250
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá beagnach caoga bliain caite ag an scoláire Michael Krauss ag plé le teangacha bundúchasacha Alasca agus ba é a bhunaigh an Alaska Native Language Center ag tús na seachtóidí. In ainneoin na hoibre sin go léir, áfach, níl sé dóchasach go mairfidh aon cheann den 20 teanga mhionlaigh atá á labhairt sa stát faoi láthair agus measann sé nach bhfuil cúis dóchais ag cainteoirí Gaeilge ach oiread maidir lena dteanga siúd. Labhair Éamonn Ó Dónaill leis an mhí seo caite faoi bhfuil i ndán do theangacha an domhain san aois seo, dar leis.
»»»Bhí Galt Barber, ceoltóir agus cláraitheoir ríomhaireachta a bhfuil cónaí air i gCalifornia, ocht mbliana is fiche sular chuala sé trácht ar an Ghaeilge. Luigh sé isteach ar fhoghlaim na teanga ag an am sin agus tá líofacht bainte amach aige, in ainneoin nach raibh sé in Éirinn ach uair amháin.
»»»Sa tsraith seo, tugann Beo! cuairt ar Ghaeltachtaí na hÉireann. In alt na míosa seo, tá cur síos ag Proinsias Mac a’ Bhaird ar Árainn Mhór, an t-oileán amach ó chósta Chontae Dhún na nGall.
»»»Tugann Colm Ó Snodaigh cuntas dúinn san alt seo ar an dul chun cinn atá déanta ag roinnt daoine agus comhlachtaí i leith ceapadh an cheoil ag an duine a bhfuil éalang ag cur as dó. Is trua a deir sé, nach raibh an deis seo, My Tobii, ar an bhfód le linn do Christopher Nolan fás aníos, fear a chruthaigh in aghaidh gach constaice nach féidir fear an mhisnigh a chloí.
»»»Bhí fuadar faoi Cholm Ó Snodaigh nuair a thosaigh scéala báis Mhícheáil Mhic Shiacais a theacht isteach chuige go tiubh le twitter. Má bhí féin, bhí duine nó beirt i gCumbria ar nós cuma liom faoi ghnóthaí a bhí ag déanamh buartha don saol mór lasmuigh de na droimníní.
»»»Cuirfear tús le Seachtain na Gaeilge ar an 3 Márta. San alt seo, tá cur síos ag Caoimhe Ní Laighin ar chuid de na himeachtaí a bheas ar siúl lena linn.
»»»Tháinig Aoife Uí Fhaoláin agus a fear céile ar mhodh aoibhinn éasca le Sceir Mhór na hAstráile a shiúl gan tinneas farraige: ar bord an mhuireitleáin, nó an bád aeir. Is slí thaistil éasca é agus gheobhaidh tú radharc amach ar áille na mara agus ar na hoileáin.
»»»Moltar dúinn teacht roimh dheacracht anois láithreach más mian linn bás luath a sheachaint amach anseo. Bhí Gráinne Campion ag éisteacht le caint shiosmaideach.
»»»Tá Ruth Nic Giolla Iasachta díreach tar éis bogadh go dtí an Nua-Shéalainn agus beidh sí ag scríobh mar gheall ar an tír don iris seo sna míonna atá romhainn. Sa chéad cholún seo, féachann sí ar an gcaidreamh idir na Sasanaigh agus na bundúchasaigh ó bhí an naoú haois déag ann.
»»»Bhí Breandán de Gallaí ag baint taitnimh as bia follán na háite agus as an chnuasach a dhéanamh roimhré. Diúilicíní, nó na sliogáin dhubha, a bhí ag cur uisce lena cháir.
»»»Sliocht as novella le Micheál Ó Conghaile, údar agus foilsitheoir, a bheidh á fhoilsiú san fhómhar.
»»»D’fhág Robert McMillen ‘Gleann na nGealt thoir’ seal, seal a thug deis dó meabhrú ar ‘cló ceart’ na ndaoine, cló atá ceilte ar éigean orthu i stair oidhreachta na comharsan acu féin.
»»»Easaontas idir pháirtithe an rialtais, idir pholaiteoirí agus saol na feirmeoireachta agus fíorais astuithe astu féin a chuir Tomas Ó hAodha i mbun méarchláir.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.