AGALLAMH BEO
Mícheál Ó Foighil
Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill

Ní cheileann bainisteoir fuinniúil Choláiste Lurgan a chuid tuairimí ar dhuine ar bith, fiú amháin nuair a bhíonn praghas le híoc astu. Chuaigh Uinsionn Mac Dubhghaill chun cainte leis.

Íomhá
Mícheál Ó Foighil
Íomhá
An clár faisnéise ar Phól Ó Foighil, foilsithe ag CIC
Íomhá
'Oide' ar an nguthán
Íomhá
Mícheál ar léiriú na háise úrnua 'Oide'
Íomhá
Réidh le taisteal ag Coláiste Lurgan
Íomhá
Iontach
Íomhá
Mícheál go cruógach leis an áis 'Oide'
Íomhá
Ag fógairt 'Abair Leat'
Íomhá
An tAire Oideachais, Ruairí Quinn TD
(le Scoláire ar Vicipéid)
Íomhá
Éamon Ó Cuív TD
Íomhá
Mícheál ag caint ag an Oireachtas i gCill Airne

IS BEAG bainisteoir ar choláiste samhraidh a bhí in ann a fhógairt roimh Nollaig go raibh cúrsaí an tsamhraidh seo chugainn lán go doras cheana féin. Ach b’amhlaidh an scéal é ag Mícheál Ó Foighil, an bainisteoir fuinniúil - nó achrannach, ag brath ar do dhearcadh féin air - atá ar Choláiste Lurgan i gCois Fharraige. Mar sin féin, má bhí sé sa riocht compordach sin go raibh a chúrsaí lán ní cheapfá riamh é ag éisteacht leis ag cur síos ar a chuid pleananna do 2014. Go deimhin, is é an focal ‘compord’ an focal deireannach a shamhlófá leis an duine a labhrann sa stíl staccato animato a bhíodh ag a athair roimhe, na focail ag deifriú amach as a intinn sa chaoi is gur minic go mbíonn an dara abairt tosaithe sula mbíonn an chéad cheann críochnaithe aige.

Polaiteoir agus gníomhaí pobail a bhíodh ina athair, Pól Ó Foighil, fear ar éirigh leis an t-uafás rudaí a bhaint amach lena linn dá phobal altrama, i ndiaidh dó bogadh go Conamara as Tiobraid Árann sna 1960í. Bhí Mícheál ceithre bliana d’aois ag an am. Ní fáidh fear ina dhúiche féin, áfach: is cuimhin lena mhac an uair ar briseadh Pól as a phost mar bhainisteoir ar an gcomharchumann áitiúil, agus go raibh daoine ag scaipeadh bileog ag an séipéal áitiúil agus iad ag iarraidh an pobal a ghríosadh chun fear Dhúrlas Éile a ruaigeadh amach as an áit. B’fhéidir nár mhiste le státseirbhíseach nó beirt de chuid na linne seo dá mbeadh an chinniúint sin i ndán do Mhícheál freisin: ní cheileann ‘Roy Keane na Gaeilge’ an mhífhoighid atá air faoin státchóras, faoin gcaoi a múintear an teanga, ná faoin bpolaitíocht áitiúil i gConamara.

Ómós Áite

Thosaigh sé amach mar mhúinteoir meánscoile go luath sna 1980í, tar éis dó céim sa zó-eolaíocht agus sa mhata a bhaint amach san ollscoil i nGaillimh. Tar éis cúig bliana déag a chaitheamh ag múineadh i scoileanna éagsúla i gCill Mhantáin agus i mBaile Átha Cliath bhog sé ar ais go Conamara i lár na 1990í lena bhean Máire. Ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, tá a shaol fite fuaite le Coláiste Lurgan ó shin.

Níl aon aiféal air faoin mbogadh siar. Áit ar leith í Cois Fharraige, dar leis: cladach, trá is sliabh, cathair álainn i ngar duit, agus traidisiún atá láidir go fóill, in ainneoin chuile shórt.

Faigheann muid go leor lochtanna nuair a bhíonn muid ag breathnú timpeall orainn, ach má imíonn tú aon áit eile... samhlaigh go gcaithfeá cónaí in áit eile, agus táim a rá leat th’éis trí lá bheifeá ag rá ‘diabhal locht atá anois agam ar Chois Fharraige ná ar Indreabhán ná ar cheantar an Chnoic’. Bhéarfainn dúshlán duine ar bith áit a aimsiú atá níos fearr.”

