AR NA SAOLTA SEO
An Murtall in Áit an Smachta
Gráinne Campion Gráinne Campion Gráinne Campion

Moltar dúinn teacht roimh dheacracht anois láithreach más mian linn bás luath a sheachaint amach anseo. Bhí Gráinne Campion ag éisteacht le caint shiosmaideach.

Meastar go mbeidh muintir na hÉireann ar barr liosta murtaill na hEorpa i 2030 de réir Dr. Laura Webber ón UK Health Forum le gairid ag Comhdháil ‘EuroPRevent’ in Amstardam.

Ní ag muintir na hÉireann amháin, dar le Dr. Webber, a fheicfear an t-ardú suntasach seo ó thaobh fadhbanna murtaill ach ag gach aon bhall de na 53 tír. Níl aon ráta meán leitheadúlachta ann don Eoraip. Beidh an leibhéal murtaill san Ísiltír ardaithe 15%, fágaim, ach in Éirinn, meastar go mbeifear ag súil le hardú 47%!

neart staidéir déanta ar ról an tuismitheora agus na clainne i gcúrsaí spóirt agus spraoi an pháiste atá róthrom. In Éirinn, tá duine as gach cúigear páiste bunscoile ag aois a cúig róthrom nó murtallach dar leis an staidéar is déanaí ‘Growing Up in Ireland’. Ghlac níos mó ná 11,100 páiste páirt sa chlár le bliain anuas. Níl aon amhras ach go bhfuil freagracht ar leith ar thuismitheoirí as sláinte na clainne. Is acusan atá an dualgas smachta agus tá baint lárnach ag comhoibriú an teaghlaigh le chéile chun aghaidh a thabhairt ar an fhadhb nó chun a chinntiú nach mbeidh an fhadhb ann i dtosach. De réir taighde na hÉireann tá baint ag an mhéid ama a chaitheann paistí os comhair na teilifíse leis an scéal, nó os comhair scáileáin, is cuma ar ipod nó ipad nó a leithéid.

Ith do Bhealach chun na Sláinte

Tá Fiona Ní Anluain ina Dochtúir teaghlaigh i gContae an Chabháin agus dar léi, “tá ról tábhachtach ag na tuismitheoirí idir bhia folláin, thorthaí agus ghlasraí a chur ar fáil. Ba cheart do thuismitheoirí a bheith ag cócaireacht sa bhaile agus gan bia gasta a cheannach agus, an rud is tábhachtaí fós, ná chun uisce a thabhairt mar dheoch dóibh … caithfidh tuismitheoirí a bheith ar an eolas go bhfuil seacht spúnóg siúcra i ngloine amháin de dheoch shúilíneach” a deir an dochtúir.

Ní mó ná sásta a bhí an dochtúir agus í ag caint faoin saol teicneolaíochta ag cur bac orthu a bheith amuigh faoin aer ó mhaidin go faoithin áfach:

“Bíonn gasúir ag féachaint ar an iomarca teilifíse nó ar an ríomhaire agus an t-aon saghas spóirt a mbíonn taithí a imeartha acu ná ceann nach gcaithfidh siad bogadh as an chathaoir. Go fiú ní chaithfear éirí as chun an clár a athrú” a deir an Dochtúir Ní Anluain.

Deirtear má bhíonn an teaghlach ag glacadh páirte i gcluiche nó in aon chineál spóirt go gcoimeádann sé suim an pháiste ann agus go gcruthaíonn sé nasc in aigne an pháiste go bhfuil sé tábhachtach. Deir an Dochtúir Ní Anluain “gurbh fhéidir leo dea-shampla a thaispeáint trí aclaíocht a dhéanamh go minic le chéile, b’fhéidir an carr a fhágáil sa bhaile uaireanta nó an rothar a thógáil amach.”

Is é Lá na Báistí Lá na bPáistí

“Rud eile atá soiléir ná go bhfuilimid rósciobtha mar Éireannaigh, leithscéal na haimsire a reic in ionad éadaí oiriúnacha a chaitheamh le dul amach” a deir sí.

Is aoibhinn le páistí dúshláin nuair a mhealltar iad ina dtreo, mar shampla chun sprioc a thabhairt dóibh go bhfuil deis acu a bheith ina mbuaiteoirí. De réir staidrimh, ba cheart go mbeadh 12,000 céim tógtha ag cailíní óga, 15,000 céim fá choinne buachaillí agus 10,000 céim do dhaoine fásta in aghaidh an lae. Cuidíonn ríomhaí céime, nó mar a deir an Béarla, ‘an peidiméadar’, go mór le páistí atá róthrom a gcéimeanna a chomhaireamh. Is féidir leis na tuismitheoirí agus na páistí uile sa teaghlach tabhairt faoin dúshlán seo.

Ní do pháistí amháin atá comhaireamh céimeanna bíodh a fhios agat! Is féidir le chuile dhuine ríomhaí céime a chaitheamh agus leas a bhaint as. An chéad seachtain den dúshlán seo, is féidir leis an teaghlach an meán a fháil. An dara seachtain is féidir leat duais a thabhairt do chuile dhuine a mhéadaíonn a gcéimeanna laethúla thar 2,000 agus mar sin de. Bíodh béim mhór curtha ar fheabhas agus ar dhul chun cinn an pháiste.

An Rud a tChí an Leanbh, Ghní an Leanbh

Ní hamháin go mbeidh úsáid an ríomhaí chéime iontach ó thaobh na sláinte de ach beidh tú ag cruthú an dearcadh san aos óg go bhfuil atmaisféar dóchasach dearfach i gceist le cúrsaí spóirt atá sultmhar agus taitneamhach.

Dar leis an Dochtúir Ní Anluain, “caithfimid mar thír an chontúirt seo atá mar mhaidhm sa mhullach orainn a mhaolú mar tá baol easláinte agus aigneolaíochta ag baint leis. San áireamhan goile trasna chineál 2, galar croí, an múchadh, neamhoird cnáimhe agus ailt gan trácht ar easpa féinmheasa agus eisiamh sóisialta.”

Is maith is eol dúinn, má chleachtar agus má bhaintear taitneamh as gníomhaíocht áineasa go hóg go leanfar léi níos faide anonn nuair a bheas páistí níos sine. Ba cheart dúinn níos mó aird suntasach a thabhairt ar an fhadhb seo mar shaoránaigh na tíre, mar is ar leas an aosa óig atá muid agus an chéad ghlúin eile aníos inár ndiaidh. Is le fonn agus le teann dóchais gur cheart dúinn breathnú ar na staidrimh seo—mar dhúshlán dúinn mar thír! Smaoinigh ar shláinte páistí na linne seo sula mbeidh sé ródéanach agus iad i mbun a méide sa bhliain 2030… Ní bhíonn an rath, ach mar a bhíonn an smacht.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Mac léinn MA sa Chumarsáid in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge is ea Gráinne Campion.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.