CÚINNE NA nEALAÍON
Robert Ballagh: ealaíontóir atá diongbháilte ina chuid tuairimí
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

saothar an ealaíontóra Robert Ballagh le feiceáil go forleathan le roinnt mhaith blianta anois, ar stampaí, ar airgeadra na tíre seo agus i Riverdance, mar shampla. Labhair Ciara Nic Gabhann leis faoin ealaín, faoin pholaitíocht agus faoin obair atá déanta aige do Chluichí Domhanda na nOilimpeach Speisialta 2003, a bheas ar siúl an mhí seo.

Íomhá
The Bogman, 1997
Íomhá
Íomhá

Cén áit a dtosaíonn agus ag cur agallaimh ar dhuine chomh hildánach le Robert Ballagh? Is duine é atá aitheanta mar ealaíontóir a bhfuil gaol láidir aige lena thír, lena chultúr agus leis an náisiúnachas.

Luaigh Declan Kiberd an staraí Louis Cullen i réamhrá a scríobh i gclár thaispéantas de chuid Ballagh dar teidealTír is Teanga”. Thrácht Cullen ar aneaspa traidisiúin atá forleathan in Éirinnagus mhaígh gurb é seo ceann de na cúiseanna go raibh dearcadhéiginnte, leithscéalachag muintir na tíre. Chuir Kiberd an tuairim in iúl go gcuideodh saothar Robert Ballagh leis ancheangal sin leis an am a chuaigh thart a athshealbhú”.

Thiocfadh leat a go bhfuil Robert Ballagh, a shaothar agus go leor de na gníomhaíochtaí breise a bhfuil lámh aige iontu ag troid in éadan na héiginneachta agus an claonadh a bheith leithscéalach a mhothaigh Louis Cullen. Is duine é nach ngabhann leithscéal ach a dhéanann ceiliúradh ar stair na tíre, ar an chultúr agus ar an teanga. Nuair a labhair leis an mhí seo caite mhínigh cén fáth nach n-aontaíonn leis an dearcadh atá ag daoine áirithe gur gníomhaíoch polaitiúil é.

Bhí baint agam, ar chúiseanna cultúrtha, le gníomhaíochtaí a mheas daoine eile a bheith ina ngníomhaíochtaí polaitiúla, rud nach raibh fíor. deacair anois smaoineamh ar an atmaisféar a bhí ann sna hochtóidí agus fiú isteach sna nóchaidí, nuair a bhí cosc ar amhráin a raibh blas ar bith náisiúnach orthu ar RTÉ. An argóint a bhí acu siúd a bhí i mbun an ruda seo a dtabharfainnse cinsireacht air nach mbeadh ceart bhfeicfí go raibh muid ag tabhairt tacaíochta ar bith don fhoréigean paramíliteach. Mheas féin go raibh an pheirspicíocht seo an-chúng ar fad. Ceann de na rudaí a spreag chun gnímh nuair a chuaigh cara liom as Béal Feirste ar aisteoir é go RTÉ chun triail a dhéanamh agus diúltaíodh . Nuair a d’fhiafraigh cén fáth, dúradh leis go raibh daoine den tuairim go raibh an blas tuaisceartach bagrach.”

Déanann Ballagh tagairt don tréimhse staire i ndiaidh Éamon de Valera sa chatalóg a chuaigh lena thaispeántasTír is Teanga”, tréimhse inar tréigeadh an bhunchloch ó thaobh slí maireachtála de a bhí leagtha síos ag de Valera. Rinneadh athbhreithniú iomlán ar chúrsaí eacnamaíochta na tíre, chomh maith le féiníomhá na sochaí.

Labhraíonn Ballagh faoin chogadh a fógraíodh ar na seanluachanna a bhí ceangailte leis an am a chuaigh thart agus faoin dearcadh a tháinig chun cinn nach raibh báúil leis an náisiúnachas, leis an Ghaeilge le saol na tuaithe.

Admhaíonn Ballagh go raibh ar a shuaimhneas sachomhluadar spairneachseo agus é inafhear óg teasaí”, go dtí 1968 nuair a chothaigh na rudaí a bhí ag titim amach sna Chontae scoilt idir é féin agus nanua-aoisithe”. Mhothaigh gur thosaigh na liobrálaigh nua-aoiseacha ag baint úsáid fhairsing as an chinsireach chun daoine a smachtú agus a choimeád ar imeall na sochaí agus, ar an drochuair, gur lean an polasaí lochtach seo ar aghaidh ar feadh blianta fada na coimhlinte.

Is cinnte gur chuidigh na blianta sin le saothar Ballagh a mhúnlú agus go raibh siad mar chroisbhealach ina shaol ó thaobh fealsúnachta agus dearcaidh de.

Postanna éagsúla

Rugadh Robert Ballagh i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1943 agus chaith tréimhsí mar mhac léinn ailtireachta, mar línitheoir innealtóireachta, mar fhear an phoist agus mar cheoltóir go dtí gur thosaigh ag péinteáil i 1967.

go leor coimisiún tábhachtach poiblí faighte aige, ar nós portráidí, múrmhaisiú, póstaer, priontaí, dearadh cúlstáitse, clúdach leabhar, agus leac cuimhneacháin.

Chomh maith leis sin, rinne dearadh ar bhreis is 60 stampa do An Post, le cois na puntaí a dhearadh a bhí againn anseo in Éirinn sular tháinig an euro isteach.

Nuair a dúirt leis go gcaithfidh go bhfuair sásamh iontach as a shaothar a bheith ar nótaí na tíre thosaigh ag gáire. “Bhí i mo sheasamh i scuaine le dul isteach chuig scannán,” a dúirt , “agus thug faoi deara go raibh an bheirt chailíní a bhí romham ag scrúdú ceann de mo chuid nótaí. Bhí an-bhródúil, dar ndóigh, agus bhí díreach réidh le leo gur mise a rinne an nóta a dhearadh nuair a dúirt duine acu leis an duine eile, ‘Look at that - that’s shite’!”

Ballagh sáite i go leor eagraíochtaí agus tionscadal a bhfuil baint acu le cúrsaí cultúrtha, náisiúnachais agus ealaíne. Bhí ina bhall, mar shampla, de choiste a rinne athnuachan ar Theach na bPiarsach ar Sráid an Phiarsaigh. An Institiúid Éireannach a thugtar ar an fhoirgneamh anois agus tugtar cuireadh do ghrúpaí ceisteanna a bhaineann leis an náisiúnachas, leis an chultúr srl. a phlé ansin.

Faoi láthair tionscadal ollmhór idir lámha aige, is é sin an dearadh iomlán á dhéanamh aige don ardán agus don chúlstáitse a úsáidfear le linn Chluichí Domhanda na nOilimpeach Speisialta 2003 a bheas ar siúl in Éirinn an mhí seo. Rinne an bonn a dhearadh chomh maith ar an tóirse mór a bheas á lasadh ag duine de na lúthchleasaithe nuair a thosóidh na cluichí i gceann roinnt seachtainí. In ainneoin go bhfuil seantaithí aige ar dhearadh cúlstáitse (rinne an dearadh do Riverdance, mar shampla), d’admhaigh go raibh an tionscadal seo ar scála i bhfad níos agus dúshlánach go maith.

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.