AR NA SAOLTA SEO
Tubaiste King’s Cross, 1987
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Chuir an cúpla lá a chaith Tony Birtill in King’s Cross i Londain an mhí seo caite ag smaoineamh é ar an tubaiste a tharla sa stáisiún traenach ansin i 1987.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Michael Mungovan as Contae an Chláir: maraíodh é i dtimpiste i mí Dheireadh Fómhair 2000

Chuaigh mé ó dheas go Londain i Meitheamh le cúrsa Sláinte agus Sábháilteachta a dhéanamh ag ceannáras mo cheardchumainn, NATFHE, cóngarach do Stáisiún King’s Cross. Thapaigh mé an deis an dráma is déanaí de chuid mo dhearthár is óige, Pól, a fheiceáil in Amharclann Pentameters i Hampstead fosta. Tá seisean agus mo dheirfiúr is óige, Angie, ina gcónaí i Londain le blianta fada.

Mar is gnách, bhí moill mhillteanach ar an traein. Thóg an turas dhá uair sa bhreis mar go raibh líne an chósta thiar dúnta agus b’éigean dom camchuairt a dhéanamh trasna na tíre. Sin mar atá sé ó tharla an príobháidiú - moilleanna agus tubaistí.

Ní mhaireadh an turas ó Learpholl go Londain ach trí huaire le British Rail, go dtí teacht i gcumhacht rialtas Thatcher i 1979. Ní raibh sí sásta pingin rua a chaitheamh ar an iarnród. Príobháidiú an réiteach a bhí aici ar gach rud agus roinn a comharba John Major an córas sular dhíol sé é.

Nuair a bhain mé Stáisiún King’s Cross amach, faoi dheireadh, chuir sé i gcuimhne dom an tubaiste a bhí ansin i Samhain 1987. Bhí an scéal ar ais sa nuacht i mbliana mar gur aithníodh an t-íospartach deireanach, níos mó ná 16 bliana tar éis an bhladhmainn ansin ina bhfuair 31 duine bás. Alexander Fallon, dhá bhliain is seachtó d’aois, ón Eaglais Bhreac in Albain ab ea é. Tugadh “Corp 115” ar Fallon (ón lipéad a bhí air sa mharbhlann) agus tá sé curtha i Reilig St Pancras and Islington in éindí le bodach bóthair eile a fuair bás leis sa tragóid, Ralph Humberstone.

Cé go raibh Fallon i dteagmháil lena cheathrar iníonacha sular éag sé, shíl na póilíní go raibh an corp idir 40 agus 60 bliain d’aois agus chuir sin a iníonacha amú. Seirbhís chuimhneacháin 15 bliana tar éis na tubaiste a spreag na hiníonacha le ceangal a dhéanamh idir an corp agus a n-athair. Chruthaigh srúdú fóiréinseach go raibh an ceart acu.

Bhí mo dheirfiúr Angie i lár na tubaiste ar 18 Samhain, 1987. Ba chomhairleoir áitiúil de chuid Pháirtí an Lucht Oibre í in Kilburn ag an am agus bhí sí ar an bhealach chuig cruinniú i Halla Baile Camden, atá os comhair King’s Cross. Tháinig sí aníos ón iarnród faoi thalamh ar an seanstaighre beo, a bhí déanta as adhmad.

“Thug mé faoi deara an boladh ar dtús. Boladh láidir ó thine a bhí ann. Leath bealaigh suas an staighre beo, chonaic mé deirge gheal fúm. Ba léir go raibh tine ann agus rith mé suas go hoifig na dticéad le fios a chur ar an fhreastalaí. Ach bhí seisean ar nós cuma liom. Dúirt sé liom go raibh a fhios ag an bhriogáid dóiteáin faoin scéal, agus lean sé ar aghaidh ag díol ticéad le paisinéirí - paisinéirí a bhí ar a mbealach chuig a mbás féin,” a dúirt Angie liom.

Neamhaird

Mar is eol do dhuine ar bith a bhí i Londain, bíonn deifir ar dhaoine ansin i gcónaí, go mór mór ar a slí abhaile ag deireadh an lae, agus ní raibh daoine sásta aird a thabhairt ar rabhadh Angie.

“Ní raibh ach beirt nó triúr ar dualgas ag an stáisiún agus ní raibh aon chóras éigeandála acu. Níor chuir siad stad leis an staighre beo, níor chuir siad bac ar dhaoine dul síos ná níor thug siad treoircomhairle do dhuine ar bith. Lean siad ar aghaidh ag díol agus agus ag bailiú ticéad,” arsa Angie.

In éadóchas, chuaigh sí féin agus paisinéir eile ar ais go barr an staighre bheo agus rinne siad iarracht rabhadh a thabhairt do dhaoine gan dul síos.

“Ba léir go raibh an tine ag dul in olcas mar go raibh an toit ní ba thibhe. Cé gur scairt muid le daoine gan dul síos, níor thug siad aird ar bith orainn. Suaite, d’fhág mé an stáisiún agus chuaigh mé trasna an bhóthair go dtí mo chruinniú i Halla an Bhaile,” arsa Angie.

