isteach. Cairde ag tabhairt an chéad deis dá bpáistí éisteacht le ceol beo. Muintir an phreas ag cabaireacht agus ag glacadh grianghraf.

6.47 p.m. – Seinnt agus seoladh. An t-am éalaithe uaim go ró-thapaidh. Róghairid mar cheolchoirm.

7.30 p.m. – Tuigim go bhfuil orainn a bheith imithe as seo faoina hocht. Is pian sa tóin é fear an dorais – níor lig sé do dhaoine teacht isteach – gobshite! Smál ar oíche a bhí go hálainn go dtí seo.

8.10 p.m. – Hank Wedel, Meirichorcaíoch, ag cuidiú linn an trealamh a bhogadh. Muid uilig buíoch as an gcabhair.

8.55 p.m. – Sroichim Club an Chonartha. Níl mórán fuinnimh fágtha agam. Cúrsaí amhlaidh i gcás Oki. Fonn leapa air.

9.55 p.m. – Éalaíonn muid agus ar ais chun an tí le sleamhnú isteach sa leaba. Oki ag filleadh amárach agus sinne ag taisteal go Dún na nGall.

6.15 a.m. – An clog ag screadach orm. DÚISIGH!

6.20 a.m. – Oki le dúiseacht le go dtógfadh Cathal é go RTÉ le Rossa agus Eoin.

Uair an chloig breise agam féin chun néal codlata eile a fháil. Oíche mhaith.

Tá tuilleadh eolais le fáil mar gheall ar Oki ag www.tonkori.com

Tá albam Kila agus Oki le ceannach ar www.kila.ie

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.