AR NA SAOLTA SEO
Muintir Endorois
Alan Desmond Alan Desmond Alan Desmond

Geofair scéal Mhuintir Endorois na Céinia san alt seo le Alan Desmond, scéal na héagóra. D’fhéadfadh Aontas na hAfraice cor chun feabhais a chur ina scéal go fóill.

Íomhá
An Scoiltghleann (NASA a tharraing, ar Vicipeid)
Íomhá
Loch Bogoria (Irena a tharraing ar picasaweb)
Íomhá
Sa Chéinia (Bernard a tharraing ar picasaweb)

Tá Loch Bogoria, ceann de lochanna an Scoiltghleanna, tuairim is 250 ciliméadar siar ó thuaidh as Nairobi, príomhchathair na Céinia. Is sa loch seo atá an líon is mó teasán san Afraic agus tá cáil leitheadach ar an áit as a foinsí teo agus as an fiadhúlra atá le feiceáil ann. Is anseo, cuirim i gcás, a sheadaíonn lear mór lasairéan beag ag amanna áirithe den bhliain.

Rinneadh Anaclann Dúlra de Loch Bogoria is den cheantar máguaird i 1973 d’fhonn airgead a thuilleamh don Stát agus tá turasóirí á dtarraingt ann ag áilleacht nádúrtha na háite ó cheann ceann na bliana ó shin i leith. Rud amháin is féidir le fámairí chun na hAnaclainne a dhéanamh ná cuairt a thabhairt ar ghnáth-shráidbhaile Endorois a atógadh ar son na turasóireachta. Chomh maith leis sin, bíonn deis daoine Endorois a fheiceáil agus rincí traidisiúnta dá gcuid á gcur i láthair.

Rud nach mbeidh ar eolas ag an ngnáth-thurasóir, áfach, ná nach ligtear do na rinceoirí sin cónaí sa sráidbhaile atógtha, ná in aon áit eile san Anaclann Dúlra arbh í áit chónaithe na nEndorois í go dtí 1973.

Lámh Láidir an Stáit

Tháinig fórsaí slándála na Céinia maidin amháin sa bhliain 1973, gunnaí is sorcóga deorgháis ar iompar acu, go dtí an áit timpeall ar Loch Bogoria ina mbíodh na hEndorois ag maireachtáil leis na cianta cairbreacha. Faoi cheann cúpla lá, bhí tuairim is 60,000 den mhionlach eitneach seo ruaigthe amach as a dtailte sinseartha.

Ní hí an Chéinia an t-aon tír amháin san Afraic ina bhfuil a leithéid d’éagóir déanta ar phobail dhúchais, áfach. Áirítear go bhfuil suas le leathmhilliún duine ar fud na mór-roinne díbrithe as talamh a sinsear ag rialtais atá ag iarraidh an méid airgid agus is féidir a fháscadh as tionscal na turasóireachta.

Ba gan choinne a díshealbhaíodh na hEndorois agus cé gur gealladh dóibh go n-íocfaí cúiteamh leo, níor tharla sé sin go fóill. De dheasca an choigistithe a rinne rialtas na Céinia, chaill na hEndorois a n-áit chónaithe, a dtalamh inír is a mbeostoc. Ba ar aoireacht bó is gabhar is ar an mbeachaireacht a bhí siad ag maireachtáil ar feadh na gcéadta bliain. Tá saol suarach á chaitheamh ag an bpobal Endorois ó shin i leith, ar stiallacha de thalamh breacthur ar chladach an locha.

Saol Suarach

Tá na hEndorois seo beo bocht dar leis an Minority Rights Group agus níl ar chumas an-chuid díobh íoc as oideachas ná as seirbhísí eile. Níl aibhléis acu agus d’fhonn uisce reatha is bia fóirithinte a fháil, caithfidh siad achar fada a shiúl. Níl teacht acu ar na coirteacha, na fréamhacha ná ar na luibheanna atá le fáil timpeall an Locha is a mbainidís úsáid astu mar mhíochaine. Ní hionadh mar sin gur chun olcais atá sláinte na ndaoine seo ag dul.

Anuas air sin, bíonn dhá scór ciliméadar le siúl ag an leanbh a dteastaíonn oideachas uaidh, rud a fhágann nach líonmhar é slua na nEndorois óg a gcuirtear scolaíocht orthu.

Díreach mar atá sé i gcás aon mhionlach eitneach eile san Afraic a ndearnadh díshealbhú orthu, níl rochtain ag na hEndorois ar reiligí a sinsear is níltear in ann adhradh a dhéanamh, ná deasghnátha creidimh a chomóradh, ag na hionaid is naofa leo.

