CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
Fiacha Fola
Celia de Fréine Celia de Fréine Celia de Fréine

Bronnadh Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta 2004 ar Celia de Fréine an mhí seo caite dá cnuasach filíochta Fiacha Fola. Luach €5,000 atá ar an duais seo agus is é Údarás na Gaeltachta urra an Ghradaim. Scannal an Heipitítis C atá faoi chaibidil sa tsraith dánta sa chnuasach. Seo thíos dhá cheann acu.

cluichí oilimpeacha los angeles

Na comharsana uilig laistigh i mullach a dteilifíseán.

I ngan fhios dóibh an coinín bán béal dorais tar éis éalú isteach

inár ngairdín, an tAlsáiseach ó thart an coirnéal ar a thóir.

Mo rais ag síneadh thar mo ghéaga chomh fada lem mhuineál.

Má shroicheann sí m’aghaidh gheobhaidh mé bás. An ola

a mhol an dochtúir ag leá thar mo leabhar, Journal du Voleur.

Nuair a bheirim mo ghasúr tá súil agam nach mbeidh

craiceann gréisceach air nó uirthi agus nach ndéanfar gadaí de nó di.

Ná habair liom má éiríonn le John Treacy an staidiam a bhaint amach.

Nílim ag iarraidh bratach na hÉireann a fheiceáil ag guairfeach os a chionn

nó cogarnach de chaoincí Amhrán na bhFiann a chloisteáil.

scéal eile ó Shahrazad

Inseoidh mé scéal séimh suimiúil daoibh a chuirfidh draíocht san oíche.

Fadó, fadó in Éirinn leathadh tinneas aiféalach ar fud na tíre.

Chailltí go leor daoine is chaitheadh a muintir a saol á gcaoineadh.

Ach de réir a chéile forbraíodh córas leighis trí fhuil a dhiúgadh ó na slána agus a thál ar na heasláin.

Bunaíodh Bord Fola chun an córas seo a riar is a chinntiú nach dtruailleofaí na fiala

ina gcuirfí na táirgí fola i dtaisce. Ach d’éirigh oibrithe an Bhoird míchúramach

is bhris rialacha a bhí leagtha síos acu féin. Rinne ginidíní a mbealach isteach sna fiala

is ghlac cruth na ginide chucu féin. Thosaigh an Bord ag eisiúint fial truaillithe

is chlis an tsláinte orthu siúd ar ar táladh iad. Thug dochtúirí in ospidéil áirithe é seo faoi deara

is nuair a mhínigh siad é don Bhord tháinig mearbhall ar na hoibrithe.

Níor eisigh siad tuilleadh fial ach níor ghlaoigh siad ar ais ar na cinn siúd a bhí curtha amach cheana féin.

Luíodar ar sheilfeanna i gcófraí - sraitheanna ginidí a gcailleadh a gcroíthe buille

gach uair a d’osclaítí doras is a shíntí lámh isteach

sraitheanna ginidí ar bís le héalú ó na fiala is seilbh a ghlacadh ar na slána.

Cé gur séimh suimiúil an scéal é seo ní féidir é a chur i gcomparáid

leis an gceann a inseoidh mé daoibh san oíche amárach - más beo dom.

Is as Contae an Dúin ó dhúchas Celia de Fréine agus caitheann sí seal den bhliain i mBaile Átha Cliath agus seal i gConamara. I measc na ngradam liteartha atá faighte aici dá saothar go dtí seo, tá Duais Patrick Kavanagh 1994 agus Duais Aitheantais i gcomórtas Ghradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta 1999 dá cnuasach *Faoi Chabáistí is Ríonacha. Is é Fiacha Fola an dara cnuasach filíochta óna peann. Bhuaigh an dán “Cailís mo chuid Fola” ón gcnuasach Duais Smurfit / Lá do dhán Gaeilge i gComórtas Filíochta Samhain 2003. *

Gluais • Glossary

i mullach a dteilifíseánon top of their television sets

an tAlsáiseachthe Alsation

ar a thóirafter him

ag leámelting

gréisceachgreasy

bratachflag

ag guairfeachfluttering

caoincístrains

séimhgentle

leathadh tinneas aiféalacha lingering illness was spread

á gcaoineadhmourning them

na slánathe healthy

na heasláinthe sick

a riarto manage, administer

nach dtruailleofaí na fialathat the vials wouldn’t be contaminated

na táirgí folathe blood products

míchúramachcareless

ginidínígerms

cruth na ginidethe shape of the genie

mearbhallconfusion

a gcailleadh a gcroíthe buillewhose hearts would miss a beat

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.