CÚRSAÍ SPÓIRT
Tuar leathcheart
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Tá cluichí ceannais na hÉireann díreach curtha dínn againn agus beidh Sam agus Liam i dTír Eoghain agus i gCill Channaigh faoi seach go ceann bliana. San alt seo, déanann Colm Mac Sealaigh anailís ar imirt na mbuaiteoirí sna cluichí ceannais agus ar imirt a gcéilí comhraic, Ciarraí agus Port Láirge.

Íomhá
Ardaíonn Brian Dooher Corn Mhig Uidhir i ndiaidh d'fhoireann Thír Eoghain an cluiche ceannais sa pheil a bhuachan
Íomhá
Íomhá
Ceiliúrann Eddie Brennan tar éis dó a chéad chúl a scóráil i gcoinne fhoireann Phort Láirge
Íomhá
Mickey Harte, bainisteoir fhoireann Thír Eoghain

Ag tús na bliana, nocht mé tuairim go mbuafadh Ciarraí agus Cill Chainnigh cluiche ceannais na hÉireann sa pheil agus san iomáint faoi seach don tríú bliain as a chéile agus dá bharr sin, go scríobhfaí caibidil eile i stair ghlórmhar an dá chontae sin. Mar is eol do chách anois, ní raibh an tuar úd iomlán ceart óir theip ar Chiarraí craobh na peile a bhaint in aghaidh Thír Eoghain. Bhí mo thuairim bunaithe ar fheabhas na n-imreoirí ar an dá fhoireann, ar an traidisiún láidir atá i gceist sa dá chontae agus ar an spreagadh a bhí ann ag tús an tséasúir do na sárimreoirí seo óir bhí deis acu an tríú craobh as a chéile a bhuachan. Ach is deacair éacht mar sin a bhaint amach agus is annamh a tharlaíonn go mbuann contae dhá chraobh i ndiaidh a chéile gan trácht ar thrí cinn. Níor tharla sé ó rinne Ciarraí é sna blianta 1984-86 agus Corcaigh san iomáint sna blianta 1976-78, ach bhí mé den bharúil láidir ag tús na bliana seo go n-éireodh le Cill Chainnigh agus le Ciarraí i mbliana. Bhí mé ní ba chinnte go mbuafadh Cill Chainnigh mar, dáiríre, le cúpla bliain anuas níor tháinig aon fhoireann, seachas Corcaigh, gar don bhua a bhreith orthu sa chraobhchomórtas.

Nuair a d’éirigh le Port Láirge an cluiche ceannais a bhaint amach bhí go leor daoine ag tabhairt leathsheans dóibh i gcoinne Chill Chainnigh mar gheall ar an dóigh a bhfuair siad an lámh in uachtar ar Thiobraid Árann. Bhí an domhan mór,

taobh amuigh de chontae Chill Chainnigh, dar ndóigh, ar son na nDéiseach agus bhí siad dóchasach go mbuafaidís a gcéad chraobh ó bhí 1959 ann. Bhí – agus tá – cion ag a lán de lucht leanúna na gcluichí Gaelacha ar fhoireann Phort Láirge i ngeall ar a gaiscí iontacha i gCúige Mumhan le roinnt blianta anuas i gcoinne Chorcaí agus Thiobraid Árann, go mór mór i ngeall ar ghaiscíocht imreoirí iontacha gáifeacha ar nós Chionnaith Mhic Chraith, Dónal Uí Sheanacháin, Sheáin Uí Mhaoláin agus Antaine de Brún. Ach cé gur shíl a lán daoine, mé féin san áireamh, go mbuafadh na Cait ar deireadh, shíleamar go mbeadh iomaíocht ghéar idir an dá fhoireann. Ach, faraor, ní mar sin a bhí sé, agus ba thubaisteach an lá é do na Déisigh.CeisteannaI bhfad roimh dheireadh an chluiche, bhí gach duine ag cur na gceisteanna céanna: cad a tharla do imreoirí Phort Láirge agus cén fáth ar imir siad go holc ar an ócáid ba mhó ar fad? Is dóigh go ndeachaigh an ócáid agus an ruaille buaille go léir roimh ré i bhfeidhm ar intinn na n-imreoirí agus in ainneoin go ndearna siad a ndícheall a bheith dírithe go hiomlán ar an gcluiche, theip orthu. Dáiríre, ní raibh cuma ná caoi ar imreoirí Phort Láirge ó thús deireadh. Bhíodar ní ba mhoille ar fud na páirce ná a gcéilí comhraic, bhí siad éideimhin i mbun an tsliotair ón tús agus rinne siad botúin bhunúsacha agus roghanna truamhéalacha ar fud na páirce. Is beag imreoir Déiseach a d’imir go maith nó go réasúnta maith – eisceachtaí ab ea Eoin Ó Ceallaigh agus Seán Ó Maoláin. Le fírinne, ní fhacthas cluiche ceannais iomána a bhí chomh haontaobhach céanna le fada an lá.