Dóchas an Dlí

léaró dóchais ag an mionlach mí-áidh, áfach. Mar a dhéantar go minic nuair a fhulaingítear éagóir, chuathas i muinín an dlí. I 1998 rinne an Centre for Minority Rights Development, i dteannta cúpla eagraíocht eile cosúil leis an Minority Rights Group, cás a thógáil i gcoinne a ndíshealbhaithe. Níor ghlac cúirteanna na Céinia leis an gcaingin a rinneadh ar son na nEndorois. Dar leis an Ard-Chúirt, níor chóir don dlí úinéireacht talún a aithint mura mbíonn i gceist ach úinéireacht bunaithe ar chearta cultúrtha nó ar lonnaíocht stairiúil. Thairis sin, rialaigh an Chúirt nach bhféadfadh na hEndorois úinéireacht chomhair a bheith acu ar an talamh a bhí i gceist toisc nach bhfuil féiniúlacht cheart, dar leo, ag an ngrúpa. Ba dhaoine aonair iad seachas dream faoi leith i dtuairim na Cúirte.

Níor bhain sin an ghaoth de mhuintir Endorois ná dá lucht tacaíochta, áfach. I 2003 cuireadh an cás faoi bhráid Choimisiún na hAfraice um Chearta an Duine agus um Chearta Pobal (ACHPR). Tá an foras dlíthiúil seo bunaithe sa Ghaimbia is cuireadh ar bun é chun monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Cairte um Chearta an Duine agus um Chearta Pobal san Afraic, conradh cearta daonna, ar céim mhór chun cinn é, a dhaingnigh an Chéinia i 1992.

I gcinneadh a rinne an ACHPR anuraidh is a d’fhaomh Aontas na hAfraice níos luaithe i mbliana, glacadh leis gur sháraigh rialtas na Céinia cearta an phobail dhúchais Endorois nuair a díshealbhaíodh iad chun anaclann dúlra a chur ar bun.

Is fasach tábhachtach dlí é seo mar gurb é an chéad uair san Afraic ar aithníodh cearta pobal dúchais ar an talamh a raibh seilbh le hoidhreacht acu air. Chomh maith leis sin, ar ndóigh, glactar leis sa chinneadh gur pobal eitneach faoi leith iad na hEndorois.

Filleadh ar an bhFód Dúchais

Fasach eile a bhí i gcinneadh an ACHPR ná tuairim an Choimisiúin go bhfuil ceart ag pobail dhúchais chun forbartha is gur sáraíodh ceart na nEndorois chun forbartha. Dar leis an gCoimisiún, ba chóir do rialtas na Céinia talamh oiriúnach inír eile a chur ar fáil nó cúiteamh a thabhairt don phobal Endorois i ndiaidh dóibh a bheith curtha as seilbh, rud nach ndearnadh, ar ndóigh. Rud amháin eile a d’áitigh ar an ACHPR, go raibh ceart na nEndorois chun forbartha sáraithe ag rialtas na Céinia ná nach ndeachthas i gcomhairle leis an bpobal dúchais faoin athrú ábhalmhór a rinneadh ar a n-áit dúchais sna seachtóidí.

D’ordaigh an ACHPR do rialtas na Céinia tailte a sinsear a thabhairt ar ais do na hEndorois is an éagóir atá á déanamh orthu le beagnach dhá scór bliain anuas a chúiteamh leo. Tá sé seo le déanamh faoi cheann trí mhí. Má dhéanfar é, cá bhfios nach dtairbheofar do na céadta míle duine eile timpeall na hAfraice atá ar díbirt as a dtailte dúchais?

Naisc: Físeán http://www.youtube.com/watch?v=wwHaeY5OTFMhttp://www.youtube.com/watch?v=rqZS5qAqr9wFíseáin go leor anseo http://hub.witness.org/en/RightfulPlacehttp://www.witness.org/index.php?option=com_content&task=view&id=1015&Itemid=168http://www.minorityrights.org/6779/trouble-in-paradise/the-facts.htmlhttp://www.escr-net.org/http://www.minorityrights.org/7407/trouble-in-paradise/meet-the-endorois.htmlhttp://theroughguidetokenya.blogspot.com/2010/02/endorois-have-won-their-case.htmlhttp://www.youtube.com/watch?v=LuJ2Lkwafwk

Ceart an Duine http://www.dfa.ie/uploads/documents/Political%20Division/declaration%20on%20the%20rights%20and%20responsibilities-irish%20only.pdfhttp://ec.europa.eu/news/justice/0810071ga.htmAbhus http://www.ihrc.ie/fileupload/downloads/IHRCIRISH.pdfhttp://www.stmarys-belfast.ac.uk/aisaonad/comhaid/cearta.pdf

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.