AR NA SAOLTA SEO
Beart Neamhchríochnaithe na nGlasach
Tomás Ó hAodha Tomás Ó hAodha

Easaontas idir pháirtithe an rialtais, idir pholaiteoirí agus saol na feirmeoireachta agus fíorais astuithe astu féin a chuir Tomas Ó hAodha i mbun méarchláir.

Anois, tá turgnamh mór an Chomhaontais Ghlais tagtha chun deiridh anois agus tá an rás rite acu. An barrshaothar dá chuid, an bille um fhreagairt don athrú aeráide, tá sé curtha ar leataobh acu, agus ní fios d’éinne an reáchtálfar é, nó an reáchtálfar leagan de fiú amháin ar chor ar bith amach anseo. Leis an bhfírinne a dhéanamh, is deacair a shamhlú go mbeadh páirtí sa chéad rialtas eile a mbeadh a leithéid de bhille chomh mór mar thosaíocht acu.

Maolaisnéis ab ea a rá go raibh an bille, mar a d’fhoilsigh an rialtas é, conspóideach. Ba bheag an tacaíocht a fuair sé i ndáiríre. Thosaigh an gnáthsclamhairt amach ina choinne. Bhí ina measc Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann agus CGFÉ, agus iad a mhaíomh go gcuirfeadh na spriocanna uaillmhianacha sa bhille isteach ar théarnamh geilleagair na tíre. Suimiúil go leor, dúirt iar-preasoifigeach CGFÉ, i litir a scríobh sé chuig an Irish Times, nach raibh i ráiteas CGFÉ ach “argóintí gan fianaise den sórt sin a dhéanann siad gach uair a chuireann an rialtas reachtaíocht fhorásach chun cinn.” Mar dhuine a d’oibríodh taobh istigh de CGFÉ, agus a scríobh preasráitis dhiúltacha ar a shon i gcoinne bhearta comhshaoil eile, is deacair neamhaird a dhéanamh dá thuairim.

Astuithe na Feirmeoireachta

Cad faoi na feirmeoirí? De réir cara liom atá gníomhach san IFA leis na blianta, nach mbíonn drogall riamh air an eagraíocht a cháineadh nuair is gá, áfach, is i ndáiríre atá na baill líonraithe roimh an reachtaíocht seo. Áitíonn siad nach n-aithníonn an bille nua go dtagann céatadán as cuimse d’astuithe carbóin na tíre seo ó earnáil na feirmeoireachta, agus toisc go dtagann 95% de na hastuithe sin ó ghnáthobair na feirme (de réir staidrimh ón ICMSA), bheadh sé fíordheacair iad a laghdú. Chomh maith leis sin, a mhaíonn siad, má chuirimid srianta mar seo orainn féin anois laghdóidh sé ár gcumas margála in aon idirbheartaíocht idirnáisiúnta a tharlóidh amach anseo.

Mura mbíodh cúrsaí polaitíochta ina chíor thuathail faoi láthair, is deacair a thomhas cé chomh mór is a bheadh tionchar na n-eagraíochtaí feirmeoireachta ar chinneadh an rialtais. Ní hamháin go raibh gealltanas scríofa i gClár Comhaontaithe don Rialtas go reáchtálfar leagan áirithe den bhille seo, ach chomh maith leis sin níor mhaith a lán polaiteoirí fós do na heagraíochtaí feirmeoireachta as an scaoll a chuir siad ar fheirmeoirí roimh an chéad Reifreann ar Chonradh Liospóin. Ba shin é an scaoll nach raibh siad in ann smacht a choimeád air faoi dheireadh.

