AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Feall na bhFalscaithe
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

D’fhan Bearnaí Ó Doibhlin lena theach a choinneáil slán le linn na bhfalscaithe fíochmhara a thit amach san Astráil roinnt seachtaine ó shin. Déanann sé cur síos san alt seo ar a bhfaca sé is ar a mhothaigh sé le linn ceann de tubaistí tine is measa sa taobh sin domhain.

Íomhá
Troid na dTinte (le Paul R. Weaver)
Íomhá
Triomach mór na hAstráile
Íomhá
Comhartha triomaigh san Astráil

Is tír an-tirim í an Astráil agus leis na mílte bliain anuas, bhíodh tinte á n-adhaint go nádúrtha inti ach na coinníollacha oiriúnacha a bheith i bhfeidhm. Is cuid de nádúr na tíre seo an loscadh sléibhe, mar a mhínigh Daithí Ó Colchúin ar an iris seo (Eagrán 10, Feabhra 2002). Tá plandaí dúchais áirithe sa tír, fiú, nach mbachlóidh mura ndóitear iad. Tá plandaí dúchais eile a scaoilfidh gás indóite nuair a dhóitear iad, agus cuirfidh an gás seo leis an tine.

Tugtar an ‘bush’ ar an limistéar taobh amuigh de na cathracha san Astráil, agus ar na plandaí dúchais a fhásann ann. Tugtar ‘bushfires’ ar na tinte nádúrtha a tharlaíonn faoin tuath.

taithí na mblianta fada ag na húdaráis san Astráil ar láimhseáil na dtinte faoin tuath, agus éiríonn leo, den chuid is mó, iad a cheansú, nó iad a choimeád faoi smacht ar a laghad. Tuigeann na daoine a bhfuil cónaí orthu faoin tuath, ina mbíonn tinte iontu go rialta, an chontúirt a bhaineann le tine. Dá bhrí sin, is annamh nach ndéanann siad an réamhullmúchán oiriúnach lena dtithe agus lena ngiuirléidí a chosaint. Ach ar an drochuair, ní leor i gcónaí an t-ullmhúchán seo.

Bíonn sé dodhéanta na tinte a choimeád faoi smacht nuair a bhíonn na coinníollacha foircneacha i bhfeidhm. Sin mar a bhí sé i Stát Victoria an 7 Feabhra i mbliana, agus dá dheasca tharla an tubaiste nádúrtha is measa i stair na tíre riamh. Lasadh corradh is 400 tine sa stát ar an lá uafásach sin agus cailleadh leo 209 duine, ar a laghad. Díothaíodh corradh is 1800 teach, fágadh timpeall ar 7000 duine gan dídean agus dódh 455,000 heicteár talún. Meastar go gcosnóidh na tinte breis is $2 bhilliún.

Tá Victoria ar an stát is faide ó dheas ar ilchríoch na hAstráile, agus bhí tonn teasa ar dheisceart na tíre ar feadh dhá lá dhéag roimh 7 Feabhra. Bhí connadh tirim go leor ar fáil dá bhrí sin, ach go háirithe, le blianta beaga anuas ina raibh triomach mór, ceann i ndiaidh a chéile. Bhí an teocht suas go 47 céim Celsius in áiteanna ar an lá sin féin, bhí an taise an-íseal agus d’éirigh an ghaoth ní ba láidre san iarnóin.

Ní taithí nua do mhuintir Victoria í an tubaiste a tharla sa stát i mbliana. Cailleadh 47 duine sna tinte móra ann sa bhliain 1983, ar an lá ar a tugadh Céadaoin an Luaithrigh. Sa bhliain 1939 cailleadh 71 duine ar an lá ar a tugadh Aoine Dhubh. Thiar sa bhliain 1851, i luathstair Victoria, dódh ceathrú an stáit in aon lá amháin.

