CÚRSAÍ SPÓIRT
Gairmiúlacht agus amaitéarachas
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Tá Colm Mac Séalaigh go mór i gcoinne pholasaithe an rialtais i réimse an spóirt.

Íomhá
Pictiúr ealaíontóra de chuid de Spórtchampas Éireann ba mhaith leis an rialtas a thógáil i mBaile na nAb
Íomhá
Charlie McCreevy, an tAire Airgeadais

Tá dhá ghné de pholasaí an rialtais maidir le cúrsaí spóirt ag tarraingt aird an phobail i láthair na huaire agus tá an dá ábhar sin ag cur brú nach beag ar an gCumann Lúthchleas Gael ethos an chumainn a athrú ó bhonn.

Ar an gcéad dul síos, le tamall maith anuas tá plean ag an rialtas staid náisiúnta spóirt a thógáil i mBaile na nAb, i mBaile Átha Cliath thiar. Ní hé go bhfuil daoine i gcoinne ionad mór spóirt ar bhonn prionsabail, ach tá costas mór millteach an phlean ag déanamh tinnis do dhaoine ar fud na tíre agus is cosúil go bhfuil an costas sin ag dul i méid lá i ndiaidh lae. Dar le go leor, níor cheart os cionn billiún euro a chaitheamh ar staid spóirt nuair atá gá i bhfad níos mó le nithe eile ar nós seirbhísí leighis agus áiseanna oideachais. Deirtear freisin go bhfuil neart airgid caite cheana féin ar Pháirc an Chrócaigh agus go mba chóir staid náisiúnta a dhéanamh di, rud a chiallódh, dar ndóigh, athrú bunúsach ar bhunreacht an CLG.

Is é an dara hábhar conspóide ná rún an Aire Airgeadais, Charlie McCreevy, aisíoc cánach a thabhairt do lucht spóirt gairmiúil tar éis dóibh deich mbliana a chaitheamh i mbun imeartha go lánaimseartha agus iad ina gcónaí in Éirinn. Tá an rún seo cáinte ag cuid mhaith tráchtairí nuachtáin agus daoine eile agus tá sé tar éis dlús a chur leis an díospóireacht taobh istigh den Chumann Lúthchleas Gael faoi stádas amaitéarach imreoirí an Chumainn agus ceist na n-íocaíochtaí a chur faoin spotsolas arís.

Am agus dua

Ar an gcéad amharc, déarfadh duine gur mhaith an rud é cúnamh a thabhairt dóibh siúd atá ag iomaíocht thar ceann na tíre ag leibhéal ard idirnáisiunta i dual sports">spóirt aonair a mbíonn go leor ama agus dua ag baint leo agus costas go leor freisin. Spóirt ar nós lúthchleas, snámha agus dornálaíochta atá i gceist agam, is é sin spóirt nach dtugtar an oiread sin airde orthu taobh amuigh de na mórócáidí ar nós na gCluichí Oilimpeacha.

Ach, nuair a chuimhníonn tú go gcabhróidh plean an aire le daoine áirithe (nach n-ainmneofar anseo) atá sách saibhir cheana féin a dhéanamh níos saibhre is deacair gan a bheith searbhasach faoi. Cinnte is bónas breá é bronntanas an aire do lucht rugbaí, sacair agus rásaíocht chapall, cuir i gcás, agus spreagadh maith do dhaoine óga na spóirt sin a roghnú.

Ní miste ceist a chur faoi céard atá taobh thiar de phlean an Aire. Cén t-éileamh nó iarratas, agus ó cén dream, a bhfuil an tAire ag iarraidh freastal air? Ní heol domsa go raibh lucht sacair nó rugbaí, cuir i gcás, ag éileamh go ndéanfaí cás speisialta díobh féin. Cén dream atá an tAire ag iarraidh a shásamh nó a mhealladh mar sin?

