AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Cogaí Caide na hAstráile
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Is é biaiste mhór na peile san Astráil é anois teacht an Fhómhair acu ó dheas. Chaith Bearnaí Ó Doibhlin súil ar mhodhanna éagsúla caide an Astrálaigh.

Íomhá
Coleman ag ceapadh san aer (Vicipéid)
Íomhá
Setanta Ó hAilpín (Rulesfan a tharraing ar Vicipéid)
Íomhá
Tadhg Ó Cionnfhaolaidh (ar Vicipéid, Jimmy Harris a tharraing i Melbourne)

biaiste peile eile faoi lán seoil san Astráil anois agus sinn ag druidim le deireadh an tsamhraidh. Is minic a deirtear gur tír í an Astráil atá an-tógtha le cúrsaí spóirt, róthógtha, de réir tráchtairí áirithe. Is í an Astráil an t-aon tír ar domhan, go fios dom, ina n-imrítear ceithre ball code(s)">mhodh peile - cóid pheile mar a thugtar orthu sa Bhéarla - go proifisiúnta ag leibhéal náisiúnta idirnáisiúnta.

Is iad na cluichí peile a imrítear go proifisiúnta abhus an pheil Astrálach, an rugbaí, rugbaí sraithe agus an sacar. Bíonn comórtas náisiúnta ag an bpeil Astrálach, agus bíonn comórtais náisiúnta ag sacar agus ag rugbaí sraithe, ach bíonn foireann amháin as an Nua-Shéalainn páirteach iontu freisin. comórtas idirnáisiúnta ag an rugbaí, le ceithre fhoireann as an Astráil, agus bíonn cúig fhoireann as an Nua-Shéalainn agus as an Afraic Theas araon páirteach ann.

Mar a bheifeá ag súil leis, bíonn iomaíocht ghéar idir na modhanna éagsúla i dtaca le lucht leanúna, le leibhéil rannpháirtíochta iontu agus le maoiniú as na foinsí urraíochta, go háirithe as na bealaí teilifíse. Aisteach le , is é sacar, an cineál peile ar a dtugtarcluiche an domhain’, atá ag streachailt san iomaíocht seo, in ainneoin go mbeidh foireann náisiúnta na hAstráile páirteach i gcluichí ceannais an Choirn Dhomhanda san Afraic Theas i mbliana.

Na Modhanna Caide

Is í an pheil Astrálach an t-aon spórt dúchasach i measc na gcluichí caide thuasluaite agus teoiricí éagsúla ar bhunús an chluiche, mar a mhínigh Dáithí Ó Colchúin san iris seo (Eagrán 20, Nollaig 2002). Cuireadh tús le peil Astrálach in Melbourne, príomhchathair Victoria, sa bhliain 1858 agus is é Victoria atá ina chroílár tacaíochta fós ag an modh imeartha peile seo. an pheil Astrálach ar an gcluiche caide is coitianta sa Tasmáin, san Astráil Theas, san Astráil Thiar agus sa Chríoch Thuaidh.

Cuireadh tús le rugbaí san Astráil sna 1850í freisin agus faoin mbliain 1900, nuair a bhain an tír neamhspleáchas amach, bhí rugbaí ar an gcluiche caide ba choitianta in New South Wales (NSW) agus in Queensland (QLD). Tharla scoilt i Sasana sna 1890í i measc lucht an rugbaí i dtaca le híocaíocht na bpeileadóirí, agus bunaíodh rugbaí sraithe i dtuaisceart na tíre sin faoi dheireadh. Tharla an scoilt chéanna san Astráil deich mbliana ba dhéanaí agus imríodh an shaghas rugbaí sa stát thuas ó shin i leith. Is iad an stát seo croílár tacaíochta an rugbaí agus an rugbaí sraithe go dtí an inniu.

sacar á imirt san Astráil ó na 1880í ar aghaidh, ach gur imríodh é fud fad na tíre raibh riamh ar an gcluiche ba choitianta in aon áit sa tír. Is breá le tuismitheoirí an cluiche seo mar go measann siad go bhfuil na cineálacha caide eile rógharbh bpáistí, agus leibhéal rannpháirtíochta i gcoitinne níos airde ag sacar bhrí sin atá ag aon chluiche caide eile.

Tháinig athruithe suntasacha ar chúrsaí caide sa tír seo le cúig bliana fichead anuas. Bunaíodh comórtas náisiúnta sa pheil Astrálach agus bhí foirne as NSW agus Qld páirteach ann. Beidh dhá fhoireann nua eile as na stáit seo páirteach sa chomórtas náisiúnta an bhliain seo chugainn.

