AR NA SAOLTA SEO
Taibhsí na Muintire, Ballyseedy
Pat Butler Pat Butler

Castar na daoine ar uaigheanna agus ar thaibhsí, más fada ó bhaile féin iad. Fuair Pat Butler lón machnaimh i reilig Gael sa domhan theas ag Parramatta na hAstráile.

Íomhá
Reilig Naomh Pádraig
Íomhá
Brion O Brion
Íomhá
Baile Ó Síoda
Íomhá
David F. Neligan
Íomhá
Philip Hogan
Íomhá
Samuel Barley
Íomhá
As an scannán Ballyseedy

Shamhlófá go mbeadh an-tóir go deo ar an seoladh - 1 Pennant Hills Road, Parramatta, NSW. Seoladh comhraimh - shílfeá. A Thiarcais! Sin seoladh na reilige Caitlicí is ársa san Astráil. ainm na gcéadta - Gaeil, a bhformhór mór - inscríofa ar sheanleaca Reilig Naomh Pádraig. leac go sparán.

feas dúinn, áfach, líon na mílte eile atá caite i gcarn ar a chéile i bhfoisceacht maithe na leac. Caithim seal gach cuairt i dteannta a dtaisí siúd freisin - ainniseoirí ón Parramatta Lunatic Asylum, ó Mhonarcha na mBan, ó Otharlann an Erysipelas, ónInvalid Establishment’. Ár muintir dhearóil. Níorsoir’ a sheoltaí fadhbanna uile na cóilíneachta ón tús, ach go Parramatta. Gura éadtrom orthu a luíos cré na cille áirithe seo.

Maidir le cuid acu siúd a bhfuil leac tuama os a gcionn .......

N’fheadar cérbh é an Brion O Brion (sic) ‘Who Departed This Life Sept 9th. 1833 Aged 53 Years. Níl trácht in aon fhoinse, daoránach eile, ar aon Brian Byrne, d’aon leagan insamhlaithe eile den tsloinne sin. N’fheadar ar Bhrianach é, mí-aistrithe goGaolainn’ ag fear inscríofa na lice? Brian O Brien, abair, Éireannach Aontaithe, daortha i Loch Garman agus an cuan amach ar=deported aboard">curtha ="gloss" title="(was) transported">an cuan amach ar anAtlas II’ i 1800?

Nead Éireannach Aontaithe

b’fhéidir gurb é Bryan O Brien a luíonn anseo, an a bhog isteach le Mary Ryan i Parramatta nuair a scar lena compánach William Mahoney in 1812. Ar bhás di d’fhan an Brianach i seilbh an . Thug Mahoney, an fear tréigthe, an Brianach os comhair na cúirte. Dúirt Bryan ar an leabhar gur gheall Mary an teach . Bhí ainm Mahoney ar pháipéarachas cheannaithe an , ach tháinig Cúirt Uachtarach na Cóilíneachta anuas ar thaobh an Bhrianaigh. Dlí na nImeallchríocha, déarfainn - sna laethanta buile sin nuair ba threise seilbh páipéar.

N’fheadar arbh í oidhreacht Mhary a chuir leac os cionn ár gcara Brion? Is an-chomhluadar go deo dúinn taibhsí na muintire seo.

Éireannach Aontaithe eile ab ea Philip Hogan. Ciontaíodh é ag Cúirt an tSeisiúin i gCluain Meala, agus seoladh Philip an cuan amach ar anFriendship’. Fear le hoideachas ab ea Hogan. Chaith seal ina dhaoránach ar fheirm Samuel Marsden. Nuair a scaoileadh óna bhannaí ansin é, phós Philip Mary Mc Mahon. Bhí feirm mhór acu agus bhíodar go maith as.

téagar agus líofacht fós sa leic os a chionn. Ach cad a thug ar a bhean Mary an véarsa áirithe úd de chuid Alexander Pope ónElegy to a Dear Departed Lady’ a ghearradh?

How loved, how valued once avails Thee not
To whom related, or by whom begot.
A heap of dust alone remains of Thee:
Tis all THOU artand all the Proud shall be.

Grá? Tiomantas creidimh? Mírún …? bhfios….

Ag Lochtú ancareless Female Servant

Cuireann cloch cinn Samuel Barley isteach go fóill orm.

