CÚINNE NA nEALAÍON
Comórtas nua á thosú ag ClubLeabhar.com agus ag Beo!
Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill

Tugann na meáin in Éirinn neamhaird ar leabhair nua Ghaeilge de ghnáth ach tá an comhlacht Gaelchultúr chun tús a chur le comórtas ar a shuíomh nua, ClubLeabhar.com, chun dul i ngleic leis an fhadhb seo. Míníonn Stiúrthóir Oideachais an chomhlachta, Éamonn Ó Dónaill, cén dóigh ar féidir le daoine páirt a ghlacadh sa chomórtas.

Íomhá
Sean-Phádraic
Íomhá
Pádraic Ó Conaire - Rogha Scéalta

Tá tús á chur le comórtas ar ClubLeabhar.com an mhí seo a bhfuil sé mar sprioc aige daoine a spreagadh chun léirmheasanna a scríobh ar shaothair i nGaeilge. Tá an comórtas nua seo á reáchtáil i gcomhar le BEO!.

Bronnfar duais €60 gach mí ar an léirmheas is fearr a scríobhfar mar gheall ar leabhar na míosa sin. Le páirt a ghlacadh sa chomórtas seo, níl le déanamh agat ach ballraíocht a bhaint amach le ClubLeabhar.com (tá sé saor in aisce) agus do léirmheas a chur san fhóram ‘Léirmheasanna ar leabhair na míosa’ ar an suíomh sin. Caithfidh an léirmheas a bheith scríofa i nGaeilge agus níor cheart go mbeadh níos mó ná 600 focal ann.

Cuirfear léirmheas an bhuaiteora i gcló an mhí dár gcionn in BEO!, rud a fhágfaidh go léifidh na mílte duine é, i ngach cearn den domhan.

Is beag léirmheas a chuirtear i gcló mar gheall ar leabhair nua i nGaeilge. Tugann na meáin in Éirinn neamhaird orthu de ghnáth agus tá mé cinnte go gcuireann sé sin lagmhisneach ar go leor de na húdair. Táimid ag súil go spreagfaidh an comórtas nua seo go leor daoine le léirmheasanna a scríobh agus go dtabharfaidh sé seo misneach do scríbhneoirí na Gaeilge.

Is é Pádraic Ó Conaire – Rogha Scéalta leabhar mhí Aibreáin ar ClubLeabhar.com. Tá scéal is fiche le Sean-Phádraic, cuid acu as cló le fada, le fáil sa leabhar seo, mar aon le réamhrá ó Dhiarmuid de Faoite. Is féidir leatsa an leabhar a cheannach ar siopa.ie ar €18 (móide postas) agus beidh deis agat do chuid tuairimí maidir leis na scéalta a chur in iúl ar fhóram ClubLeabhar.com.

Leanfaidh an chéad sraith seo de ClubLeabhar.com ar aghaidh go dtí mí an Mheithimh, ansin tógfaimid sos go dtí mí Mheán Fómhair.

Bhí muid ag iarraidh go mbeadh 300 duine cláraithe mar bhaill de ClubLeabhar.com faoi mhí an Mheithimh i mbliana agus míle faoin am seo ar an bhliain seo chugainn. Bhí an chéad sprioc sin bainte amach faoi Lá Fhéile Pádraig, áfach, agus táimid dóchasach go n-éireoidh linn an dara ceann a bhaint amach go luath in 2011.

Tuilleadh eolais faoi ClubLeabhar.com:

Helen Hegarty, GaelchultúrGuthán: (01) 484 5223. Ríomhphost: eolas@clubleabhar.com.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.