CÚINNE NA nEALAÍON
Turas Thar Lear
Aifric Mac Aodha Aifric Mac Aodha Aifric Mac Aodha

Faobhrú, tús saothair áirithe leis an bhfile Aifric Mac Aodha atá anseo.

Íomhá
An file, Aifric Mac Aodha
Íomhá
As lava an tsléibhe

Aifric Mac Aodha cct.

Dhá thaibhreamhRoimh chur chun farraige-Bloc gallúnaí a d’fhás is a d’fhásFaoi mo charball.

Leis sin féin, an dara radharc-Doirseoir óstáin ag oibriú pinn.Leaba is bia gan iarraidh fós,Bhris ubh de bharr mo chinn.

Chuireas an seomra in áirithe, Is suas liom an staighre in airde:Gúna dúnadh thiar,Folt dorcha, gealacán is buí.

(I)Déanann siad, na daoine-Dealbha as lava an tsléibhe.De bharr an teas ina gcré, fiú faic a saothar.

Súil béal, mhaisíonnA dtairiscintí deargaAch dhá chíoch ar bheanIs ar an bhfear, ball fearga.

ciotach ann a thuilleadh,Nuair a thugaim n-earraí diúltú-Lámha riastacha an oileáin, féidir iad a chúiteamh.

(II)

Giolla ospidéil ab ea fear amháinGo ndeachaigh i mblianta-Níor fhéad na hothair a iompú níos móIs lomairt na leapan á gciapadh.

Siúlann is siúlann leis,Gan neach ar cheachtar taobh de,Scaipeann samhnas béil na hoíche,Gáire calcaithe na teilifíse.

Ach fiafraigh fios an bhealaigh de,Labharfaidh glór dorchla lán cruinnisÉide cruthanta arís é-Is é an post an duine.

(III)

Dhéanfaidís rud ar bith dó-An fear eile seo gan lámha.Comhrá é gan chomharthaíochtAs ómós cuí mháchail.

Is preabann ina seasamhAn bhean seo dheis,Nár bhreá an é freastal air?-Seo seanchleas is breis.

Cuardaíonn í sa tábhairne,Sa bhialann, gach aon orlach,Go ritheann go rómhall léiNach call leithéid lámhainn.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.