TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Ar maos sa Ghaeilge agus sa cheol Gaelach (Cuid 1)
Galt Barber Galt Barber

Bhí Galt Barber, ceoltóir agus cláraitheoir ríomhaireachta a bhfuil cónaí air i gCalifornia, ocht mbliana is fiche sular chuala trácht ar an Ghaeilge. Luigh isteach ar fhoghlaim na teanga ag an am sin agus líofacht bainte amach aige, in ainneoin nach raibh in Éirinn ach uair amháin.

Íomhá
Íomhá
Galt Barber agus a bhean chéile, Janet Herman

Dia dhaoibh, a chairde! Is mise Galt Barber. Is as Deisceart Chalifornia ó dhúchas , ach i mo chónaí i Santa Cruz (Crois Naofa), California le trí bliana déag anois. Thit i ngrá le ceol na hÉireann ar a bpointe an chéad uair a chuala é, agus d’fhoghlaim cuid mhaith port ar an fhidil. Sheinninn le mo dhlúthchara Mike Long, fear cumasach a rinne fidil féin agus a dhéanann hologramaí ina chomhlacht féin. D’éistimis le ceol Planxty agus dreamanna eile mar sin.

an t-ádh orainn i Santa Cruz go bhfuil mórán ceoltóirí den chéad scoth ag teacht anseo. Is é Bob Breheny a chuir tús leis agus is é an Monterey Bay Celtic Society (MBCS) a uirlis. Tugann Síle Fisher, bean as Ciarraí o dhúchas, an-chuid cabhrach agus bíonn muid ag éisteacht le leithéidí Martin Hayes, Nomos, Lúnasa, Solas, Danú agus Dervish! muid inár bpeataí millte acub!

Bhí thart ocht mbliana is fiche d’aois ag an am sin. raibh a fhios agam roimhe sin go raibh an Ghaeilge ann. A leithéid d’aineolas! Ach faraor, creidim go bhfuil cuid mhaith Meiriceánach aineolach mar féin dtaobh di. Ach chonaic ainmneacha aisteacha ar na poirt a bhí muid a sheinm agus bhí ag déanamh iontais dóibh.

Reáchtálann an MBCS seisiún ceoil uair sa mhí freisin. Tagann Síle chun a súil ghéar a choinneáil orainn. sin deacair go leor, ach bean láidir atá inti. Is ag an seisiún a dúirt liom amháin go raibh rang Gaeilge ar siul. Bhuel, deirim leatsa nár chaill am ar bith ag baint tairbhe as sin! Chuir glao ar an mhúinteoir, Mike Roche. Bhíos i mo bhacach ceart ag iarraidh cead a fháil uaidh teacht chuig an rang Gaeilge. raibh cinnte faoi mo theacht isteach, mar bhí an rang ag teacht le chéile tamall maith faoin an am sin. Dúirt leis go ndéanfainn mo dhícheall agus ghlac liom ar deireadh.

Sult mór

Bhí an rang rud beag deacair ar dtús ach bhain sult mór as. Go bhfios dom ag an am, duine de shliocht Éireannach a bhí ionam. Ach bhí suim agam i dteangacha nuair a bhí óg, agus go n-oibrím mar chláraitheoir ríomhaireachta, bhí an tsuim sin á múscailt arís. Chuaigh go dtí an rang gach dara seachtain ar feadh bliana, gan mórán staidéir a dhéanamh taobh amuigh den rang féin. Thug Mike rudaí iontacha dúinn le léamh, mar shampla *Jimín *leis An Seabhac, agus táim an-bhuíoch de. ( Mike Roche ar ais ina chónaí in Éirinn faoi láthair.)

Ansin bheartaigh féin agus mo bhean chéileSinéad”, mar a thugann na hÉireannaigh anseo uirthi, turas a dhéanamh go hÉirinn. Bhuel, is rud maith é cuspóir a bheith ag duine, agus rinne féin an-iarracht ar an teanga a fhoghlaim. Bhí ag foghlaim Gaeilge dhá trí uair an chloig sa . Is é an liosta Gaeilge-B is a thug cabhair dom ag an am sin. Is iontach na daoine an dream atá ar an liosta. chreidim go mbeadh an Ghaeilge agam inniu gan iad. Daoine mar Marion Gunn, a bhunaigh an liosta, agus daoine mar Sean Kelley a choinnigh ar siúl é.

beirt ar mhaith liom buíochas mór a ghabháil leo as na hiarrachtaí a dhéanann siad ar son na teanga agus ar son na bhfoghlaimeoirí: Dennis King agus Panu Höglund.

Nuair a thosaigh ar an liosta, raibh in ann mórán a thuiscint, ach bhí foclóir póca agam agus tagann beagnach gach teachtaireacht ar Gaeilge-B le haistriúchán Béarla. Bhain sult mór as a bheith ag iarraidh na teachtaireachtaí Gaeilge a thuigbheáil. Ár dtus bhí i molurker”, dála mórán daoine. Shocraigh dul ar ais sa chartlann agus gach teachtaireacht a bhí seolta roimhe sin a léamh. Bhí ábhar an-mhaith sa chartlann, ag dul ar ais blianta ag an am. Tar éis roinnt míonna bhí go léir léite agam.

Bhraith go raibh aithne agam ar na daoine ar an liosta, ainneoin nach raibh dada scríofa agam chucu i ndairíre. Bhí réidh le cúpla teachtaireacht Ghaeilge a chur chuig an liosta. Tar éis tamaill, bhí aithne agam orthu agus caithfidh a nach bhfuil daoine níos fearr áit ar bith! I rith an ama sin, d’ordaigh mórán leabhar agus téipeanna Gaeilge. D’ordaigh an nuachtán *Foinse *agus rinne iarracht é a léamh gach seachtain. Caithfidh a admháil nach bhfuil ró-thógtha le cúrsaí spóirt, gur breá liom go mór an páipéar sin agus d’fhoghlaim an-chuid Gaeilge uaidh.

I rith an ama sin raibh mórán deiseanna agam an teanga a labhairt, ach bhí feabhas ag teacht ar mo chuid scileanna léitheoireachta. amháin chuaigh ar thuras gnó go Nua-Eabhrac agus thug cuairt ar Shiopa Leabhar na hÉireann i Manhattan. (Níl ann anois, mór an trua! Choinnigh Angela Carter ar siúl é ar feadh fiche bliain, ach dhruid an doras den uair dheireanach cúpla bliain ó shin.) Anseo sna Stáit Aontaithe, féidir le duine teacht ar mhórán seachas *Teach Yourself Irish *agus foclóir póca. Nuair a chuir mo chos isteach sa siopa leabhar sin is beag nár thit mo ghiall ar an urlár. Bhí leabhair as Gaeilge ann ó bhun go barr agus bhí mise sna flaithis!

Sa dara cuid den alt, a fhoilseofar an mhí seo chugainn, beidh cur síos ag Galt ar a chéad turas go hÉirinn.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.