Éachtaí YouTube

Ní ar an leibhéal áitiúil, áfach, ach ar scála domhanda is mó a bhí trácht ar a chuid oibre anuraidh: d’éirigh go héachtach leis na físeáin cheoil a rinne scoláirí Choláiste Lurgan agus a crochadh ar TG Lurgan, caineál YouTube an choláiste. Aistriúcháin a bhí iontu d’amhráin phopcheoil aitheanta: ina measc bhí a leagan féin de Some Nights de chuid FUN; Circle of Life ón scannán Lion King; Get Lucky de chuid Daft Punk; agus Pompeii de chuid Bastille. Agus nuair a d’éirigh lena leagan den amhrán Wake Me Up le Avicci níos mó ná dhá mhilliún buille YouTube a bhaint amach, fuair lucht Choláiste Lurgan cuireadh teacht ar an Late Late Show agus a thaispeáint don saol Fódlach céard a bhí ar bun acu.

Tá níos mó ná trí mhilliún buille faighte ag an rian sin ó shin, agus ní shin deireadh an scéil.

“Ní Avicci an ceann is mó. Tá Amhrán na gCupán [a leagan den Cup Song ón scannán Pitch Perfect], ag ceithre mhilliún hits anois. Chuir leaid ar shuíomh eile é agus fuair sé dhá mhilliún hits, agus bhí dhá mhilliún ar YouTube. Thar lear uilig atá siad ag breathnú, tá sé imithe cineáilín... [tarraingíonn sé anáil]. Níl tuairim acu céard atá á rá ach is maith leo é.”

Is léir nach bhfuil fonn air scéal mór a dhéanamh de na físeáin, agus ní thugann sé aon cheann don tuairim go bhfuil níos mó déanta acu chun íomhá dhearfach a chothú don teanga i measc an aosa óig ná mar atá déanta ag aon tionscnamh eile le blianta fada. Agus cé go gceapann roinnt daoine gur seift mhargaíochta a bhí ann go príomha, deir sé go neamhchas gur ‘timpiste’ a bhí ann agus nár theastaigh an phoiblíocht ar an ábhar go mbíodh na cúrsaí lán i gcónaí ar aon nós.

“An t-aon fáth go mbíonn muid á ndéanamh ná go mbaineann na gasúir a bhíonn ar na cúrsaí sásamh astu, sin bun agus barr an scéil i gcónaí. Sin an chaoi ar cheart go mbeadh sé, ‘siad na daoine a thagann fhad linne is tábhachtaí. Tada eile ina dhiaidh sin is bónas é.”

Eangach na polaitíochta

Téama coitianta ina chaint é an gá atá ann freastal ceart a dhéanamh ar fhoghlaimeoirí óga, idir lucht Choláiste Lurgan féin agus na gnáthscoláirí bochta a bhíonn gafa in eangach pollta na Gaeilge ar an dara leibhéal. Deich mbliana ó shin bhí plean uaillmhianach aige lárionad galánta nua a thógáil don choláiste. Thairg siad suíomh don stát, agus 50% den chostas caipitil, nó €3 milliún thar 20 bliain, dá mbeadh an stát sásta an leath eile a íoc. Infheistíocht chuí a bheadh ann, dar leis, sna foghlaimeoirí - na ‘gaeilgeoirí’, faoi mar a thugtar go háitiúil orthu.

Tugadh an chluas bhodhair dúinn. Bhí a fhios agam cén fáth, bhí polaiteoir mór le rá ar an taobh seo tíre, Éamon Ó Cuív, agus níor luigh sé leis an bplean a bhí aige.”

Lean siad orthu ag stocaireacht nuair nár glacadh leis an bplean ar dtús. Rinne siad a n-achainí dheiridh in 2009 leis an Taoiseach a bhí ann ag an am, Brian Ó Comhain.

“Bhí fhios againn nach raibh muid le tada a fháil ó Roinn na Gaeltachta go brách, mar sin bhí muid ag iarraidh a ghabháil os a gcionn. Chaithfeadh muid a ghabháil os a gcionn. Is maith an scéalaí an aimsir: bhí an ceart againn. Cuireadh an t-airgead sin isteach i dtógáil an ionaid sin ar chúl an tséipéil [an tIonad Tacaíochta Teaghlaigh] agus bhí muid ag caint ar rud i bhfad níos leithne, níos ilúsáidí. ‘Sé an chaoi a mbreathnaíonn mise air: is beag measa atá ar ghaeilgeoirí, is beag measa atá ar airgead na dtuismitheoirí. Ó chuir muid an plean seo chun cinn tá €30 milliún tagtha isteach sa bparóiste [ó na coláistí samhraidh], dar le figiúirí Roinn na Gaeltachta, ach fós níl cent amháin curtha ar ais chun freastal air sin. Agus tá sé i mbaol, níl aon cheist faoi. An bhagairt is mó atá orainn ná nach bhfuil an foirgneamh chun caighdeáin.”

