CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Ar mhuin na muice!
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Bríd Mhaoileoin, bean óg as Ros Goill i nDún na nGall ó dhúchas, lonnaithe i nGraz an hOstaire anois, ach bhí sa mbaile in Éirinn le déanaí chun a dlúthdhiosca, Ar Mhuin na Muice, a sheoladh. Labhair le hAntaine Ó Faracháin.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Antaine Ó Faracháin: A Bhríd, inis dúinn beagán faoi do chéad albam, Ar Mhuin na Muice. An raibh ag smaoineamh air i bhfad agus ar thóg i bhfad ort é a dhéanamh?

Bríd Mhaoileaoin: Bhuel ag smaoineamh ar dhlúthdhiosca a dhéanamh le blianta agus thóg an tionscadal féin dhá bhliain agus trí mhí - sin taifeadadh, meascadh agus an leabhrán a chur le chéile san áireamh.

AÓF: Sin tamall fada.

BNM: Bhuel, is ea. Is dócha gurb é an chúis is leis sin gur dhíol as an tionscadal uilig féin. dheachaigh ag lorg comhlachta ceoil in aon chor. Bhí ag iarraidh go mbeadh na cearta go léir agam féin - bhí go leor cluinste agam faoi ghrúpaí ceoil nach bhfuair a gcearta, fiú ghrúpaí mór le mar Altan Cherish the Ladies, mar shampla. Chosain an tionscadal uilig cuid mhór orm, agus is dócha go mbeidh ag díol na hiasachta ar ais leis an bhanc go Sheoin Dic; ach is fiú achan leathphighin domh é - a bheith ábalta a go ndearna ar mo bhealach féin é”, mar a déarfadh John Beag Sinatra! An rud atá á lorg agam anois, áfach, dream leis an dlúthdhiosca a dháileadh, so comhlacht seachadta ar bith amuigh ansin atá ag iarraidh cúpla euro a dhéanamh orm …!

AÓF: Agus céard atá ar an dlúthdhiosca seo go díreach?

BNM: trí amhrán déag air, 11 i nGaeilge agus dhá cheann i mBéarla. Amhráin thraidisiúnta atá iontu den chuid is , ach go bhfuil cóiriú nua déanta agam ar chuid acu. Mar shampla, fonn úr cumtha agam don amhrán mór sinAn tSeanbhean Bhochtagus rithim úr curtha agam leis an amhrán sin as Dún na nGall, “Máire Bhruithneal”. Chuir Clannad taifeadadh iontach ar fáil den cheann sin i 1978 agus rinne Seoirse Ó Dochartaigh leagan galánta funkyáilte i 1994. So d’athraigh an buntiún ó rithim ríle go rithim poirt agus sásta go maith leis. amhrán amháin nua-chumtha ar an dlúthdhiosca fosta -The Fuschia”, a scríobh John McNutt, cara den teaghlach as Ros Goill. Amhrán álainn grá atá ann.

AÓF: Feicim go bhfuil do mháthair Caitlín agus do dheartháir Pádraig mar aíonna agat ar an diosca. ceol ag an teaghlach uilig, nach bhfuil?

BNM: . Bhí i mo bhall den ghrúpa teaghlaigh, Ceoltóirí Ghoill, agus i mo pháiste, in éineacht le mo dheirfiúracha Caoimhe agus Máire agus mo dheartháireacha Pádraig agus Brian. Fuair na hamhráin ó mo mháthair Caitlín agus áthas orm go bhfuil in éineacht liom ar amhrán amháin, “A Stór a Stór, a Ghrá”. Pádraig liom fosta air sin agus ag casadh an ghiotáir fosta ar cheann eile.

AÓF: hiad na haíonna eile atá in éineacht leat, agus céard iad na huirlisí atá á gcasadh acu?

BNM: Bhuel, is é an duine is tábhachtaí mo ghiotáraí, Alan Burke. Ar ndóigh, déanann an fear céanna i bhfad níos bheith ag seinm ar an ghiotár. Mar a dúirt níos luaithe, bhí ag iarraidh dlúthdhiosca a dhéanamh le fada. Nuair a chas ar Alan in 2000 bhí a fhios agam ar an toirt gurb é a bhí uaim leis an obair a chur i gcrích. Is ceoltóir iontach é, agus bhí suim ar leith agam ann mar gheall ar an tuigbheáil agus an meas atá aige ar na hamhráin Ghaeilge. Níor tógadh le Gaeilge é féin, ach thosaigh a fhoghlaim na teanga thart ar 10 mbliana ó shin, le tuiscint cheart a fháil ar na hamhráin. Nuair a chuala cúpla taifeadadh chuid féin, d’iarr ar Alan mo dhiosca a léiriú agus an cóiriú a dhéanamh. Chomh maith le hAlan, Joe McHugh, Kevin O’Connor agus Kate Dunne in éineacht liom, agus seinnteoir doird iontach groovyáilte as an Eilvéis, Wolf Zwiauer. liosta iomlán de na ceoltóirí agus de na huirlisí eile le fáil ar mo shuíomh gréasáin.

AÓF: Casann Alan Burke amhrán amháin chomh maith, nach gcasann?