Sacred to the Memory of Samuel Barley / Son of Samuel and Mary Barley /
Who was Unfortunately Drowned in a Well on his Parents Premises the 25 /
Day of October 1834 / Aged 3 Years and Seven Months /
The Well having been left uncovered / By a careless Female Servant who /
Was in charge of the Unfortunate / Infant who was a Beautiful /
Promising Child.
Weep not for me my Parents Dear / I am not dead but sleeping here /
My days are past my grave you see: / Prepare yourselves to Follow Me.

Goilleann uafás an scéil orm. Agus gruaim thruamhéalach na hinscribhinne. Ar tugadh bata agus bóthar don gcailín bocht aimsire úd a luaitear? Bhfuil a cnámha siúd caite i gcúinne éigin den chill chéanna? Gach seans go bhfuil.

Mainistir na Féile na Feille

Ellen Neligan / In memory of her beloved husband /
DAVID F. NELIGAN / Died 22nd. March 1884 / Aged 35 years./
Native of Abbeyfeale / Co. Limerick, Ireland. /
May his soul rest in peace.

Ach, um baistbhain leac David F. Neligan siar dian asam. N’fheadar an col ceathrar é, uncail, b’fhéidir, le David Neligan, ‘The Spy in the Castle? B’eisean Oifigeach Ceannais Faisnéise an Dublin Guard Brigade in Arm an tSaorstáit i dTrá - an fear a roghnaigh an naonúr cime poblachtach a cuireadh go Baile Ua Síoda scáth dorchadas oíche an 7ú Márta 1923.

Dúnmharaíodh ann iad (ach gur éalaigh fear amháin gortaithe as an áit) ag buíon saighdiúirí stiúir an Cheannfoirt Ed Breslin. Le réamheolas agus le cead an Mhaorghinearáil Paddy O Daly - Oifigeach Ceannais, Arm an tSaorstáit, Contae Chiarraí.

An féidir go bhfuil gaol éigin idir Neligan Parramatta 1884 – agus an fear a bhí ina Oifigeach Faisnéise, Ceanncheathrú an Deiscirt i 1923? Níl achl’ amháin sa shloinne, an t-ainm baiste céanna acu agus b’as an gceantar céanna dóibh, Mainistir na Féile, Contae Luimnigh. sásta a bhí Maurice Neligan, Máinlia Croí, lem’ scannánBallyseedy (RTÉ, 1997) scannán a nocht lámh a uncail sa slad. Murab ionann agus Bryan O Brien thuas, grágheal Mary, tharla go raibh, agus go bhfuil fós, na cáipéisí cuí – ‘conar na bpáipéirí’ in irischaint na linneim’ sheilbh. forlámhas ag píosaí páipéir fós sa dlínse seo, nach bhfuil?

Taibhsí Bhaile Ua Síoda ag béal uaigh i Parramatta......... Chuireas ann paidir le hanamacha triúir Neligan: mo chéile comhraic, Maurice an máinlia, ar shlí na fírinne anois; anDavid F’ mo chosa thíos - ar leis é - agus, beart a tháinig aniar aduaidh orm féin, paidir le hanam David Neligan, Príomh-Oifigeach Faisnéise, Fórsaí an tSaorstáit, Trá , 1923.

nach ionadh Neligan Ballyseedy, mar a thugtar air, ina thaibhse an chnádáin ag mórán fós i Mín Liatroma Thuaidh, in Oileán Chiarraí, san Fhaiche Dhubh, i Radharc na Coille, ar an tSeanbhaile Cill Flainn; in Inis Mór Lios Tuathail, ar an Spá i dTrá ; in Inis Eoghanáin Chorcaí agus i gCnoc Choileáin Luimnighbailte fearainn an ochtair a sladaíodh gan oiread agus scáth cúirte, triail, aon bhreithiúnas dleathach déanta orthu ar thaobh an bhóthair ag Baile Ua Síoda, taca an ama seo bliana, 1923.

Bhain an scannán an Príomh-Ghradam - Rannóg na hIriseoireachta Teilifíse - ag an National Media Awards, 1998. Níor chraol RTÉBallyseedy ó shin. Sin tost cúig bliana déag. Scaoileadh an bobailín amach, áfach. leagan neamhúdaraithe le feiscint le fada anois arYouTube. Caithfead gearrán a dhéanamh le RTÉ fán tost agus le YouTube faoin fhoilsiú neamhúdaraithe. Is ait an mac an saol.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.