CÚINNE NA nEALAÍON
Fuair Christopher Nolan bás an mhí seo caite.
Colm Ó Snodaigh Colm Ó Snodaigh

Tugann Colm Ó Snodaigh cuntas dúinn san alt seo ar an dul chun cinn atá déanta ag roinnt daoine agus comhlachtaí i leith ceapadh an cheoil ag an duine a bhfuil éalang ag cur as dó. Is trua a deir sé, nach raibh an deis seo, My Tobii, ar an bhfód le linn do Christopher Nolan fás aníos, fear a chruthaigh in aghaidh gach constaice nach féidir fear an mhisnigh a chloí.

Íomhá
Ag foghlaim na riomhaireachta
Íomhá
James Brosnan
Íomhá
Katy Gilligan
Íomhá
Deis Gháire faoin obair
Íomhá
I mbun ceoil le chéile

Shíothlaigh Christopher Nolan uainn an mhí seo caite. Mar scríbhneoir a bhain sé cáil amach – duais Whitbread bronnta air as a dhírbheatháisnéís, Under the eye of the Clock. Duine ar leith a bhí ann.

Rugadh é le pairilis cheirbreach (Cerebal Palsy) - éalang cholainne a d’fhág é gan aon smacht aige ar thromlach a mhatán. Ar bhealach bhí sé dúnta isteach ina chorp. Bhraith a mháthair áfach, go raibh meabhar cinn ghéar aige toisc go raibh spleodar agus éirim ag damhsa ina shúile. Le dua fuarthas bealach lena scríbhneoireacht a mhealladh agus deis a thabhairt dó cumarsáid leis an domhan mór. Cuireadh mar a bheadh unicorn, nó aon bheann, ar a cheann agus sheasadh a mháthair taobh thiar dó ag coinneáil a chinn sochar fad is a threoraigh sé barr an unicorn i dtreo litreacha an chlóscríbhneora - gach litir agus focal ag teacht uaidh go mall réidh. Mar a dúirt mé, duine ar leith.

Mick Donegan

Duine ar leith eile ná Mick Donegan – Sasanach de bhunadh na hÉireann. Mar mhúinteor a rinne sé traenáil, ach diaidh ar ndiaidh, thuig sé go raibh páistí ann leis an éalang chéanna le Christopher Nolan nach raibh ag fáil na ndeiseanna a bhí á bhfáíl ag ‘gnáth’pháistí. D’éirigh sé as an múinteoireacht agus dhírigh a fhuinneamh ar bhealaigh a fháil le deiseanna a chur ar fáil dos na páistí ‘neamhghnácha’ seo. Deiseanna cainte, deiseanna spraoi, deiseanna saoil.

Bhí hunch nó tuairim aige gur sna súíle a bhí an-chuid des na deiseanna seo, óir tá smacht ag beagnach gach éinne, nach mór, ar na hocht matán a threoraíonn gluaiseacht ár súl, ar neamhchead d’aon éalang a bheadh orthu.

Thit sé amach agus é ag surfáíl ar thonnta an idirlín gur tháínig sé ar an gcomhlacht Sualannach, Tobii. Ag plé le ríomhairí agus le radharc súile a bhíodar. Trí cheithre cheamara fodhearg a úsáid, bhíodar tar éis teacht ar chóras a bhí ábalta radharc na súl a leanúint timpeall scáileán an ríomhaire. Le lucht díolta fógraíochta a bhíodar ag iarraidh an córas a dhíol!

Bheartaigh Mick dul chun cainte leo lena thuairimí a mhíniú dóibh. D’éisteadar. Thuigeadar agus anois tá córas curtha in oiriúint acu do dhaoine le cp nó ilscéaróis nó fiú daoine le strócanna – éinne atá dúnta isteach ina gcolainn ar nós Christopher Nolan. My Tobii a ghlaotar air. Tá obair leanúnach ar bun leis an gcóras a leasú is a fhorbairt, óir tá sé óg go maith, go fóill, mar chóras.

James Brosnan

Le roinnt blianta anuas tá mé tar éis aithne a chur ar chupla duine a rugadh le pc. Ina measc tá James Brosnan (Ciarraíoch le spiorad spleodrach) agus Katy Gilligan, óg-bhean dathúil as Caisleán Cnucha. Súile glioscarnacha, lán le beocht acu beirt: meabhar cinn ghéar ach buan-bhunfhadhbanna le heaspa smachta ar mhatáin na colainne.

