64
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Is é biaiste mhór na peile san Astráil é anois teacht an Fhómhair acu ó dheas. Chaith Bearnaí Ó Doibhlin súil ar mhodhanna éagsúla caide an Astrálaigh.
»»»Ní cheileann bainisteoir fuinniúil Choláiste Lurgan a chuid tuairimí ar dhuine ar bith, fiú amháin nuair a bhíonn praghas le híoc astu. Chuaigh Uinsionn Mac Dubhghaill chun cainte leis.
»»»Léiríonn cliseadh trí chomhlacht mhóra san Astráil gur beag tuiscint a bhí ag an dream a bhí ina mbun ar chúrsaí eitice, dar le Dáithí Ó Colchúin.
»»»Chaill Arm na hAstráile baill san Afganastáin agus tá an chuma ar an scéal anois, dar le Bearnaí Ó Doibhlin, nár thug a n-íobairt ná fulaingt a ngaolta aon tairbhe do mhuintir na hAfganastáine.
»»»Chaith Tony Birtill roinnt ama ag póirseáil trí thaispeántais in Iarsmalann Mara Merseyside, rud a tharraing a aird ar an Mol Theas. Is iomaí fíoras iontais a foilsíodh dó ansin faoin dream a chuaigh chun farraige lena mbealach a threabhadh go dtí an tOileán Úr nó a thug aghaidh ó dheas i mbun taiscéalaíochta.
»»»Aithníonn Ciarán Mac Aonghusa a bhfuil ag titim amach os comhair a dhá shúil, agus cuireann sé cumha mhór air, ach tá spreacadh fanta in go leor daoine in Éirinn lena gcinniúint féin a cheapadh.
»»»Chaith Alan Desmond súil ar ghnéithe de dhearcadh an duine ar an inimirce in Éirinn, in Arizona agus i gcoitinne. Chun donachta a chuaigh an scéal in Arizona le déanaí.
»»»Measann Colm Mac Séalaigh go bhfuil sé in am ag údaráis an Chumainn Lúthchleas Gael dul i ngleic le fadhb an mhí-iompair i measc na n-imreoirí idirchontae.
»»»Tá leideanna agus seolta idirlín go leor ag Roseanne Smith san alt seo do fheilirí, do bhréagáin, do bhronntanais srl., seolta a chuideos leat réiteach le haghaidh na Nollag.
»»»Tá Pól Ó Muirí den tuairim gur leabhar ar leith é [i]Hula Hul[/i], úrscéal nua Sheáin Mhic Mhathúna, nach bhfuil oiread is nóta amháin as alt ann.
»»»Síleann roinnt daoine go dtiocfadh le níos mó ná fearg a bheith ar chúl na ‘léirsithe’ ó thuaidh. Chan amháin sin, ach is cosúil dar le Robert McMillen, go mbeidh an tIRA Leanúnach ag coinneáil orthu arís i mbliana.
»»»Bhí Donncha Ó hÉallaithe ag a chéad chluiche sacair i Sasana le gairid - cluiche sa Phríomhshraith idir Arsenal agus Manchester City. Chuir feabhas na himeartha agus díocas na coimhlinte gliondar air. Ardaíonn sé an cheist faoi cé chomh Sasanach is atá cluiche dúchais Shasana!
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: siopadóireacht na Nollag.
»»»Agus comóradh cúig bliana déag Raidió na Life á cheiliúradh i mbliana, labhair Caoimhe Ní Laighin le bainisteoir an stáisiúin, Muiris Ó Fiannachta, faoin méid atá bainte amach ag an tseirbhís ó bunaíodh í agus faoin gcóisir “leictreach” a bhí ar siúl le gairid chun a breithlá a cheiliúradh!
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.