139
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá saothar an ealaíontóra Robert Ballagh le feiceáil go forleathan le roinnt mhaith blianta anois, ar stampaí, ar airgeadra na tíre seo agus i Riverdance, mar shampla. Labhair Ciara Nic Gabhann leis faoin ealaín, faoin pholaitíocht agus faoin obair atá déanta aige do Chluichí Domhanda na nOilimpeach Speisialta 2003, a bheas ar siúl an mhí seo.
»»»Tá Colm Mac Séalaigh go mór i gcoinne pholasaithe an rialtais i réimse an spóirt.
»»»Léirigh pobalbhreith, a foilsíodh le gairid san Irish Times, gur mó tacaíocht Pháirtí an Lucht Oibre i measc an phobail ná mar atá ag aon pháirtí eile faoi láthair. An bhféadfadh níos mó votaí a bheith ag Éamonn Gilmore sa chéad Dáil eile ná ag aon pháirtí eile? Tá Donncha Ó hÉallaithe ag déanamh nach mbeidh, ach go bhféadfadh sé tarlú fós go mbeadh Éamonn Gilmore ina Thaoiseach ar an gcéad Rialtas eile, mura bhfaighidh Fine Gael réidh le Enda Kenny idir an dá linn.
»»»Tugann an t-uafás daoine aghaidh ar reiligí na Polainne ar an gcéad lá de mhí na Samhna, mar a mhíníonn Alan Desmond.
»»»Bíonn a místuaim féin ag baint le háiseanna iontacha ár linne dar le Tony Birtill, agus tá an ceamara cinn san áireamh sin dar leis.
»»»Chuaigh léirstean Iain M. Banks ar shaol na teicneolaíochta, atá le fíorú go fóill, i bhfeidhm ar Roseanne Smith in imeacht na mblianta de bheith ag léamh a shaothair.
»»»Faobhrú, nó tús saothair áirithe leis an bhfile Aifric Mac Aodha atá anseo.
»»»Castar na daoine ar uaigheanna agus ar thaibhsí, más fada ó bhaile féin iad. Fuair Pat Butler lón machnaimh i reilig Gael sa domhan theas ag Parramatta na hAstráile.
»»»Má bhíonn siad ag faire orainn, ní miste súil a chaitheamh ar ais orthu. Tá Roseanne Smith ag coinneáil súile ar a bhfuil ag titim amach in airde spéire os ár gcionn.
»»»Chonaic Ciara Nic Gabhann droichead coisithe á oscailt le gairid mar a bhfuil an saothar ealaíne ollmhór, an Móinéar Balbh, anois, i nDoire Cholm Cille.
»»»Tá díomá ar Cholm Mac Séalaigh go bhfuil go leor d’údaráis an Chumainn Lúthchleas Gael ar nós cuma liom faoin iomáint.
»»»Chuir Mícheál Ó hAodha suim i leabhar, Pauper Limerick, a léirigh scéal daoine nach bhfaca mórán sa saol ach cruatain agus drochíde.
»»»Ní thig an bhréag a ligean chun tosaigh ar an fhírinne in aon scéal amháin nó is ag ceilt na córach ar chách a bheas tú. Dar le Robert McMillen, níor scaoileadh amach fírinne scéal dúnmharú Aidan Mc Anespie go sea. Tá sé thar ré a dhéanamh.
»»»D’éirigh le bean atá ag saothrú an bháis an ceann is fearr a fháil ar an gcomhlacht tobac British American Tobacco sa chúirt an mhí seo caite. Féachann Dáithí Ó Colchúin ar na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an gcás seo.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.