Séard a dhéantaí go traidisiúnta le daoine mar iad ná an matán is seasmhaí, a aithint agus córas leictreonach a thógáil timpeall ar an matán sin le deis a thabhairt don duine scríobh nó caint fiú ar nós an réaltólaí Stephen Hawkings.

Le James, is é an matán a úsáideann sé ná Sternocleidomastoid - matán an smiolgadáin, nó matán taobh an mhuiníl! Tá fáinne plaisteach ceangailte timpeall a mhuiníl - luch an ríomhaire faoina smig, a ríomhaire ceangailte leis an idirlíon agus é ag cliceáil leis ó mhaidin go hoíche. Is minic, mar shampla, a sheolanntorthaí spóirt chugam nuair a bhím thar lear! Go mall réidh a deir sé pé ní is gá dó a rá – é lan de ghreann agus de spleodar de ghnáth.

Katy Gilligan

Tá Katy beagánín difriúil óir níl aon mhatán seasmhach go leor aici - seachas a súile. Ach go dtí gur thosaigh sí ag úsáid an My tobii is trína máthair a labhraíodh sí - ceangal diamhaireach eatarthu inar féidir lena máthair smaointe agus fonn a hiníne a léamh.

An tOllamh Lizbeth Goodman

Ceann des na deiseanna nach raibh ag ceachtar den triúir thuas ná deiseanna ceol a sheinnt. Agus sin mar a thagaimse isteach san scéal!I dteannta le Mick agus bean suaithinseach, an tOllamh Lizbeth Goodman ó SmartLab, táimse tar éis a bheith bainteach le hiarrachtaí an deis seo a chur ar fáil dóibh trí obair leis an My Tobii. Ní ga dom ach seinnt nó fuaimeanna nó frásaí ceoil a thaifeadadh agus fágaim an draíocht teicniúil faoi na draoithe teicniúla!

Sé an chaoi go n-oibríonn sé ná go roinntear an scáileán i mboscaí ina gcuirtear ruainní beaga ceoil atá réamhthaifeadta agus trí bhreathnú ar na boscaí ‘seinntear’ an ruainnín ceoil. Ar an gcaoi seo, tig le James, fágaim, giotár a ‘sheinnt’. Agus muid ag taispeáint an chórais seo do dhaoine ar spéis leo a leithéid, seinnimse ina theannta agus babhtálann muid ‘licks’ le chéile.

Leis an smaoineamh seo i réim, eagraíodh coirm cheoil in amharclann Paccar, i gColáiste na Tríonóide mar chuid den taispeántas EyeLight sa dánlann Eolaíochta. Inár dteannta bhí Dee Armstrong (a bhíonn ag seinnt liom i Kíla), Eoin O Brien, Martin Brunsden agus Robbie Perry – triúir eile atá gar go leor do chlann Kíla!

Ansin ag deireadh na míosa seo chaite, rinne Robbie Perry an próiseas a thógaint níos faide nuair a d’éirigh leis é a chur in oiriúint do chóras midi. Anois tig le James nó Katy uirlis fisiciúil (ar gá a chur in oiriúint go meicniúil don chóras midi) a sheinnt lena súile!

Is rud fíor-fíorbhunúsach atá déanta aige, óir beidh an deis anois ann ag daoine, le réimse leathan éalainge, ceol a sheinnt, más mian leo.


Nuair a chuala mé an nuacht go bhfuair Christopher Nolan bás, cheapas gurbh é an trua é nach bhfuair sé an deis seo. Má bhuaigh sé duais Whitbread dá scríobh próis, cad a bhuafadh sé dá mbeadh sé ag cumadh ceoil?

http://www.smartlab.uk.com/flyer/eyelightmusicdance04.pdfhttp://www.youtube.com/watch?v=dWBOfx5u0YY(an chéad uair a d’úsáid Katy Gilligan an My Tobii)http://www.tobii.com/corporate/start.aspx(suíomh idirlín déantúsóírí an My Tobii)

http://www.guardian.co.uk/books/2009/feb/23/christopher-nolan-writerhttp://www.irishtimes.com/newspaper/breaking/2009/0220/breaking29.htmhttp://www.nytimes.com/2009/02/24/books/24nolan.htmlhttp://www.economist.com/obituary/displaystory.cfm?story_id=13176558(nótaí báis Christopher Nolan)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.