AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Súil ghéar ar chúrsaí gnó
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

Léiríonn cliseadh trí chomhlacht mhóra san Astráil gur beag tuiscint a bhí ag an dream a bhí ina mbun ar chúrsaí eitice, dar le Dáithí Ó Colchúin.

Íomhá
Cartún faoi HIH a foilsíodh sa nuachtán The Australian
Íomhá
Brad Keeling, stiúrthóir de chuid Onetel: íocadh bónas $7 milliún leis sa bhliain 2000
Íomhá
Ray Williams (ar chlé), an té a bhunaigh HIH

Foilsíodh tuarascáil le gairid faoin gcaoi ar chlis ar an gcomhlacht árachais HIH in 2001 agus na cúiseanna a bhí leis. Níl deireadh leis an scéal fós ná baol air, ach is léir cheana féin gur chóir súil ghéar a choinneáil ar chuid de na daoine atá i mbun gnó san Astráil agus go bhfuil ag cuid acu le tuiscint bhunúsach ar chúrsaí eitice. Ar ndóigh, ní hé HIH an t-aon chomhlacht ar theip air. Chlis ar an gcomhlacht teileachumarsáide Onetel agus ar an aerlíne Ansett in 2001 freisin. Tá an dá chás sin á bhfiosrú ag an Australian Securities and Investments Commission (ASIC) agus sna cúirteanna faoi láthair.

I gcás Onetel, is léir go raibh cuid de na daoine a bhí i gceannas ar an gcomhlacht i mbun cúblála. Tuairiscíodh go forleathan go raibh suas le $75 milliún (€42 milliún) súite ag beirt de stiúrthóirí an chomhlachta, Jodee Rich agus Brad Keeling, as an gcomhlacht sna cúig bliana sular tháinig deireadh leis. Sa bhliain 2000, íocadh bónas $7 milliún an duine leo, cé gur chaill an comhlacht $291 milliún sa mbliain sin.

I Meán Fómhair 2001, cuireadh Ansett, an dara haerlíne ba mhó sa tír, i lámha an riarthóra. Fágadh 17,000 post i mbaol, cé gur ceapadh i dtosach go bhféadfaí 4,000 acu sin a shábháil. Ach theip ar iarrachtaí an comhlacht a choinneáil i mbarr uisce agus cuireadh deireadh le heitiltí i Márta, 2002. Bhí cuid mhaith áiteacha ar fud na tíre nach raibh seirbhís aeir ar bith acu ach Ansett. Tubaiste a bhí ann do chuid de na bailte sin. Ar ndóigh ní raibh chuile dhuine míshásta. Tháinig méadú ar sciar Qantas de mhargadh inmheánach na tíre ó 50% go tuairim is 90% agus tá siad ag dul ó neart go neart ó shin, in ainneoin na ndeacrachtaí atá ag aerlínte ar fud an domhain.

Ach is ar thuarascáil an choimisiúin faoi HIH a dhírigh cuid mhaith de na meáin chumarsáide anseo a n-aird le píosa. Is léir go raibh an comhlacht á rith mar a bheadh ciste príobháideach ann ag Ray Williams, an té a bhunaigh é. Thug sé maoinis mhóra d’ollscoileanna agus d’iarsmalanna le gradam agus meas a tharraingt air féin. Nuair a cuireadh ceist air ag an gCoimisiún faoi chuid de na maoinis seo agus na céimeanna oinigh a bronnadh air dá mbarr, ba léir gur beag tuiscint a bhí aige ar eitic.

Bhí fiacha $5.5 billiún ar HIH nuair a theip air agus cé gur ar dhrochbhainistíocht is mó a chuir an coimisiún an milleán, bhí coireacht i gceist freisin. Mhol an coimisiún go gcuirfí cúis dlí i leith 56 ceist a bhain leis an gcomhlacht, cúiseanna coiriúla a leath acu sin. Ina measc tá cúis in aghaidh Rodney Adler a bhí ina stiúrthóir ar an gcomhlacht. Tá cúig chás le cur ina leith an mhí seo gur oibrigh sé an cloigeann ar an stocmhalartán le brabach a dhéanamh. D’fhéadfaí téarma príosúnachta cúig bliana a ghearradh air má chiontaítear é.

Cuireadh milleán ar an APRA chomh maith, an eagraíocht a bhí in ainm is a chinntiú go raibh comhlachtaí árachais ag dul i mbun gnó mar ba chóir. Ar ndóigh, bhí leithscéal ag an APRA - níor inis HIH an fhírinne dóibh. Cé a shamhlódh é, caimiléirí ag inseacht bréag!

Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.