AR NA SAOLTA SEO
An Dá Shaol
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

D’fhág Robert McMillen ‘Gleann na nGealt thoir’ seal, seal a thug deis dó meabhrú ar ‘cló ceart’ na ndaoine, cló atá ceilte ar éigean orthu i stair oidhreachta na comharsan acu féin.

Bhí mé ag tiomáint i lár Chontae Dhoire an tseachtain seo caite, an ghrian ag scoilteadh na gcloch. Ag dul thart ar theach amháin, chonaic mé cailín sna déaga luatha ag bualadh sliotair in éadan ghiall an tí.

An mhí seo, bhí rún agam scríobh faoin Groundhog Day ó thuaidh. Tá an tOrd Flannbhuí ag rá go bhfuil teannas ag méadú agus muid ag tarraingt ar bhiaiste na máirseálacha agus iad ag cur an loicht ar Éirinn agus ar a bhean (a fear?) seachas iad féin. Chaith easaontóirí poblachtánacha buama píopa ar bheirt phóilín i gceantar dhílseach seachtain i ndiaidh ‘Sheachtain Dhea-Chaidrimh’. Ní shílim gur sin an rud a bhí i gceist leis an tseachtain. D’éirigh le Ann Travers - agus Jim Alastair - bille a chur fríd a chuir cosc ar iarchimí, a chaith níos mó ná seacht mbliana ar an leaba chláir, bheith fostaithe mar chomhairleoirí speisialta i Stormont, ag díriú an spotsolais ar an SDLP nach raibh a fhios acu cén treo ina rachadh siad, ag cur le híomhá na mí-éifeachta atá orthu le fada an lá.

Ach níl mé ag dul a scríobh faoi sin. Anuas ar a bhfuil ag titim amach sna nuachtáin, ag Stormont, i Westminster, tá pobail ag bogadh ar aghaidh lena saol in éagmais chórais aibí polaitíochta. Tá cailín na camóige a chonaic mé i gCarn Tóchair, 3 mhíle siar ó Mhachaire Ratha, mar chuid den dul chun cinn sin. Ní ba luaithe, bhí mé ag barr shliabh Charn Tóchair.

Leag Siad Cloch ar a gCarn Féin

Tá Carn Tóchair luaite i dTáin Bó Cuailgne, fírice a thugann léargas duit ar a luaithe is atá na ‘dreary steeples’. Tá coill ársa ag Droim nDamh (tá ainm a bhfuil anáil na staire le mothú sa logainm sin, nach bhfuil?): cromleac ag Tír Chiana, teach allais (cineál sauna Éireannach), Seanteampall Naomh Luraigh, agus tuama cúirte ar Chnoc Uí Neill. Ag tarraingt ar bharr Chnoc Charn Tóchair, chonaic mé Carn na nImirceach, carn ar a fhágadh imircigh cloch agus iad ar a bhealach go Doire le himeacht chun na coigríche ar an bhóthar ársa a bhfuil a iarsmaí le feiceáil go fóill.

Luigh mé siar ar bhinse atá tógtha in aice leis an charn, ag amharc ar an thírdhreach álainn, bolg le gréin, ag éisteacht leis na héin agus an ghaoth, i dteagmháil le mo shinsir.

Is gá a leithéid a dhéanamh, ní le ciall a bhaint as a bhfuil ag titim amach i dtuaisceart na hÉireann ach le fail amach cad é chomh hamaideach is atá sé. Ní leor leabhair a léamh. Thiocfadh liom dul chun na leabharlainne agus leabhair staire a léamh ach is eachtra eile i bhfad Éireann níos saibhre a bheith ar an láthair agus cead a cinn a thabhairt don tsamhlaíocht agus dhá chodarsna a dhéanamh; a bheith sáite san am i láthair ar modh eisíoch - an ghrian, an ghaoth, fuaimeanna an dúlra, srl. - agus, ag an am chéanna, imeacht ón am i láthair siar go dtí clanna éagsúla Uí Néill san aimsir anallód ag meabhrú ar an tsaol a bhí acu, ar an chineál Ghaeilge a labhair siad, an chiall a bhain siad as an tsaol chrua a bhí acu.

Oidhreacht na Cathrach

Tá cuid mhór le foghlaim ón chineál seo eachtraíochta dar liom. Níl a fhios agam an oibreodh sé i suíomh uirbeach ach tá féidearthachtaí ann. An tseachtain seo caite, chonaic mé cúpla bean ó Bhóthar na Seanchille ag siúl suas Bóthar na bhFál - níl sé chomh hiontach sin uilig! B’as Ionad na mBan ar Bhóthar na Seanchille (suíomh ársa eile é ar ndóigh an tseanchill chéanna). Bhí na mná ar turas treoraithe ó reilig na Seanchille go dtí Reilig na Cathrach ar Bhóthar na bhFál. Tá daoine á n-adhlacadh i reilig na Seanchille le míle bliain gí go bhfuil dáta 1685 ar an leic is sine.

Dhá lá ina dhiaidh sin, chuaigh na daoine céanna ar shiúlóid eile, ó Shráid Agnes i gceantar na Seanchille ag dul thart leis an Soho Foundry ar leis an ghníomhaí Gaeilge é sa 19ú céad, Robert Shipboy McAdam, go dtí Bóthar na bhFál arís. An bealach úr é seo chun an athmhuintearais, an stair logánta? Tá togra eile ar siúl idir dreamanna in oirthear agus in iarthar na cathrach ina mbeidh daltaí scoile ag tabhairt cuairt ar cheantracha a chéile le líníocht agus péinteáil a dhéanamh ar fhoirgnimh agus ar shráideanna.

Is tionscadal é seo ina gcuirfidh daoine óga aithne ar a chéile agus ar cheantracha nach leagfadh siad cos go deo iontu de ghnáth. Ach sna nuachtáin, ar an teilifís agus ar an raidió sna míonna atá amach romhainn, ní bheidh ach mórchuimsiú scéalta ar mhórshiúlta, teannas agus easaontas.Tá saol eile o thuaidh ach muid dul i ngleic leis.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.