Goilleann an scéal air go fóill. “Beidh dhá mhíle gasúr ag tíocht anseo an bhliain seo chugainn. Níl an áit seo sách maith. Ní nach raibh muid sásta airgead a chaitheamh, ní nach raibh an t-airgead ann le caitheamh, ní nach raibh plean ann. Bhí an dearcadh seo ann, más rud é go bhfuil airgead le caitheamh ná caith ar ghaeilgeoirí é. Mar níl iontu ach foinse bloody airgid. Níl siad tábhachtach. Níl vótaí acu. Níl vótaí ag a dtuismitheoirí anseo go háitiúil.

“Dá mba rud é gur tháinig comhlacht isteach ón nGearmáin nó ón Fhrainc agus dá ndéarfadh siad, cuirfidh muid trí mhilliún isteach sa togra seo, alright? Trí mhilliún dár gcuid airgid féin, saothróidh muide é, tá muid sásta é a chur isteach ann agus is cuma linn cé leis an áit. Chomhlíonfadh sé chuile cheann de na spriocanna a bhí acu féin. Plus go leor leor eile. Céard a déarfaidís leis?”

Abair Leat

Ní hé scéal an fhoirgnimh nua an t-aon bhuille a fuair sé le cúpla bliain anuas. Deir sé gur caitheadh suas le €100,000 ag forbairt Abair Leat, gréasán sóisialta don fhoghlaimeoir a forbraíodh i gcomhpháirt le comhlacht bogearraí i Nua-Eabhrac. Cineál ‘Facebook na Gaeilge’ a bhí ann díreach ag an am a raibh Facebook ag éirí an-choitianta. D’éirigh leo an t-ardán idirlín a fhorbairt, ach d’imigh an tionscnamh le sruth nuair nach raibh an t-airgead ann leagan soghluaiste a réiteach. Arís, ní cheileann sé a dhíomá faoin teagmháil a bhí aige le háisíneachtaí stáit ina leith.

“D’eagraigh muid cruinniú le Foras na Gaeilge, leis an Aire Gaeltachta, le duine de na príomhchigirí sinsearacha sa Roinn Oideachais. Ní hé go ndearna muid é asainn féin, má thuigeann tú mé. Ní bhfuair muid geallúintí, ní raibh tada scríofa, ach bhí daoine ag rá, ‘listen tá sin iontach, spéis mhór, déan é, tiocfaidh muid ar bord, cinnte cinnte, get that over the line’. Agus rinne muid é. Chuir muid airgead mór isteach ann. D’fhág muid ár ngraithí féin beagáinín ‘tóin le gaoith’ mar gheall air. Chaith mé go leor ama leis chomh maith céanna.

“Bhí an coincheap iontach, fós féin seasaim céad faoin gcéad leis an gcoincheap. Bhí 10,000 duine théis clárú leis. Is togra sách mór a bhí ann, ní ceann do choláiste Gaeilge amháin a bhí ann. Bíonn siad ag caint ar bhealaí le daoine a chur ag scríobh na Gaeilge nó tacú leo: bhí sé seo déanta lena aghaidh mar bhí ceartúcháin ann, bhí aistriúcháin ann, bhí tacaíocht ann, agus d’oibrigh sé thar cionn... Ach an oiread leis an iarratas pleanála is deis eile a bhí ann a cailleadh.”

Oide agus Sraith Físeán

Ach má tá buille nó dhó faighte aige le cúpla bliain anuas níl an chosúlacht air go bhfuil sé réidh leis na maidí a scaoileadh le sruth. An mhí seo chugainn cuirfear tús le sraith físeán ar TG Lurgan ina mbeidh seisear foghlaimeoir fásta ag tabhairt faoi dhúshlán ar leith: an Ghaeilge a fhoghlaim agus iad ag baint úsáide as an áis nua ‘Oide’ atá á forbairt ag Coláiste Lurgan le tamall anuas.

Teanglann ar líne atá ann. Tá an foghlaimeoir in ann taifead a dhéanamh dá chaint, tá an múinteoir in ann éisteacht siar leis an taifead in áit eile, marcanna a thabhairt air agus aiseolas a thabhairt.”

