THALL IS ABHUS
Claochlú agus cúlú sa gheilleagar
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Le haghaidh bearradh gruaige a chuaigh Brian Ó Broin isteach chuig an mbearbóir. Thuig sé as an gcuairt go raibh tairbhe ina phost ag fear an tí sin le hais post Mikey, infheisteoir ar Wall Street. Cíoradh níos mó ná an ghruag an lá sin.

Íomhá
Ag an Ghruagaire
Íomhá
Sráid Wall

Beidh a fhios agaibh faoin am a bhfeicfear an t-alt seo foilsithe cé a bhuaigh an toghchán uachtaránachta i Meiriceá, agus mar sin, b’fhearr dom alt na míosa seo a scríobh ar rud tráthúil eile. Cá bhfios céard a tharlóidh san am atá fágtha idir seo agus lá an toghcháin? An scéala gur rugadh grápháiste Barack Obama de Madonna? Gur spáschoimhthíoch í Sarah Palin? Gur feallmharaíodh (agus faraor, d’fhéadfadh an ceann seo tarlú) duine de na hiarrthóirí? Tá feiniméan sna Stáit Aontaithe a dtugtar an "October Surprise" air ina dtarlaíonn rud ollmhór a athrós dreach an toghcháin as cuimse.Mar eolas daoibh, mura dtarlaíonn iontas dá leithéid, ’sé mo thuairim go mbeidh bua éasca ag Barack Obama, a bhuíochas de Sarah Palin. Más ag McCain an bua, ámh, cuirfidh mé fáilte Uí Cheallaigh roimh bhur litreacha spochta.Is dócha go raibh saghas "October Surprise" cheana féin againn: titim uafásach na margaí ar fud na tíre. Bhíothas ag tuar rud mar seo ar ndóigh, i rith an tsamhraidh, agus bhí na margaí ag titim go mall réidh ar feadh tamaillín, ach tharla an claochlú ceart le linn mhí Dheireadh Fómhair. Bhí innéacs tionsclaíoch an Dow Jones fós i bhfad os cionn 11,000 ag deireadh Meán Fómhair. Faoi cheann ceithre seachtainí, thit sé beagnach 25%.

B’shin cúis duairce Mikey, infheisteoir ar Wall Street a tháinig isteach chuig an ngruagadóir maidin Dé Sathairn seo caite."Go bhfóire Dia orainn uilig," ar sé, "ach tá muid i sáinn."Chas Freddy, gruagaire, leis."Cé chomh dona is a bhéas sé?" a d’fhiafraigh sé.Bhreathnaíomar go léir go grinn ar Mikey. D’ardaigh sé cúig mhéar.Lig Freddy fead mall fada as."Cúig mhíle?""Cúig mhíle."An Dow-Jones a bhí i gceist aige. Ach níorbh shin amháin a bhí ag déanamh scime do Mikey."Cruinnithe gruama bagracha de shíor," ar seisean. "Roimh thrádáil agus tar éis trádála. Agus gach nóiméad eile ag breathnú ar an innéacs buinní sin ag ardú agus ag titim. Ní fhaca mé mo pháistí le coicís."Bhí cuma chaite thuirseach ar Mikey, ceart go leor.Bhreathnaigh sé go grinn ar ais orainn."Iadsan faoi deara é. Iadsan a thóg amach a gcuid airgid as an margadh agus a chuir faoin tocht é. Cladhairí! Iadsan is cúis leis an dtitim seo!"D’fhanamar inár dtost. Smaoinigh mé ar airgead mo phinsin a thógas amach as an margadh ceithre seachtainí ó shin. Déarfainn go raibh gach éinne eile ag smaoineamh ar an rud céanna.Is dócha go raibh an ceart, ar bhealach, ag Mikey. Murach ár n-olléalú, b’fhéidir go mbeadh an margadh ag drantán leis go fóill, ach ar an dara breathnú, bhí daoine ag teacht, diaidh ar ndiaidh, ar an tuiscint nárbh ann don airgead craiceáilte seo i ndeireadh báire, agus go rabhamar ag cur airgid i ngeall nach raibh ann.Bhí a fhios agam féin, dhá bhliain ó shin, agus muid ag ceannach ár dtigín bídeach ar shuim dhochreidte, nár dhócha go ndíolfaí an teach ar aghaidh ar an tsuim chéanna, ach dara rogha ní raibh againn ag an am. Buíochas le Dia, agus muid i gceantar ardráchairt go fóill (fobhaile Nua Eabhraic), is beag seans go ngearrfar praghas an tí ina leath (mar atá á thuar in áiteanna mar Florida), ach tá áthas orainn nár cheannaíomar an teach mar infheistíocht ach oiread. Fuaireamar úsáid as an teach, agus ní chaillfidh muid mórán agus muid á dhíol, is cosúil.Tithíocht is cúis leis an ngéarchéim seo, deirtear. Bhí na bancanna go léir ag cur airgid sa seans go leanfadh praghasanna na dtithe ag ardú, agus nuair a shroicheadar uasphraghas, ní raibh bealach ar bith eile rompu ach síos arís. Ach bhí na bancanna tar éis morgáistí a thabhairt do na milliúin daoine gan scrúdú creidmheasa ceart a dhéanamh orthu. Nuair a thosaigh na daoine seo ag loiceadh ar a n-íocaíochtaí, d’imigh foinse airgid tirim na mbancanna leo. Fiú nuair a d’athshealbhaigh siad na tithe, ní bhfuair siad ach tithe nach raibh siad in ann díol ar aghaidh. Agus bheadh orthu na tithe a chothú freisin.Mar sin, leath an nimh ó thithíocht go dtí réimse na mbancanna. Agus an méid sin faitís ar bhancanna anois roimh loiceadóirí agus iasachtaithe éigneasta, gur éiríodar as iasacht ar bith a thabhairt amach. Ar ndóigh, agus sin tarlaithe, loic ar airgead infheistíochta, agus cuireadh cosc glan le caipiteal. Ní raibh an dara rogha ag an rialtas, i ndeireadh báire, ach airgead a fháil (beagnach TRILLIÚN dollar!) agus é a roinnt ar na bancanna chun caipiteal agus airgead infheistíochta a chur ag sreabhadh arís. Mar nod duit chomh mór is atá an ghéarchéim seo, ámh, ní dhearna an trilliún dollar sin difríocht ar bith, agus tá na margaí ag titim go fóill.

Agus sin mar atá sé faoi láthair: comhlachtaí ag titim as a chéile ar ‘chaon taobh, agus na bancanna á náisiúnú; ár bpinsin ag laghdú lá i ndiaidh lae; praghasanna ár dtithe ag titim agus praghasanna an bhia ag árdú."Cén fáth," a d’fhiafraigh Mikey agus é ag caint faoin toghchán, "go mbeadh ceachtar acu ag iarraidh an phoist? Níl rompu ach trioblóid agus tarcaisne.""Nach ormsa atá an t-ádh," arsa Freddy. "Beidh bearradh gruaige fós de dhíth ar dhaoine, ar a laghad."Bhreathnaíomar ar Mikey.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.