Troid go hImirt Anama

Ach, mar is eol dúinn, tá olltoghchán ag drannadh linn agus tuigeann iarrthóirí Fhianna Fáil gur troid go himirt anama atá rompu i ngach aon dáilcheantar. Cuir san áireamh an laghdú mór atá tagtha le déanaí i gceannaireacht an pháirtí, agus is beag an baol go rachadh teachtaí Fhianna Fáil ar ais chuig an lucht vótála a rá go mbeadh cruatan breise i ndán dóibh. Roimh siúl amach na nGlasach, fiú, bhí ceannaircigh i bhFianna Fáil ag cur in iúl dúinn nach vótálfaidís ar son an bhille sa chruth ina raibh sé. Cé gurbh é anord Fhianna Fáil a tharraing anuas an rialtas, fós ba é saontacht pholaitíochta na nGlasach féin an bhunchúis nár cuireadh i gcrích an reachtaíocht roimhe seo. Mar a dúirt Seamus Brennan, go ndéana Dia grásta air, is “iománaíocht sinsir” an cluiche polaitiúil ag an leibhéal seo, agus d’fhág na Glasaigh ródhéanach é le cúl an bhua a bhaint.

Léirigh conspóid an bhille seo lúb ar lár eile i gcóras an Oireachtais seo againne. Tá coiste faoi leith sa Dáil a bhfuil sé mar dhualgas air ceisteanna faoin athrú aeráide a chíoradh, agus d’fhoilsigh an coiste a bhille féin i mí Dheireadh Fómhair anuraidh maidir le hathrú aeráide agus slándáil fuinnimh. Bhí tacaíocht ag an mbille sin ó gach aon pháirtí sa Dáil, agus táthar ann a mhaíonn go raibh na spriocanna sa bhille seo níos déine fiú ná ceann an rialtais. Ach de réir bhaill an choiste, tháinig foilsiú bhille an rialtais, dhá mhí níos déanaí, aniar aduaidh orthu, agus é ag teacht salach ar a gcuid oibre féin – obair a bhí ceannródaíoch go maith, dar leo.

I bhFad Níos Tromchúisí

Is cuma, ar shlí, cibé bille atá níos fearr ná a chéile – is údar imní í go raibh dhá dhream éagsúla ag obair ar an ábhar céanna - cur amú ama agus airgid é amach is amach. Tabharfar neamhaird iomlán anois is dócha ar cheann amháin ar a laghad den dá bhille a foilsíodh. Cloistear an-chuid cainte faoi athleasú an Oireachtais, faoi líon na dteachtaí agus faoi ról an tSeanaid ach go háirithe, mar is ceisteanna iad a bhfuil tosca éasca dul i ngleic leo. Ach mar a léiríonn an cás seo tá fadhbanna eile sa chóras nach réiteofar i ndíospóireacht na ngiotán cainte a bhíos á raideadh thart go rómhinic sa lá atá inniu.

eachtraí na Dála le déanaí ag tarraingt aird an phobail ó chúrsaí i bhfad níos tromchúisí ar ndóigh. Agus Fianna Fáil ag tabhairt tacaíochta do Brian Cowen (roimh dóibh é a aistarraingt go gairid ina dhiaidh), nocht Eagras Mheitéareolaíochta an Domhain gurbh é 2010 an bhliain ba theo dár taifeadadh riamh, agus go bhfuil treocht fhadtéarmach shoiléir le feiceáil, agus teocht an domhain ag dul in airde an t-am ar fad. Is mór an baol anois go gcuirfear an saghas reachtaíocht radacach sin atá riachtanach ar an méar fhada, ar eagla go gcuirfeadh sí isteach ar dhreamanna a bhfuil bun mór acu sa chóras mar a bhfuil sé. Ar ndóigh, tá argóintí mar sin cloiste againn cheana féin in earnáil an airgeadais – níor cheart cur isteach ar chúrsaí, níor chóir iarracht a dhéanamh rudaí a chur i gceart ar eagla go laghdófaí brabús. Beimid go léir, agus sliocht ár sleachta, ag íoc as an dearcadh sin go ceann tamaill, i saol an airgeadais agus i saol na timpeallachta araon.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.