CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Na srianta a bhaineann leis an gceol ar líne
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

an t-uafás ceoil le fáil ar an idirlíon anois, cé go bhfuil srianta áirithe i gceist, i gcás chóras Apple, mar shampla. Tuairisc ó Dhiarmaid Mac Mathúna.

Íomhá
www5.cdwow.ie

Deir Apple go bhfuil a seirbhís nua iTunes réabhlóideach toisc gur féidir é a úsáid chun ceol a cheannach ar líne - ach ní dhéanann an córas nua ach seansrianta a chur i bhfeidhm ar líne.

Tá 200,000 amhrán ar fáil san iTunes Music Store (www.apple.com/music/store/), siopa ceoil Apple, agus is féidir éisteacht leis na hamhráin ar líne sula ndéanann tú cinneadh iad a chóipeáil anuas. Má thaitníonn píosa ceoil leat, ní chosnaíonn sé ach 99 cent é a cheannach agus ansin is féidir leat é a íoslódáil agus a choimeád ar do ríomhaire. Dar le Apple, tá caighdeán fuaime an-ard ag an gceol toisc gur chruthaigh siad formáid nua ar a dtugtar AAC chun an ceol a stóráil. Deir siad go bhfuil an fhormáid nua seo níos fearr ná an fhormáid MP3 atá in úsáid go forleathan cheana féin toisc go gcaomhnaíonn sé níos mó eolais faoin bhfuaim. Freisin, bíonn na comhaid fhuaime níos lú, dar leo, rud a chiallaíonn gur féidir iad a chóipeáil anuas níos tapúla ná comhaid fhuaime de shaghsanna eile.

Nuair a cheannaíonn tú ceol ó Apple, deir siad gur leatsa é. Murab ionann agus Microsoft atá ag iarraidh córas síntiúis a chur i bhfeidhm áit a n-íocann tú bille gach mí chun éisteacht leis an gceol atá ar do ríomhaire, tá córas Apple níos solúbtha. Nuair a cheannaíonn tú ceol uathu, is leatsa é agus is féidir leat é a sheinm ar ríomhairí éagsúla, a chur ar sheinnteoirí soghluaiste (ar nós an Apple iPod) nó é a dhó ar dhlúthdhioscaí éagsúla freisin.

Bhuel, sin an teoiric. Ach má léann tú na sonraí ó Apple níos mine feicfidh tú nach bhfuil saoirse iomlán agat leis an bpíosa ceoil sin. Ní féidir leat an ceol a sheinm ach ar thrí ríomhaire éagsúla (mar sin ní féidir é a roinnt le do chairde), agus ní féidir leat albaim phearsanta de do chuid féin a chur ar dhlúthdhiosca ach deich n-uaire. Anuas air sin, caithfidh tú ríomhaire Apple Mac a bheith agat chun teacht ar an gcóras. Ní srianta rómhóra iad seo go praiticiúil agus, ar ndóigh, níor chóir go mbeadh na cearta céanna ag an tomhaltóir is atá ag an gceoltóir a chruthaigh an ceol.

Bac

Ach tá srian mór amháin eile ar an gcóras - agus is buille i gcoinne na hEorpa é. Caithfidh tú a bheith i do chónaí i Stáit Aontaithe Mheiriceá chun na hamhráin a cheannach ón iTunes Music Store. Agus is é sin an bac is mó atá ar fhás an chórais seo. Is meán idirnáisiúnta é an t-idirlíon, ach ní dhéanann an siopa nua ceoil seo ach béim a chur ar theorainneacha réigiúnacha. Ní dhéanann sé ach na seansrianta a bhíodh ar dháileadh earraí a chur i bhfeidhm ag leibhéal eile.

Ní gá go mbeadh an dearcadh seo ag Apple agus ag na comhlachtaí ceirníní atá ag tacú leo. D’aithin na daoine a rinne an scannán The Matrix: Reloaded gur margadh idirnáisiúnta atá cruthaithe ag an idirlíon agus lainseáil siad an scannán ag an am céanna ar fud an domhain. An phríomhchúis a bhí leis sin ná chun nach mbeadh deis ag daoine an scannán a scaipeadh ó réigiún amháin go dtí réigiún eile go mídhleathach ar an idirlíon.

Níl mórán réabhlóideach faoin siopa nua ag Apple ach an oiread. Cé gur cuireadh deireadh le Napster, tá ceol fós ar fáil go mídhleathach ar líne. Tá ceoltóirí tar éis a aithint freisin gur straitéis mhaith margaíochta é samplaí dá gcuid ceoil a chur ar fáil do dhaoine ar líne. In Éirinn, tá cuid mhaith ceoil curtha ar fáil saor in aisce agus go dleathach ar an suíomh Cluas.com (www.cluas.com).

Tá na suímh ghréasáin phearsanta ag cuid mhaith ceoltóirí lán de cheol freisin - idir rianta iomlána agus bhlúirí de cheol a thugann deis don éisteoir blaiseadh a fháil air. Mar shampla, tá samplaí de shaothar an cheoltóra Singleton ó Bhaile Átha Cliath ar an suíomh atá aige siúd ag www.singletonmusic.com. Is féidir éisteacht leis an gceol ar líne, nó é a chóipeáil anuas agus é a choimeád ar do ríomhaire. Agus más maith leat an méid a chloiseann tú is féidir leat dlúthdhiosca a ordú ar líne - is cuma cén áit ar domhan a bhfuil cónaí ort.

Má tá na halbaim atá ar fáil go forleathan sna siopaí á lorg agat ar phraghas níos saoire is fiú féachaint ar shuíomh CDWow ag www5.cdwow.ie - is féidir dlúthdhioscaí a cheannach ansin ar an tslí chéanna go n-ordaítear leabhair ó Amazon.com.

Tá tomhaltóirí tar éis dul i dtaithí cheana féin ar earraí a cheannach ar an idirlíon ó chomhlachtaí lasmuigh dá dtír féin. Chun go n-éireoidh le siopaí ar líne ar nós ceann Apple, caithfidh comhlachtaí na tomhaltóirí a leanúint agus dearmad a dhéanamh ar réigiúin mhargaíochta thraidisiúnta.

Tá litreoir Gaeilge “GaelSpell 3” do Microsoft Word le beagnach 300,000 iontráil ann foilsithe ag an údar ar an suíomh gréasáin www.gaelspell.com.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.