An Bhagairt

Níl aon amhras ach gur mhothaigh údaráis an chineál rugbaí go raibh siad faoi ionsaí ina gceantair dhílse féin, nuair a chuireadh tús leis an gcomórtas náisiúnta peile Astrálaí. Bhunaigh rugbaí sraithe comórtas náisiúnta mar fhreagra ar an mbagairt, le foirne as Victoria, an Astráil Theas agus an Astráil Thiar páirteach ann, ach theip ar na foirne sa deisceart agus san iarthar.

Tháinig athrú ba shuntasaí sna 1990í nuair a bhain na peileadóirí rugbaí amach an ceart airgead a shaothrú go hoifigiúil. Chuir an t-athrú sin deireadh le peileadóirí óga ag aistriú ó rugbaí go rugbaí sraithe, agus mealladh roinnt peileadóirí iomráiteacha ó rugbaí sraithe go rugbaí den chéad uair. Cuireadh tús leis an gcomórtas rugbaí idirnáisiúnta, ar a dtugtar Super 14, ina bhfuil foirne as NSW, Qld, Canberra agus an Astráil Thiar páirteach, agus beidh foireann nua as Victoria ann an bhliain seo chugainn.

Rinne na húdaráis sacair iarrachtaí comórtas náisiúnta a bhunú óna 1960í ar aghaidh, ach theip orthu agus anois comórtas náisiúnta eile acu, ach ag coimhlint leis na cluichí eile atá . Is cluichí geimhridh iad na cluichí peile ach imrítear sacar sa samhradh abhus, in ainneoin nach réitíonn an aimsir leis an spórt. Thuig na húdaráis sacair, nuair a bunaíodh an comórtas náisiúnta sa bhliain 2005, nárbh fhiú dóibh dul i gcoimhlint díreach leis na cluichí caide eile.

Scafántacht Spóirt

peileadóirí Astrálacha den chéad scoth ag imirt sacair gan aon agó, ach níl siad ag imirt sa chomórtas náisiúnta abhus ar an drochuair. Imríonn chóir a bheith gach ball den fhoireann náisiúnta, a bheidh páirteach sa Chorn Domhanda, ar son foirne san Eoraip. Ciallaíonn sin nach bhfuil caighdeán an tsacair sa chomórtas logánta ard go leor le lucht leanúna sa bhreis maoiniú sa bhreis a mhealladh.

Luaigh thuas go bhfuil móréileamh ag tuismitheoirí ar shacar de bharr go measann siad nach bhfuil chomh garbh chomh contúirteach leis na cluichí eile. an dearcadh sin intuigthe nuair a fheictear an dóigh a mbuaileann na peileadóirí le chéile go rialta sna cluichí eile agus le linn deabhaidh. Is dóigh liom go bhfuil an cineál sin teagmháil colainne, brúidiúlacht, mar ghné a mheallann lucht leanúna peile na tíre seo chuig cluichí. Maítear gur spórt teagmháil coirp é sacar, ach i gcomórtas leis na trí chluichí peile proifisiúnta eile abhus an chuma ar an scéal gur spórtbog’ é.

Is breá leis na hAstrálaigh an pheil, footie’ mar a thugann siad uirthi, ach feictear dom nach bhfuil daoine airgead go leor sa tír seo chun tacú le ceithre chineál peile iad a mhaoiniú ar bonn náisiúnta proifisiúnta. airgead agus taca go leor ag an chluiche rugbaí agus ag peil Astrálach, de réir dealraimh, chun comórtais náisiúnta idirnáisiúnta a mhaoiniú. an chuma ar an scéal, áfach, go mbeidh an sacar ag streachailt lena áit a chaomhnú sa mhargadh iomaíoch seomura mbuann an Astráil an Corn Domhanda sacair i mbliana!

Naisc: Dáithí Ó Colchúin http://www.beo.ie/index.php?page=archivecontent&archiveid=748 http://www.beo.ie/2006-10/?contentid=312&page=arnasaoltaseo http://www.youtube.com/watch?v=lHYbRiRY4Pg&feature=relatedhttp://www.youtube.com/watch?v=arbzsvRNjyc&feature=relatedhttp://www.youtube.com/watch?v=CASV80VdiLE&NR=1AFLRugarnaSraithe

http://www.youtube.com/watch?v=XJTBOYGggloAnRugar

http://www.youtube.com/watch?v=jOOGAS4t3kEhttp://www.super14.com/AnSacar

http://www.youtube.com/watch?v=Xo4N-RfvCTw&feature=related

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.