AR NA SAOLTA SEO/AN EORAIP
Tacaíocht láidir Aznar don chogadh
Carmen Rodríguez Carmen Rodríguez Carmen Rodríguez

Bhí go leor de phobal na Spáinne i gcoinne an chogaidh san Iaráic ach níor mhaolaigh sin ar thacaíocht an Phríomh-Aire Aznar d’ionradh na Breataine agus na Stát Aontaithe. Tuairisc ó Carmen Rodríguez.

Íomhá
Príomh-Aire na Spáinne, Jose María Aznar, agus an tUachtarán George Bush le chéile, Texas, 21 Feabhra, 2003
Íomhá
Léirsiú i Maidrid i gcoinne an chogaidh san Iaráic, 15 Feabhra

Chuir sé iontas ar mhórán de mhuintir na Spáinne agus ar dhaoine ar fud an domhain cé chomh láidir is a bhí Jose María Aznar, Príomh-Aire na Spáinne, ar son an chogaidh san Iaráic agus cé chomh cairdiúil is a bhí sé le George Bush agus le Tony Blair.

Níl Aznar sásta leis an ról a bhí ag an Spáinn sa chomhthéacs idirnáisiúnta san fhichiú haois. Tá sé féin agus go leor ball den Partido Popular (Páirtí an Phobail) den tuairim go mbeadh guth níos láidre ag an tír dá mbeadh an rialtas sásta tacaíocht a thabhairt do pholasaithe na Stát Aontaithe. Ar an taobh eile den scéal, is cosúil go raibh Aznar cinnte go dtabharfadh an Fhrainc agus an Ghearmáin tacaíocht dó ag deireadh an lae. Dá dtarlódh sé seo, bheadh sé ábalta a rá go raibh an ceart aige on tús.

Is athrú suntasach é seo ar an gcaidreamh le tíortha iasachta a bhí ag an Spáinn le cúig bliana is fiche anuas. I rith na mblianta sin, bhí an rialtas níos mó ná sásta taobhú leis an bhFrainc agus leis an nGearmáin, tíortha a mhol go mór ballraíocht na Spáinne san Aontas Eorpach, rud a bhain sí amach sa bhliain 1986.

Mar sin, bhí Aznar ar son ionsaí a dhéanamh ar an Iaráic, ach fós mhaígh sé nach raibh aon athrú feiceálach ar pholasaí Eorpach na Spáinne, nó ar an gcaidreamh le tíortha Mheiriceá Theas, le Meicsiceo, nó leis na tíortha Arabacha. Mhínigh sé chomh maith go raibh sé fíorthábhachtach go mbeadh an Spáinn páirteach sa chogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta, mar b’in, dar leis, a bhí mar bhunús leis an ionsaí ar an Iaráic.

Ag an bpointe sin, bhí sé soiléir don saol mór nach fear é Aznar atá sásta éisteacht le tuairimí eile. Nuair a dúirt José Luis Rodríguez Zapatero, ceannaire an fhreasúra, sa Pharlaimint go raibh an rialtas ag tabhairt tacaíochta do chogadh mídhleathach agus go raibh sé ag cur leis an ngéarchéim sna Náisiúin Aontaithe, is é an freagra a thug Aznar air ná nach raibh an Páirtí Sóisialach ach ag iarraidh dochar a dhéanamh don rialtas.

Níor thug an Príomh-Aire aon aird ar na léirsithe móra in aghaidh an chogaidh a bhí ag siúl ar fud na tíre ar feadh dhá mhí, ach an oiread. Bhí go leor foréigin ar na sráideanna, íomhánna nach raibh le feiceáil ó bhí blianta deiridh dheachtóireacht Franco ann.

Bhí sé fíordheacair don chuid is mó de phobal na Spáinne glacadh leis go mbeadh Aznar páirteach le Bush agus Blair sa chruinniú sna hAzores i lár mhí an Mhárta, cúpla lá sular thosaigh an cogadh. Is cinnte gurbh é an Príomh-Aire an duine corr ar an ócáid sin, ós rud é nach raibh sé beartaithe ag rialtas na Spáinne trúpaí a chur amach go dtí an Iaráic.

Tríd is tríd, níl sé soiléir in aon chor cad atá bainte amach ag Aznar as a bheith chomh láidir sin ar son an chogaidh. Tá tráchtairí polaitiúla áirithe den tuairim go n-íocfaidh sé as sa chéad olltoghchán eile, a bheidh ar siúl an bhliain seo chugainn. Ach, is minic, áfach, go n-imíonn eachtraí conspóideacha den chinéal seo as cuimhne an phobail go han-tapaidh ar fad.

As Galicia sa Spáinn ó dhúchas í Carmen Rodríguez agus tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath le beagnach cúig bliana anuas. Tá céim sa Nua-Ghaeilge agus sa tSean-Ghaeilge aici ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.