Cosúil leis an teilifís réaltachta leanfar an seisear ó sheachtain go seachtain agus iad i mbun foghlama. Is díol spéise ar leith é gur ar ardán YouTube atá sé seo ag tarlú seachas ar ghnáthstáisiún teilifíse - léiriú amháin ar an gcaoi a bhfuil an saol cumarsáide ag athrú as éadan i láthair na huaire.

Ní foláir ná go bhfuil dóchas fós aige i dtodhchaí na teanga, agus an méid sin ar fad ar bun aige? Tá dóchas aige sna daoine, agus sa dearcadh fábharach a léiríonn gnáthmhuintir na hÉireann arís is arís eile. Ach níl mórán muiníne aige go bhfuil an stát ná an earnáil dheonach in ann teacht i dtír ar an dea-thoil sin. Túsphointe maith a bheadh ann, dar leis, dá mbeidís sásta a admháil go mbíonn go leor d’airgead na gcáiníocóirí á gcur amú faoi láthair.

“Tá 18, 19 billiún euro caite ar thuarastal daoine a bhíonn ag múineadh na Gaeilge chuile bhliain. Níl an tairbhe le feiceáil. Tá caite go dona leis an teanga tríd an gcóras scolaíochta. Ní fhéadfadh duine ar bith a rá go bhfuil luach ár gcuid airgid á fháil againn. Níl aon mhaith ach an oiread a bheith ag cosaint rud nach féidir a chosaint.”

Ceapann sé gur cheart go mbeadh teagasc na teanga ar scoil ar an gcloch is mó ar pháidrín na n-eagras Gaeilge. Ach níl.

“Má dhéantar é sin i gceart ní theastóidh go leor de na tacaíochtaí eile. Cuirim ceist scaití an bhfuil cineál comhcheilge ann idir lucht na Gaeilge agus an Roinn Oideachais. Dá mbeifeá ag iarraidh a bheith soiniciúil d’fhéadfá a rá go bhfuil. Déarfadh siad, lig don rialtas agus don chóras oideachais a bheith ag marú na Gaeilge, ní cháinfidh muid iad, mar dá mba rud é go raibh sí á múineadh ceart agus á cur i láthair ceart ní theastódh na heagraíochtaí seo ar fad.

“Tá na billiúin euro caite ar an nGaeilge chuile bhliain. Nócha faoin gcéad de sin tríd an gcóras oideachais. Agus tá an deich faoin gcéad eile ag iarraidh dul i ngleic leis an dochar atáthar ag déanamh taobh istigh den chóras oideachais. Ach ní ghabhfaidh an deich faoin gcéad sin i ngleic leis an nócha faoin gcéad go brách.”

Focal Scoir

Ní sparálann sé a theanga ghéar ar pholaiteoirí ach an oiread. Má bhí sé cáinteach roimhe seo ar thaoiseach áitiúil Fhianna Fáil i gConamara, Éamon Ó Cuív, ní cheileann sé a dhíomá le polaiteoirí mór le rá eile. Roimh an t-olltoghchán deiridh bhí sé i dteagmháil le Michael D. Higgins ó Pháirtí an Lucht Oibre, an Teachta Dála áitiúil a toghadh ina Uachtarán ó shin. Ag éirí as na comhráití sin, agus as teagmhálacha eile le hurlabhraí oideachais an pháirtí, Ruairí Quinn (atá anois ina Aire Oideachais), scríobh sé cáipéis do Pháirtí an Lucht Oibre. Moltaí simplí agus praiticiúla a bhí ann, faoi mhodhanna múinte na teanga ar an dara leibhéal a fheabhsú. (Tá na moltaí sin foilsithe aige ar shuíomh Choláiste Lurgan.)

“Chuir mé na moltaí ar aghaidh chuig Michael D. Tháinig Michael D. ar ais a rá go raibh siad an-spéisiúil, agus dála an scéil seo chugat polasaí an Lucht Oibre. Chuir mé ceann ar ais chuige a rá, ‘a Mhíchíl, shíl mé go raibh ceann Fhianna Fáil go dona, ach tá bhur gceannsa i bhfad níos measa!’ So b’shin é, ní raibh mé ag caint le Michael D. ó shin.”

Sin agaibh é, fear nach gceileann a léargas ná a dhearcadh féin ar uachtarán ná ar íochtarán, fiú amháin nuair a bhíonn praghas le híoc as an macántacht.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.