THALL IS ABHUS/LAETHANTA SAOIRE
Ag Sciáil san Astráil
Aoife Uí Fhaoláin Aoife Fhaoláin

an Astráil is túisce a shamhlófá le sciáil ar an sneachta ach bhí Aoife Fhaoláin ag foghlaim na sciála sna sléibhte i ndeisceart na tíre sin agus molann go mór é.

Íomhá
Ar an ard
Íomhá
Ag breathnú síos ón ardaitheoir
Íomhá
An bealach anuas

duine a chreideann nuair a deirim go ndeachaigh ag sciáil san Astráil. Mar a deir mo mháthair i gcónaí – ‘níor chaith éinne cóta riamh ar Home & Away! In ainneoin an dearcaidh choitianta sin ar aeráid na hAstráile, bíonn fuar go leor sa gheimhreadh in áiteanna agus bíonn neart bláir shneachta idir Canberra agus Melbourne. Más aisteach féin le hinsint, is fíor gur san Astráil atá an cumann sciála is sine ar domhan. Eagraítear turasanna lae ó Chanberra síos go dtí na láithreacha sciála i séasúr an tsneachta gach bliain agus ba ar cheann de na turasanna sin a chuaigh muidne.

An chéad mhíbhuntáiste a bhaineann leis na turasanna lae go gcaitear éirí go han-luath ar maidin, toisc go n-imíonn na busanna thart ar 5:30rn. Cuimsíonn táille an turais an ticéad bus síos go dtí na bláir shneachta, cead isteach go Páirc Náisiúnta Kosciusko agus cead ardaitheora, chomh maith le húsáid scíonna, maidí agus buataisí sciála don ar fad. Cosnaíonn na turasanna thart ar $150 agus is conradh maith é, caithfidh a . Thug muidne aghaidh ar láthair sciála den ainm Perisher Blue, aistear dhá uair go leith ó Chanberra.

Nuair a shroich muid Perisher, ba é an chéad rud a thug faoi deara na sluaite. Níor rith liom roimhe sin go mbeadh tóir chomh mór sin ar an sciáil i ndeisceart na hAstráile. Bhí meascán daoine de gach aois ag dul timpeall, cuid acu an-oilte ar an sciáil agus an chuid eile fós ag dul i dtaithí uirthi. Chláraigh muid le haghaidh ranganna teagaisc ar an láthair ach bhí taithí réasúnta maith ag m’fhear céile agus fágadh liom féin i mbunrang do ghlantosaitheoirí.

Éalú an Fhir Chéile

An dara míbhuntáiste a bhain leis an turas sciála go raibh orm an trealamh go léir a iompar féin. Níor dúradh liom roimhré chomh trom is a bhíonn na scíonna agus na maidí chomh deacair is a bhíonn siúl timpeall sna buataisí troma sciála. Cheap go soineanta go n-iompródh m’fhear céile an trealamh dom mbeadh trom ar aon chaoi ach baineadh siar asam nuair a dhiúltaigh glan amach toisc go raibh a threalamh féin á iompar aige!

Nuair a taispeánadh na bunghníomhartha dom sa rang teagaisc, bhain an-taitneamh as an sciáil. Is é an gníomh is tábhachtaí conas thú féin a stad agus bhí cúpla timpiste agam sular éirigh liom é sin a chur i gcrích. Bhí náire ar m’fhear céile nuair a chonaic ag sleamhnú síos i dtreo grúpa daoine gan a bheith in ann na coscáin a chur i bhfeidhm! Ar ndóigh, bhí timpistí ag beagnach gach duine sa bhunrang nuair a thosaigh muid amach ach d’aimsigh na bunscileanna sar i bhfad agus raibh ar an duine ba mheasa sa bhuíon ar chor ar bith.

É sin ráite, ba é an rud ba mhó a chuir isteach orm ar an turas sin na páistí óga ag sciáil thart ar luas lasrach agus iad an-chompordach ar fad ar na scíonna ar na cláir shneachta. Ghlaodh na teagascóirí ar bhaill an ranga faoi bhun a hocht, a , a ceathair fiú, agus bhí an-éad orm go raibh na páistí beaga seo in ann deileáil leis na scíonna a fhad is a bhí féin fós mar ghlantosaitheoir. Is dócha go dtosaíonn páistí an cheantair ag sciáil nuair a bhíonn siad óg go leor agus tagann a lán teaghlach ar ais bliain i ndiaidh bliana.

An tArdaitheoir Mear

Nuair a chuaigh i dtaithí ar na scíonna a úsáid agus ar chosc a chur orm féin, bhain an-taitneamh as an gcuid eile den agus d’éirigh liom dul suas ar chuid de na bláir ísle. Níor thaitin an t-ardaitheoir liom áfach agus tharla gur fágadh ar an ardaitheoir uair dhó tar éis do m’fhear céile tuirlingt! Caithfidh bogadh ag an meandar ceart fágtar ar an suíochán thú agus bíonn ort dul suas go dtí an chéad fhargán eile chun teacht anuas de. Bhí an-mhórálach asam féin nuair a d’fhág na bláir ísle i mo dhiaidh agus bhí ag tnúth le dul suas go dtí bláir ba chasta nuair a tháinig an chun deiridh.

fada a bhí ann toisc nár shroich muid Canberra go dtí a seacht a chlog an oíche sin. Bhain an-taitneamh as an turas go Perisher Blue nár thaitin liom nach raibh rómhaith ag an sciáil nuair a thosaigh . Is dócha gur róghnóthachtálaí ó dhúchas agus baineadh siar asam nuair nach raibh rómhaith ag déanamh an ghnímh nua seo. dheachaigh ag sciáil ó shin ach tuigim anois a shásúla is a bheadh ruaig a thabhairt anuas ó na bláir arda go sciobtha mbeinn in ann dul i dtaithí ar an sciáil. Níl a fhios agam an bhfuil an fhoighne agam chun na scileanna go léir a fhoghlaim áfach mar ba é buaicphointe an lae, facthas dom, an tseacláid te a fháil sa bheár!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.