
Tá sé beagnach céad bliain ó cailleadh an scríbhneoir Éireannach Robert Noonan i Learpholl ach tá trácht go fóill air sa chathair sin, mar a mhíníonn Tony Birtill.
»»»Tá cur síos ag Tony Birtill an mhí seo ar chuid de na heachtraí a bhain dó agus é ar chúrsa i sléibhte na hAlban.
»»»Tá an tSlí Oidhreachta Éireannach i Learpholl mar chuimhneachán ar na céadta míle de mhuintir na hÉireann a tháinig i dtír sa chathair, go háirithe le linn bhlianta an Ghorta Mhóir. Tá Tony Birtill tar éis féachaint ar bhróisiúr nua atá á fhoilsiú an mhí seo ina dtugtear eolas faoin tslí oidhreachta seo.
»»»Fuair cara le Tony Birtill, Brenda Wynne, bás trí lá i ndiaidh do ghadaithe í a ionsaí i lár na míosa seo caite.
»»»Tá an chlaontacht i gcoinne na nÉireannach beo beathach i Sasana, fiú sa chóras oideachais, mar a fuair Tony Birtill amach ag tús mhí na Nollag.
»»»Beidh na hÉireannaigh i Learpholl an-sásta go deo, dar le Tony Birtill, má cheaptar duine dá gcuid féin mar chomharba ar Mick McCarthy mar bhainisteoir ar fhoireann sacair na hÉireann. Measann sé nach mbeidh Éamonn Dunphy chomh sásta céanna, áfach.
»»»Labhair Tony Birtill le beirt eaglaiseach a d’fhéach le sólás a chur ar fáil do ghaolta cuid íospartach an tsraithdhúnmharfóra Harold Shipman. Tá fonn ar dhuine acu, An tAthair Denis Maher as Tiobraid Árann, dul chun cainte le Shipman sa phríosún agus ceist a chur air céard a spreag é chun ainghnímh.
»»»Léiríonn an tslí ar chaith na póilíní leo siúd a bhí i láthair ag cuimhneachán Jim Larkin i Learpholl an mhí seo caite gur beag athrú atá tagtha ar a ndearcadh i leith na nÉireannach, dar le Tony Birtill.
»»»Tá eolas míchruinn a d’fhéadfadh daoine a chur i mbaol le fáil ar fhístéip a d’fhoilsigh dhá eagraíocht shléibhteoireachta sa Bhreatain. Chuir Tony Birtill seo ar a shúile do cheann de na heagraíochtaí ach bhí siad ar nós cuma liom faoin fhadhb, dar leis.
»»»Loiteadh cuid de thaispeántas de chuid arm na Breataine i Learpholl cúpla uair le tamall anuas agus creidtear gur dílseoirí a rinne an damáiste. Cúlra an scéil ó Tony Birtill.
»»»Bhí Conradh na Gaeilge gníomhach i Learpholl ag deireadh an ochtú haois déag agus thug lucht Gaeilge as Éirinn cuairt ar an chathair ó am go chéile, Pádraig Mac Piarais ina measc. Tuairisc ó Tony Birtill.
»»»Tá baint ag Tony Birtill le hócaid a bheidh ar siúl i bhFrongoch na Breataine Bige ag deireadh na míosa seo nuair a nochtfar leacht i gcuimhne ar na príosúnaigh Éireannacha a chaith seal ansin roimh bhunú Shaorstát na hÉireann. In alt na míosa seo, tá cur síos aige ar stair roinnt de na daoine a bhí faoi ghlas ansin.
»»»Tá na mílte tar éis an mhúinteoireacht a thréigean i Sasana de bharr brú agus drochphá. Tá an baol ann go dtarlóidh an rud céanna in Éirinn, dar le Tony Birtill.
»»»Le roinnt blianta anuas tá maidhmeanna sneachta tar éis bás roinnt sléibhteoirí a thabhairt in Albain. Tuairisc ó Tony Birtill.
»»»Thug Tony Birtill cuairt ar an Ionad Síochána i Warrington le déanaí agus labhair le Colin Parry, ar maraíodh a mhac Tim (12) i mbuama de chuid an IRA sa bhaile sin i 1993.
»»»Ní hiad Sinn Féin an t-aon dream atá ag diúltú mionn dílseachta a thabhairt don Bhanríon Eilís, mar a mhíníonn Tony Birtill.
»»»I mí Eanáir na bliana seo caite cúisíodh an Dr Harold Shipman as cúig dhuine dhéag a mharú i mbaile Hyde in aice le Manchain Shasana. Meastar, áfach, gur dhúnmharaigh sé na céadta. Tá aithne ag Tony Birtill ar dhuine dá chuid othar a tháinig slán.
»»»I ndiaidh dó éisteacht leis an Dr. John Reid ag caint i Learpholl le gairid, tá Tony Birtill den tuairim nach bhfuil Státrúnaí an Tuaiscirt sásta dul i ngleic i gceart le ceist na póilíneachta sna Sé Chontae.
»»»De bharr phróiseas na síochána, measann Tony Birtill go mbeidh sé níos fusa ag Éireannaigh sa Bhreatain comóradh a dhéanamh ar Éirí Amach 1916 agus ar eachtraí tábhachtacha eile i stair na hÉireann.
»»»Feiceann Tony Birtill cosúlacht mhór idir an dóigh a bhfuiltear ag caitheamh le Moslamaigh i Sasana le cúpla seachtain anuas agus an tslí ar caitheadh leis na hÉireannaigh sa tír le linn na dTrioblóidí.
»»»Féachann Tony Birtill ar phobalmheas a foilsíodh sa nuachtán The Guardian le deanaí faoi Thuaisceart Éireann.
»»»Tá cáil ar Jim Larkin mar dhuine a bhí go hiomlán in aghaidh na dí. Nuair a bhí sé ag obair mar shaoiste sna dugaí i Learpholl i 1903, cuir i gcás, ní raibh sé sásta pá a thabhairt do na dugairí sa teach tábhairne, mar a bhí sé de nós ag na saoistí eile a dhéanamh, agus ní raibh seans ag fear ar bith a raibh boladh dí ón anáil post a fháil le Larkin.
»»»Bearna idir tuiscint agus dearcadh na gceannairí polaitiúla agus tuiscint agus dearcadh na ngnáthdhaoine - sin rud atá le feiceáil ar scála idirnáisiúnta sa lá atá inniu ann.
»»»An dtiocfaidh na vótálaithe amach? Sin ceann de na príomhcheisteanna atá ag Tony Blair, William Hague agus Charles Kennedy agus olltoghchán na Breataine ag druidim linn.
»»»An oibríonn laissez-faire faoin tuath? Sin an cheist atá á cur ag cuid mhór d’fheisirí Pháirtí an Lucht Oibre i Westminster agus iad ag smaoineamh ar rialtais Thatcher/Major, rialtais nach raibh trua ar bith acu do na mianadóirí guail ná don lucht oibre sna monarchana agus sna longchéartaí nuair a chaill siadsan a slí bheatha.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.