Ceann de na gnéithe is deacra a thuiscint, áfach, faoi phlean an Aire ná cén fáth go bhfuil imreoirí an Chumainn Lúthchleas Gael fágtha sa bhfuacht ar fad amhail is nach rabhadar ann ar chor bith. Shílfeá, ós rud é nach n-íoctar iad as a bheith ag imirt agus go gcosnaíonn sé airgead orthu an pheil nó an iomáint a imirt ag an leibhéal is airde (uaireanta fada i mbun traenála, deiseanna oibre caillte, etc.) agus go dtugann siad an oiread sin pléisiúir agus taitnimh don oiread sin daoine, shílfeá go ndéanfaí cás speisialta díobh i gcúrsaí cánach ar bhealach samhlaíoch éigin, go mór mór i gcás imreoirí a thugann dílseacht ar leith dá gcontae bliain i ndiaidh bliana.

Tar éis an tsaoil, i gcúrsaí spóirt na tíre seo is iad cluichí na nGael a tharraingíonn na sluaite is mó Domhnach i ndiaidh Domhnaigh. Deirtear go mbíonn níos mó lucht leanúna go minic ag cluiche sóisearach craoibhe sa pheil nó san iomáint, i gContae na Gaillimhe, cuir i gcás, ná mar a d’fheicfeá i láthair ag cluiche sinsearach sacair nó rugbaí.

Masla

Dar le go leor, is masla é plean an Aire do lucht an CLG agus is deacair easaontú leis an tuairim sin. Cuireann sé an-bhrú ar an CLG dul síos bóthar na gairmiúlachta. Tá an Gaelic Players’ Association cheana féin ag éileamh go n-íocfaí iad as a gcuid costaisí agus ama agus iad mbun traenála. Tá cuid de na himreoirí ag rá gur chóir iad a íoc as imirt dá gcontae ós iad faoi deara an t-ioncam mór a thuilleann an CLG ó na cluichí móra. Tá fógra an Aire ag cur dlúis le héilimh an GPA agus ag cur brú mór ar an CLG a pholasaí i leith amaitéarachais a athrú.

Nuair a chuirtear le chéile an dá ghné seo de pholasaithe an Rialtais is é an teachtaireacht atá á craobhscaoileadh ná gur tábhachtaí airgead agus scéimeanna móra ar nós “Babhla Bhertie” ná spórt ag an leibhéal is bunasaí i measc an phobail. Ach nach tábhachtaí go mór áiseanna spóirt de gach cineál ag leibhéal áitiúil ná airgead a chaitheamh i dtreo elite beag?

Ar fud na tíre tá le hallaí ina bhféadfadh gasúir agus daoine fásta taitneamh agus tairbhe a bhaint as suaitheadh coirp le linn an gheimhridh fhada, fhliuch in áit a bheith suite os comhair na teilífíse nó, níos measa fós, istigh i dteach tábhairne ag breathnú ar an gcluiche is déanaí sa Premiership. Tá linnte snámha ag teastáil agus páirceanna don uile shaghas aimsire. Ta oiliúnóirí ag teastáil ag gach leibhéal i mórán spórt agus áiseanna ag teastáil ó lúthchleasaithe. Bímid an-díomách nuair a theipeann ar ár lúthchleasaithe ag na cluichí Oilimpeacha, ach céard atá á ofráil ag an rialtas seachas staid mhór náisiúnta a bheadh in úsáid anois is arís i rith na bliana agus aisíoc cánach a bhronnadh ar elite gairmiúil?

Is maith linn sa tír seo a mhaíomh go bhfuil an-dúil agus spéis againn i gcúrsaí spóirt agus creidimse go bhfuil. Ach an é atá uainn ná a bheith inár suí ar ár dtóineanna breátha Gaelacha ag breathnú ar dhream eile ag imirt nó bheith páirteach go háitiúil in imeachtaí spóirt inár gceantair féin? Níl an díospóireacht ach ina tús!

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.