CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
Seachrán Jeaic Sheáin Johnny
Micheál Ó Conghaile Micheál Ó Conghaile Micheál Ó Conghaile

Sliocht as novella le Micheál Ó Conghaile, údar agus foilsitheoir, a bheidh á fhoilsiú san fhómhar.

Bhíodh á faire go laethúil agus í ag teacht ón scoil, í ag pocléimnigh léi go gealgháireach i gcomhluadar na bpáistí glóracha eile i gciorcal a saoil féin. Í beo is a samhlaíocht bríomhar i gcónaí, b’fhacthas . Agus anamúil. bhfuair amach riamh cén t-ainm a bhí uirthi chomh fada lena chuimhne b’fhéidir gurb amhlaidh a dhearmad é d’aon ghnó. Is gcasfaí ar an mbóthar léi féin í raibh cinnte cén t-ainm as a mbeannódh di.

Ach bhíodh áthas air í a aimsiú lena shúile cinn sa mbuíon daltaí scoile, bhí an oiread eile áthais air gan blas hainm a bheith ar eolas aige, chreid , óir b’amhlaidh a theorannódh ainm baiste ise agus a shamhlaíocht féin. Ina áit mhéadaigh agus threisigh sin an draíocht agus an mhistéir a bhain léi. Amhail is mbeadh geasa ar a chluasa diúltú hainm saolta. Amhail is mbeadh rud éicint nua fúthu le foghlaim i gcónaí aige. Thabharfadh an méid sin saoirse shoilseach shólásach di a thaitníodh leis. bhí marc bradach séala strainséarach uirthi, thabharfadh seisean sin faoi deara. Agus go méadaíodh a fhiosracht ina leith ar bhealach amháin b’fhiosracht aibí a bhí ann faoi seo agus bhraith cibé ainm a bhí uirthi, nárbh é an t-ainm é a thabharfadh seisean uirthi go bhféadfadh an t-ainm ab áille is ab fhírinní ar domhan a bheith tugtha uirthi i ngan fhios . Bhíodh ag smaoineamh amanta ina bhrionglóidí seachránacha agus i bhfinnscéalaíocht a intinne go mbeadh ainm le fuaim fhileata chroíúil ar nós Niamh Chinn Óir go deas cóiriúil mar ainm di mar gheall ar a folt óir gruaige, a bhíodh an ghaoth a scuabadh go grámhar siar ó chúl a cinn le linn di a bheith ag sodar abhaile ón scoil.

Agus in imeacht na mblianta fadálacha rinne nós rialta a bheith ag siobáil leis amuigh i ngarraí an bhóthair le linn am dúnta na scoile. Bhíodh ag cur cruógaí beaga air féin, ag freastal ar lao ag réiteach ar ghamhain, ag coinneáil súil ar an mbó díreach ag biorú an chlaí mar dhea, ag socrú cloch chorrach anseo is dhá chloch ansiúd ar a barr. É go minic ag feiceáil scailpe mant san áit nach raibh a leithéid.

Ach nach ionadh, ba bheag aird a thugadh na daltaí scoile - an scór acu a bhí ann - ar Jeaic Sheáin Johnny ar a sheachrán b’eol dóibh faoina leithéid. Seanfhear a bhí ann. Seanfhear eile a bhí ann chomh fada agus a chonaic siadsan é. Duine eile de sheanfhondúirí líonmhara an bhaile a bhí ina chónaí leis féin, go gcloisidís a ghuth binn bog go minic ar an raidió, óir b’amhránaí aitheanta a bhí ann nár spéis leosan na seanamhráin fhada fhadálacha a chasadh . Go deimhin, ba mhinice a mhalairt a mhúchaidís an raidió gcloisfidís é théadh ar thóir popamhráin faoi dheifir ar stáisiún éicint eile. Deiridís heileo amháin leis bhfeicfidís é buailte orthu in aice an bhóthair mbeannódh díobh go géimiúil go grástúil thar chlaí a gharraí. Ghliondálaidís siad leo abhaile go sodrach ansin.

Is bhíodh áthas éadrom airsean aon uair a thagadh éinne acu aníos an bóithrín cam casta ar cuairt chuig an teach aige. Bhíodh brí bhreise ina choiscéim ag dul chuig an doras nuair a chloiseadh guthanna gasúr. D’fháiltíodh isteach thar an tairseach iad. An comhluadar b’fhéidir is aicearra aimsire. Spleodar na hóige. Ach ar cuairt a thagaidís go díreach ach is amhlaidh a bhíodh ag díol ticéad le haghaidh chrannchur na scoile ag cruinniú airgid do chúis, do cheist do chiste éicint. Don ghorta ba dhéanaí do pháistí an tríú domhan. Ach bhíodh fáilteach flaithiúil leo i gcónaí. Fial flaithiúil. Is b’in an cháil a bhí riamh air.

Ach níor tháinig sise chuige ariamh. A Niamh Chinn Óir. Ainneoin gur mhinic é ag faire amach di dheoin is ainneoin. Ach ugach chun a dhorais fhéadfadh a thnúthán ba ghéire a thabhairt di. Is raibh baileach cinnte céard a déarfadh léi dtiocfadh , ach é go síoraí ag cur comhairleachaí air féin trína chriathar aigne. Ach bheadh flaithiúil léi ar aon nós. B’in cinnte. Is ligfeadh don nóiméad speisialta úd soiléiriú a thabhairt air féin, dtiocfadh . . . Ach dúirt leis féin ansin gur dóigh go raibh na seacht bhfainic curtha uirthi go raibh fógra beo tugtha di gan a theach a thaobhachtáil ar a bhfaca riamh. Ach raibh cinnte dearfa faoi seo. Cén chaoi sa mí-ádh a bhféadfaidís fainic leithéid a chur uirthi gan an cat fiáin a ligean as an mála, a smaoinigh os ard. Nár mhar a chéile seandaoine do ghasúir bheaga. Seanfhondúirí uile an bhaile. dtabharfaí fógra fainice di nach amhlaidh a threiseodh sin a fiosracht. Bhí gasúir mar sin. Bhí . . . Agus nach amhlaidh a thiocfadh le duine comhscoláirí aisti féin ar chúla téarmaí. Níor ghéill cailíní óga d’orduithe ar na saolta seo, thuig . Gheofaí bealach.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.