Bhain go leor de dheacrachtaí Phort Láirge le hardchaighdeán imeartha Chill Chainnigh, ar ndóigh. Go deimhin, níorbh aon rún ar bith é cé chomh maith is bhí Cill Chainnigh agus má bhí plean ag Port Láirge leis na cait a chloí, níor léir sin. Bhí Cill Chainnigh mar a bhíonn agus mar atá le roinnt blianta anuas. Bhí siad ag luí isteach ar Phort Láirge go láidir, go crua, go neamhthrócaireach, iad ag déanamh saoirse chun imeartha a gcéile comhraic a theorannú ar fud na páirce agus ar luas

lasrach, ag aimsiú scór i ndiaidh scóir go rialta. Ba í an uair dheireanach a ghéill Cill Chainnigh spás ar bith d’fhoireann eile ná sa bhliain 2005 nuair a fuair Gaillimh an ceann ab fhearr orthu sa chluiche leathcheannais. Scóráil Gaillimh 5-16 i gcoinne Chill Chainnigh, a fuair scór de 4-18. Ó shin i leith, is í an fhealsúnacht atá glactha ag imreoirí Chill Chainnigh chucu féin – faoi threoir dhiongbháilte a mbainisteora, Brian Ó Códa – ná an sin oiread brú a chur ar an bhfoireann eile is nach bhfaighidh sí mórán scór seachas ó phoic shaora. Ní deas an feic é in amanna – agus uaireanta, téann siad thar fóir leis an teagmháil phearsanta fhisiceach – ach caithfear a rá go bhfuil sé éifeachtach.

Mar fhocal scoir faoi chúrsaí iomána, tá súil agam go n-éireoidh le hiománaithe Phort Láirge a ndíomá a chur i leataobh go luath agus aghaidh a thabhairt ar chraobhchomórtas na bliana seo chugainn le dóchas agus le spiorad.

Theip ChiarraíAg tús na bliana, bhíos den tuairim go n-éireodh le Ciarraí an tríú craobh peile i ndiaidh a chéile a bhuachan. Fiú amháin nuair a theip go tubaisteach ar na Ciarraígh sa dara leath de chluiche ceannais na Mumhan i gcoinne fhoireann Chorcaí, bhíos fós den tuairim go dtiocfaidís chucu féin agus cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach faoi mar a rinne siad sa bhliain 2006. Roimh an gcluiche ceannais – agus in ainneoin gach ruda a tharla dá gcaptaen, Pól Ó Gealbháin – bhí mé fós den tuairim go n-éireodh leo agus ag leatham sa chluiche ceannais ní raibh mé ar mhalairt tuairime faoi sin. Sa dara leath féin bhí gach cosúlacht ar an scéal go mbéarfaidís leo an lá go dtí na nóiméid dheireanacha nuair a scóráil Tír Eoghain ceithre chúilín i ndiaidh a chéile gan teacht ar ais ar bith a fheiceáil ó Chiarraí. Deirtear gur trí chúil a bhuaitear cluichí agus níl dabht ar bith faoi ach gur

chuidigh sé go mór le Tír Eoghain cúl a aimsiú díreach i ndiaidh leathama. Ar an lámh eile, is cinnte nár chuidigh sé le Ciarraí gur scaoil siad cúl an-bhog isteach agus gur theip orthu cúl dá gcuid féin a aimsiú as na trí nó ceithre dheis an-mhaithe a chruthaigh siad dóibh féin. Go mí-ádhúil do na Ciarraígh, níor tháinig aon cheann de na deiseanna sin chomh fada leis an tosach is fearr atá acu, Colm Cúipéir. Ach sin mar a tharlaíonn sa spórt: bíonn an t-ádh leat in amanna agus uaireanta eile, ní bhíonn. Mar a dúirt bainisteoir Thír Eoghain, Mickey Harte, tar éis na craoibhe: “Nuair a bhaineann tú cluiche, ní hionann sin is a rá go ndearna tú gach rud i gceart agus nuair a chailleann tú, ní hionann sin agus a rá go ndearna tú gach rud go mícheart.” Sílim go bhfuil a lán den fhírinne aige.Is iarmhúinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.