BNM: Ceolann An Trocailín Donn”. Mar a deirim sa leabhrán, bhí an ceann seo agam le Ceoltóirí Ghoill, agus bhí ar intinn agam féin é a cheol, ach nuair a chuala leagan Alan, raibh an dara suí sa bhuaile agam ach ligean dósan é a cheol.

AÓF: Sheol an dlúthdhiosca i rith Oireachtas na Bealtaine. Cén fath ar phioc an tOireachtas?

BNM: Ar dtús ba mhaith liom a gur onóir mhór a bhí ann domh mo dhlúthdhiosca a sheoladh ag ceolchoirm de chuid an bhéilín meala, an Spealadóir é féin, John Spillane, a bhí ar siúl i rith Oireachtas na Bealtaine i mBaile Átha Cliath cúpla ó shin. Roghnaigh an tOireachtas mar gheall ar an tionchar a bhí ag an fhéile chéanna ormsa agus ar mo chuid amhránaíochta. rún ar bith é nach áit mhór amhránaíochta í Ros Goill, an áit ar tógadh , so bheadh seanduine ar bith thart a bheadh ag ceol ann. Is iad mo Mhamaí Caitlín agus m’athair Brian, nach maireann, an t-aon bheirt a chluinfinn ag ceol. An chéad uair a chuala amhránaíocht ar an sean-nós beo ( a dtug faoi deara i gceart é, cibé) i 1987 nuair a chuaigh go dtí an Daingean le haghaidh Oireachtas na Gaeilge, leis an Chumann Gaelach, nuair a bhí i gColáiste na Tríonóide. Shíl go raibh an chraic iontach. Nuair a cheolfainn amhrán, gheobhadh sean-bhoc éigin, nach raibh aithne laghad agam air, greim ar mo lámh le a windeáil suas le misneach a thabhairt domh. Agus misneach a thug na boic chéanna domh! Ach, ar ndóigh, mar a dúirt i leabhrán an dlúthdhiosca, ba é Raidió na Gaeltachta an dara múinteoir sean-nóis a bhí agam, i ndiaidh mo mháthar!

AÓF: píosa maith ráite agat i leabhrán sin an dlúthdhiosca, nach bhfuil?

BNM: Bhuel, is sórt gealt i ndiaidh dlúthdhioscaí, CD freak, féin. Bím ag ceannach dlúthdhioscaí go minic - ceol dúchasach as gach sórt áite agus ceoltóirí agus cumadóirí amhrán den chuid is . Cuireann áthas orm nuair a bhíonn na liricí ar fáil agus, ar ndóigh, bíonn deas nuair a bheireann an ceoltóir barúil phearsanta éigin dúinn fán cheangal atá aige/aici leis an amhrán. Mar sin, chuir féin i mo bhróga féin! raibh sin ródheacair! liricí na n-amhrán uilig sa leabhrán, chomh maith le haistriúchán ar gach amhrán go Béarla, déanta agam féin agus ag mo mháthair Caitlín. An t-aon cheann nach bhfuil aistrithe againn An tSeanbhean Bhocht” ( leagan Béarla de seo tugtha agam). Easpa ama an chúis a bhí leis seo.

AÓF: Feicim go bhfuil do shuíomh gréasáin lonnaithe san Ostair. féin i do chónaí i nGraz an hOstaire, nach bhfuil?

BNM: , go díreach. Chuaigh go Graz i 1998, i ndiaidh domh mo chéim a baint amach in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, mar gur tairgíodh post domh ag léachtóireacht san aistriúchán (Géarmáinis-Béarla) in Ollscoil Graz. Thóg sos gairme i mbliana chun an dlúthdhiosca a chríochnú. socraithe síos i nGraz anois - phós Grazachanuraidh agus iontach sásta le mo shaol ansin. Is é m’fhear céile, Manfred Url, a phéinteáil an pictiúr álainn sin, Die Sonne ("An Ghrian"), atá ar chlúdach an dlúthdhiosca. iontach bródúil as sin.

AÓF: An mbeidh ag filleadh go hÉirinn go luath arís?

BNM: tar éis cuireadh a fháil a bheith páirteach i gclár a bheas á chur amach ar TG4 amach anseo, clár de chuid na sraitheAbair Amhrán”. Beidh á thaifeadadh sin in éineacht le mo mháthair, Caitlín, agus Alan Burke, agus le cuid den teaghlach, súil agam. Agus ainm an chláir sin fóirsteanach go maith, mar an chéad uair a chas Caitlín agus Alan ar a chéile, san Eilvéis in 2001, caithfidh gur cheol an triúr againn achan amhrán atá sa leabhar sin Abair Amhrán ó chlúdach go clúdach agus ar ais arís. Nuair a mhuscail Joe McHugh, a bhí ina chodladh sa tseomra céanna linn, arna mhárach, dúirt Caitlín leis, “Och, a Joe, ar choinnigh muid muscailte thú?” “Muscailte?,” arsa Joe, “caithfidh go bhfuil f*in’ líofa sa Ghaeilge fán am seo!”

suíomh gréasáin Bhríd Mhaoileoin ag: www.brid.at

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.