AR NA SAOLTA SEO
Mandaean
Alan Desmond Alan Desmond Alan Desmond

Tá a fhios againn faoi na Sunnaígh, na Siaigh agus Coirdínigh, ach bhailigh Alan Desmond eolas dúinn ar Mhandaean na hIaráice, mionlach sa tír sin nach gcloistear mórán tráchta orthu.

Íomhá
Eoin Baiste, fáidh mór ag na Mandaean
Íomhá
Báibil le taobh na hEofraite
Íomhá
Beirt Mandaean

cur amach againn go léir ar an anord fuilteach atá faoi réim san Iaráic ó chuir fórsaí an Domhain Thiar deireadh caithréimeach le riail Shaddam Hussein i 2003.

Is beag seachtain a théann thart gan scéal éigin ar na meáin faoi eirleach a bheith déanta ar ghnáthmhuintir neamhurchóideach na tíre Meánoirthearaí seo.

Tá cur amach againn, leis, ar ndóigh, ar an mbrúidiúlacht a imríodh ar mhuintir na hIaráice le linn do Shaddam a bheith i gcumhacht ó 1979 go 2003. Ón gcéasadh a rinneadh ar dhaoine aonair a raibh an deachtóir in amhras orthu, go dtí an t-ionsaí gáis nimhe a rinneadh ar phobal Coirdíneach Halabja i 1988 inar dúnmharaíodh suas le 5000 duine ar an toirt, gan trácht ar an máchail a fágadh ar na mílte sna blianta i ndiaidh an ionsaithe.

Is iad an trí dhream is mó a shamhlaímid leis an tír mhí-áidh seo, ar ndóigh, ná na Sunnaígh, na Siaigh is na Coirdínigh agus is cinnte go bhfuil a gcuid d’anachain an tsaoil fulaingthe ag gach dream díobh um an dtaca seo.

Mionlach i mBaol

Níl iontu seo ach na mórdhreamanna, ar ndóigh, agus tá roinnt mhaith mionlach beag sa tír a bhfuil an scéal glan díreach chomh riabhach acu. Tá na Mandaean ar na mionlaigh bheaga seo agus tá bunús leis an argóint gur arder">crua an saol acu ná saol aon dream eile san Iaráic faoi láthair. Más fíor don tuar is tairngreacht atá á dhéanamh le blianta beaga anuas, ní fada go dtiocfaidh deireadh le saol ársa Mandaean na hIaráice.

An tAos Ársa, Rúndiamhair, Síochánta

Tá na Mandaean ar na pobail chreidimh is sine ar domhan is bhí siad suas san Iaráic sula raibh aon chaint ar Chríostaíocht is Ioslam. B’ann dóibh fiú sular baisteadh an Iaráic ar a dtailte dúchais. ársa an t-aos creidimh seo, áfach, is sách teoranta an t-eolas atá againn orthu. Is ar oidhreacht choitinn atá an creideamh bunaithe seachas ar aon sraith foirceadal is prionsabal. Leagann na Mandaean an-bhéim ar an saol teaghlaigh agus tá an méid sin tábhachta ag baint le pósadh is le tuismeadh nach gcleachtar aontumhacht.

Rud eile a bhfuil áit lárnach aige sa chreideamh seo ná an t-uisce. Is é an baisteadh an deasghnáth is mó atá ag na Mandaean agus is deasghnáth é a tharlaíonn breis is uair amháin i rith shaol an duine. Is amhlaidh gur ghnách foirgnimh adhartha a thógáil cois abhann. Ní ionadh, ina fhianaise sin, gur timpeall ar na haibhneacha Tigris is Eofrait i ndeisceart na hIaráice a bhí cónaí ar an muintir seo go stairiúil.

Glacann na Mandaean leis gur ó Ádhamh a thagann airteagail a gcreidimh, ach níl aon rómheas acu ar Íosa féin. Ba mheisias bréige é, dar leo, nach ndearna ach na teagasca a thug Eoin Baiste dó a shaobhadh. Tá Eoin Baiste ar na fáithe is mó a bhfuil urraim ag na Mandaean dó.