Bhí an t-ádh uirthi gur imigh sí, mar go gairid ina dhiaidh sin phléasc an tine agus chuaigh caor thine suas an staighre beo agus thart ar oifig na dticéad, agus fuair a lán daoine bás.

“Agus mé i mo shuí sa chruinniú, bhí a fhios agam go raibh tubaiste mhillteanach ann ó bhonnáin na n-otharcharranna agus na n-inneall dóiteáin a chloisteáil, agus mhothaigh mé masmas,” arsa Angie.

Bhí fearg uirthi Margaret Thatcher a fheiceáil agus deora ina súile ag caint faoin tubaiste, mar go raibh cuid den locht ar pholasaithe an rialtais - príobháidiú agus mírialú agus easpa suime i sláinte agus sábháilteacht. Dúirt sí seo sa ráiteas a thug sí don fhiosrúchán oifigiúil, The Fennell Inquiry, ach shéan an rialtas go raibh an locht ar an tseirbhís phríobháideach glantóireachta, cé gur thosaigh an tine i measc smúite, snáithíní agus salachair a bhí meascaithe le gréisc faoin straighre beo. Síleadh gur chaith duine éigin cipín solais síos, cé go raibh cosc ar thobac san iarnród faoi thalamh mar gheall ar an tine ag Oxford Circus i 1985.

De réir Fennell: “Beneath each side of the treads lay the running tracks of the escalator. Those running tracks should have been cleaned and lubricated properly. They were not. There was an accumulation of grease and detritus (dust, fibre and debris) on the tracks which constituted a seed bed for a fire and it was into that bed that the match fell.” Agus fosta: “The Chairman of London Regional Transport, Sir Keith Bright, told me that whereas financial matters were strictly monitored, safety was not strictly monitored by London Regional Transport.”

Teistiméireacht

Bhí gaolta na n-íospartach ar buile nuair a dúirt Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí nach raibh cúis dlí ann agus níor tugadh duine ar bith os comhair na cúirte de thairbhe na tubaiste.

Fuair Angie teistiméireacht bhuíochais ó na póilíní as a gníomhartha tráthnona na tubaiste, agus a hainm litrithe go mícheart uirthi. “Thug mé cur síos dóibh ar an fhear a thug rabhadh do dhaoine liom ag barr an staighre agus d’fhiafraigh mé díobh an raibh sé beo. Bhí, agus fuair mé amach gur chuir seisean an cheist chéanna orthu fá dtaobh díomsa,” arsa Angie

Lean an rialtas ar aghaidh leis an pholasaí príobháidithe agus i 1991 fuarthas amach nach raibh ach ocht gcinn de na 26 mholadh sábháilteachta a rinne Fiosrúchán Fennell curtha i bhfeidhm.

Toghadh rialtas Tony Blair i 1997 ach níor athraigh siad rud ar bith. Bhí tubaiste traenach i Southall i Meán Fómhair 1997, Paddington 1999, Hatfield 2000, Selby 2001 agus Potters Bar in 2002 agus fuair a lán daoine bás iontu. Chomh maith leis sin, maraíodh Michael Mungovan as Contae an Chláir i dtimpiste ar an iarnród i Wandsworth i nDeireadh Fómhair na bliana 2000. Mac léinn ab ea Michael, dhá bhliain is fiche d’aois, in Ollscoill Brunel i Londain agus bhí sé ag obair le McGinley Recruitment Services/Balfour Beatty Rail Maintenance ag deisiú an iarnróid. Ní bhfuair sé mórán oiliúna roimh ré agus dúirt a thuismitheoirí ag an choiste cróinéara: “Privatization of the railways has led to a low regard for human life.” D’fhógair an Health and Safety Executive an mhí seo caite go raibh siad ag ionchúiseamh McGinley/Balfour Beatty mar gheall ar bhás Mungovan.

Ach tá an rialtas ag leanstan ar aghaidh le príobháidiú an iarnróid faoi thalamh i Londain agus tá imní ar phaisinéirí agus an Rail, Maritime and Transport Union go mbeidh tuilleadh tubaistí ann dá thairbhe sin.

Iarrnótaí:

Tá Angie ag obair leis an London Hazards Centre anois (www.lhc.org.uk).

Thug mé cuairt ar an Four Provinces Bookshop, 244 Gray’s Inn Road, atá cóngarach do King’s Cross, fosta. Tá a lán leabhar as Gaeilge ann. Guthán: 020 7833 3033.

Phléadáil McGinley/Balfour Beatty ciontach i gcás Michael Mungovan, a bhí ar siúl sa London Magistrates Court, ag deireadh mhí an Mheithimh. D’admhaigh siad go raibh siad ciontach as an mhéid seo: “of failing to conduct their undertaking in such a way as to ensure the persons in their employment were not exposed to risks to their health and safety.” Tá an pionós curtha ar atráth.

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.