104
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá cluichí ceannais na hÉireann díreach curtha dínn againn agus beidh Sam agus Liam i dTír Eoghain agus i gCill Channaigh faoi seach go ceann bliana. San alt seo, déanann Colm Mac Sealaigh anailís ar imirt na mbuaiteoirí sna cluichí ceannais agus ar imirt a gcéilí comhraic, Ciarraí agus Port Láirge.
»»»D’fhan Bearnaí Ó Doibhlin lena theach a choinneáil slán le linn na bhfalscaithe fíochmhara a thit amach san Astráil roinnt seachtaine ó shin. Déanann sé cur síos san alt seo ar a bhfaca sé is ar a mhothaigh sé le linn ceann de tubaistí tine is measa sa taobh sin domhain.
»»»Níor ghlac Balor le eiseamláir Chathail Uí Éanacháin RTÉ le dul i mbun agallaimh, ach chuaigh a bhealach eisceachtúil éagsúil féin i mbun cainte le ceannaire úr an domhain uile olúil. An bhfuiltear mar a shíltear? An dtuigtear mar a chloistear? An itear mar a suítear? An ndlitear mar a reachtaítear? An mbítear mar a shíltear agus an mbítear mar a síltear?
»»»Is ealaíontóir é Francesco Clemente a bhaineann úsáid as go leor meán difriúil chun domhan a chruthú atá foréigneach agus ina bhfuil iontais agus brón. Thug Ciara Nic Gabhann cuairt ar an chéad mhórthaispeántas dá chuid in Éirinn atá ar siúl in Áras Nua Ealaíne na Éireann i mBaile Átha Cliath faoi láthair.
»»»Tá Bríd Ní Mhaoileoin, bean óg as Ros Goill i nDún na nGall ó dhúchas, lonnaithe i nGraz an hOstaire anois, ach bhí sí sa mbaile in Éirinn le déanaí chun a dlúthdhiosca, Ar Mhuin na Muice, a sheoladh. Labhair sí le hAntaine Ó Faracháin.
»»»Chonaic Brian Ó Broin athrú ag teacht ar lucht teagaisc na teanga i Meiriceá as cúrsa deireadh seachtaine i Nua-Eabhrac a d’eagraigh an Coimisiún Fulbright in éineacht le hOllscoil Mhaigh Nuad.
»»»Ní hí an Astráil is túisce a shamhlófá le sciáil ar an sneachta ach bhí Aoife Uí Fhaoláin ag foghlaim na sciála sna sléibhte i ndeisceart na tíre sin agus molann sí go mór é.
»»»Níor scéal i mbarr bata léim Felix Baumgartner, mar a samhlaíodh do roinnt bheag daoine, ach éacht agus céim mhór chun cinn ag an duine a bhí ann dar le Ciarán Mac Aonghusa.
»»»Chuir Diarmuid Johnson aithne ar choimhthíoch sa nGearmáin a tháinig aneas as an Afraic. Comhrá binse i bhfaiche ollscoile a thosaigh an cairdeas.
»»»Le haghaidh bearradh gruaige a chuaigh Brian Ó Broin isteach chuig an mbearbóir. Thuig sé as an gcuairt go raibh tairbhe ina phost ag fear an tí sin le hais post Mikey, infheisteoir ar Wall Street. Cíoradh níos mó ná an ghruag an lá sin.
»»»Aithníonn Ciarán Mac Aonghusa a bhfuil ag titim amach os comhair a dhá shúil, agus cuireann sé cumha mhór air, ach tá spreacadh fanta in go leor daoine in Éirinn lena gcinniúint féin a cheapadh.
»»»Sliocht as novella le Micheál Ó Conghaile, údar agus foilsitheoir, a bheidh á fhoilsiú san fhómhar.
»»»Ceapadh Diarmuid Johnson ina fhile árais i Rhos-y-Gilwen sa mBreatain Bhig. Cén t-ionadh a bhí air nuair a chonaic sé roimhe an chéad oíche amhrán Phádraig Uí Mhileadha, cóirithe i bhfráma.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoil agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: Lá Fhéile Vailintín.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.