Gné amháin de chreideamh na Mandaean atá suntasach i láthair na huaire ná an síocháineachas a chuireann cosc ar dhaoine dul faoi arm.

Tír Fhuilteach Fhoréigneach

Meastar go bhfuil tuairim is 70,000 Mandaean sa domhan sa lá atá inniu ann agus ba san Iaráic a bhí a bhformhór go dtí le déanaí. gur thosaigh an eisimirce as an Iaráic agus Saddam Hussein fós ag cur sceimhle ar an tír, tá méadú as cuimse ar fad tagtha ar líon na Mandaean atá tar éis a n-áit dúchais a thréigean ó d’fhuascail fórsaí Mheiriceá í sé bliana ó shin.

Bhí an pobal Mandaean lonnaithe timpeall ar Bhagdad, an phríomhchathair, díreach roimh thitim Saddam. D’fhág an suíomh tíre seo iad, mar aon leis an síocháineachas a chleachtann siad, gur sprioc éasca iad ag na Sunnaígh is Siaigh a thosaigh ar fhoréigean a dhéanamh ar mhionlaigh na hIaráice nuair a treascraíodh Saddam Hussein.

An aidhm atá leis an bhforneart seo ná na Mandaean a iompú ina Moslamaigh. Chuige seo éignítear mná, timpeallghearrtar buachaillí mar nach bhfuil sé ceadmhach i gcreideamh na Mandaean, scaoiltear urchair leo is caitear isteach i dtinte cnámha iad. Fuadaítear daoine a d’fhéadfadh fuascailt a íoc, ach uaireanta fiú má íoctar an t-airgead, ní thiocfar beo as. Moltar do Mandaean nach ndiúltóidh dá gcreideamh a bheith ag crapadh as an tír.

Scaipeadh Soir Siar

B’fhéidir nach ionadh mar sin nach bhfuil fágtha san Iaráic faoi láthair ach timpeall 5,000 Mandaean. Is iad an Iordáin agus an tSiria an dá thír atá bainte amach ag formhór na dteifeach agus is féidir talamh slán a dhéanamh de nach ard an caighdeán maireachtála atá ag na Mandaean seo anois ós rud é go bhfuil breis is milliún go leith Iarácach san iomlán dulta isteach sa dá thír sin ó 2003. Tá formhór na ndaoine easáitithe seo gan ceadanna cónaithe is fostaíochta.

I gcás na Mandaean arb acmhainn dóibh €20,000 a íoc le lucht smuigleála, tá tíortha an Iarthair sroichte acu. Tá breis is míle Mandaean i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus áirítear go bhfuil tuairim is 5,000 díobh sa tSualainn, díreach líon an phobail sin atá fágtha san Iaráic féin.

Dá leithne a scaiptear an dream beag eitneach seo ar fud na cruinne, áfach, is ea is dóichí go gcaillfear cleachtais chreidimh is saíochta agus, nach bhfágfar den chultúr ársa seo ar deireadh ach cur síos tur i leabhair scolártha.

Ba chóir, mar sin, aird a thabhairt ar mholtaí a dhéantar i dtuarascáil a eisíodh le déanaí ar cheist na mionlach Iarácach. Dar le Minority Rights Group go mba cheart go socródh tíortha glactha eatarthu féin go ligfí formhór na dteifeach Mandaean isteach san aon tír amháin d’fhonn cultúr is féiniúlacht an mhionlaigh bhig eitnigh a chaomhnú. Ós rud é gurb iad SAM is mó is cúis leis an tubaiste reatha atá mar sciúirse ar na Mandaean, b’fhéidir go mbeadh sé oiriúnach go ndéanfaidís an iarracht is mó chun todhchaí na saíochta seo a chosaint is a choinneáil slán. Dá luaithe is é is fearr é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.