Caithfear a rá nár thuig mé i gceart a láidre agus a thapúla is a bhíonn an cineál falscaí a tharlaíonn go rialta san Astráil, go dtí gur bhuail stoirm olldóiteáin na bruachbhailte in iarthar Canberra sé bliana ó shin. Ina measc tá Kambah, an bruachbhaile ina bhfuil cónaí orainn.

blár poiblí timpeall ar chiliméadar ar leithead idir Kambah agus na bruachbhailte eile inar thosaigh an tine ar 18 Eanáir, 2003. Anuas ar sin, tá mótarbhealach leathan agus bóthar eile eadrainn. Mheas muid go mbeadh an blár agus na bóithre ina gcrios chumhdaigh againn, agus go gceansófaí na lasracha sula sroichfidís ár dtithe. Ach ghluais an tine trasna an bhláir agus na mbóithre taobh istigh de chúpla nóiméad.

Bhí an stoirm olldóiteáin a tháinig trasna an bhláir cosúil le liathróid tine, a bhí ag lúbadh mar a chasann tornádó. Bhain sí crainn suas le fiche méadar in airde, agus a bhfréamhacha, amach as an talamh agus chaith sí san aer iad ar nós cipíní. Nuair a tháinig sí a fhad leis an teach s’againn, bhí an torann cosúil le hinneall eitleáin go díreach os cionn an tí, agus bhí sé deacair anáil a tharraingt ar feadh tamaill de dheasca ídiú ocsaigin an aeir. Bhí an mhaith suite as an aer ar fad, nach mór, ag an loscadh.

An Tost Aisteach

Bhí tost aisteach go díreach ina dhiaidh. Chruinnigh na comharsana ar an tsráid agus faoiseamh orainn go léir gur tháinig muid féin agus ár dtithe slán tríd an anfa teasa.

Bhí an t-ádh dearg orainn nach ndearnadh aon dochar dár dteach féin. Dódh sconsa adhmaid ár gcomharsan béal dorais, ach múchadh an tine sular shroich sé na tithe. Díothaíodh dhá theach sa tsráid taobh linn, agus scriosadh 35 teach ar fud an bhruachbhaile s’againn féin. Cailleadh ceathrar sna tinte in Canberra agus gortaíodh go leor eile, cuid acu dóite go dona. Díothaíodh beagnach 500 teach ar an iomlán in iarthar Canberra sa stoirm olldóiteáin.

Ghlac muid leis an gcomhairle a thug na húdaráis dóiteáin dúinn, nuair a bhuail an stoirm olldóiteáin Canberra. Mhol siad do dhaoine fanacht lena dtithe ar an gcoinníoll go raibh an réamhullmúchán oiriúnach déanta acu lena dteach a chosaint.

D’fhan sinne lenár dteach agus dá bhrí sin bhí muid in inmhe an tine i gclaí ár gcomharsan a mhúchadh agus, is dócha, an teach a shábháil. Mhol na húdaráis do dhaoine freisin cinneadh a dhéanamh go luath roimh ré idir an teach a chosaint nó é a thréigean, agus gan a bheith ag iarraidh éalú ag an nóiméad deiridh. Tugtar ‘dúnghaois fan nó imeacht go luath’ (stay or go early policy) ar an gcur chuige seo.

Thug na húdaráis an chomhairle chéanna do mhuintir Victoria nuair a tharla an tubaiste uafásach i mbliana. Is ríléir go raibh na coinníollacha aimsire ar 7 Feabhra i bhfad ní ba mheasa ná a bhí siad in Canberra sé bliana ó shin, nuair nach raibh an teocht ach timpeall ar 40 céim Celsius. Tuigtear gur fhan formhór na ndaoine a cailleadh sna tinte in Victoria lena dtithe a chosaint.

Bunaíodh Coimisiún Ríoga go díreach tar éis na tubaiste le gach gné a bhain leis a imscrúdú. Beidh dúnghaois na n-údarás dóiteáin thuas i measc na ngnéithe is tábhachtaí ar chlár an choimisiúin. Beidh cúiseanna na dtinte ar an gclár chomh maith, ach go háirithe, mar is léir gur lasadh as mírún cuid acu.

Ní fhoilseofar tuarascáil an Choimisiúin go ceann bliain go leith eile agus idir an dá linn atógfar cuid de na tithe a díothaíodh. Is ríléir go bhfuil cód foirgníochta níos láidre ag teastáil do na tithe nua, go háirithe mar go maítear go mbeidh tinte móra ar siúl sa bush abhus níos minice sa todhchaí mar gheall ar an athrú aeráide.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.