AR NA SAOLTA SEO
Siúlóid Glyndwr ‘04
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Tá grúpa ag tabhairt faoi shiúlóid sa Bhreatain Bheag an mhí seo a thabharfaidh iad ó shiombail amháin de chuid na saoirse go siombail eile. Féachann Tony Birtill ar stair cheann de na háiteanna atá i gceist, Frongoch.

Íomhá
Tony Birtill, Tomás MacRuairí (Conradh na Gaeilge) agus Gwyn Sion Ifan ó Cymdeithas
Íomhá
Jim Carroll, Consal Rialtas na hÉireann i gCaerdydd, Peter King,Tony Birtill agus Tomás Mac Ruairí
Íomhá
Peter King ag nochtadh na plaice ar an 29 Meitheamh 2002. Bhí triúr uncail dá chuid i gcampa Frongoch i 1916

Ag triall ar Frongoch atá grúpa Breatnach an mhí seo, mí na saoirse d’Éireannaigh atá bródúil fós as Éirí Amach na Cásca 1916, agus tréimhse na saoirse fosta do mhuintir na Breataine Bige atá bródúil fós as Éirí Amach Owain Glyndwr 600 bliain ó shin (www.embassy-glyndwr.co.uk)

Ócáid Éireannach/Bhreatnach a bhí i nochtadh leachta i bhFrongoch i Meitheamh 2002 (*Beo!, *eagrán 14), áit a raibh 1,863 Éireannach i ngéibheann tar éis Éirí Amach na Cásca i 1916 agus áit ar bunaíodh craobh de Chonradh na Gaeilge, Craobh na Sróine Deirge, chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc na bpríosúnach.

Thug mé féin agus cisteoir Chraobh Learphoill cuairt ar Frongoch i mí na Bealtaine 1998 nuair a bhí muid ag dreapadóireacht sa cheantar. Faraor, ní raibh mórán le feiceáil sa sráidbhaile beag seo, ach nuair a chuaigh muid isteach in oifig an phoist, thug muid faoi deara cóipeanna den leabhar *Frongoch,Ollscoil na Réabhlóide *le Seán O’Mahony ar an tseilf. Cheannaigh mé cóip, agus d’iarr mé ar an siopadóir, an tUasal Jones, stampa ón oifig (Frongoch, Bala, Gwynedd) a chur ar an chlúdach, rud a rinne sé.

D’inis sé dúinn go raibh a lán cuairteoirí as Éirinn ag triall ar an siopa ag fiafraí faoin champa, agus ba léir dúinn go raibh sé bródúil as an cheangal stairiúil seo. Chinn muid ar an toirt ar leacht cuimhneacháin a thógáil sa sráidbhaile agus gheall muid don Uasal Jones go mbeadh muid ar ais chun é sin a dhéanamh.

Ceithre bliana ina dhiaidh sin chas muid air arís i measc an tslua mhóir a bhí i láthair nuair a nochtadh an leacht agus bhí sé go hiontach a lámh a chroitheadh arís.

Craobh Learphoill de Chonradh na Gaeilge a d’eagraigh an ócáid, agus b’as an chathair cuid de na príosúnaigh, ina measc Neill Kerr agus a mhac John, agus na deartháireacha John, Patrick agus George King. Tá nia na Kings ina bhall d’ár gcraobh sa lá atá inniu ann, agus ba eisean a nocht an leacht.

Ár ndóigh, ní feidir tionscadal mar seo a eagrú gan a lán cuidithe a fháil ó mhuintir na háite, agus bhí sé go maith an trídhathach a fheiceáil ar foluain in aice le dragan na Breataine Bige.

Meancóga

Rinne Rialtas Londain meancóg, ár ndóigh, nuair a chuir siad beagnach 2,000 réabhlóidí le chéile i gcampa amháin i 1916, mar thapaigh an Coileánach an deis leis an IRB a atheagrú ann. Agus mé ag amharc ar bhratach na hÉireann agus bratach na Breataine Bige le chéile in 2002, shíl mé go ndearna siad meancóg eile nuair a roghnaigh siad Frongoch le haghaidh an champa sin. Siombail na saoirse atá ann anois, agus sin an dearcadh atá ag cuid de na Breatnaigh atá ag iarraidh tír neamhspleách dóibh féin.

Cé go bhfuil tionól acu anois i gCaerdydd, bhí parlaimint fíor-neamhspleách ag na Breatnaigh i Machynlleth i 1404 i rith éirí amach Owain Glyndwr (1400-1415). Corónaíodh ina rí ar an Bhreatain Bheag é agus tháinig arm ón Fhrainc chun cuidiú a thabhairt dó. Ar feadh na tréimhse sin, bhí tír neamhspleách acu arís, ach faoi dheireadh bhí Sasana rómhór agus róláidir dóibh agus theip orthu.

Rugadh Owain Glyndwr thart ar 1355 i gCaisleán Sycharth, cóngarach do Lllansilin i bPowys (tuilleadh eolais ar www.castlewales.com/sycharth.html) agus seo an áit a dtosóidh na siúlóirí ar an 8 Aibreán ar a dturas trasna shléibhte Berwyn go dtí Frongoch. Ó shiombail amháin de chuid na saoirse go ceann eile.

“Seasca míle atá i gceist, agus beidh muid ag siúl idir 12 agus 15 míle gach lá, ag fanacht thar oíche i sráidbhailte ar an bhealach,” arsa Gwyn Sion Ifon, duine de na siúlóirí liom.

Beidh dáréag sa ghrúpa, ina measc Selwyn Williams, fear a bhfuil a lán taithí aige ar shiúlóidí fada sléibhe - uair amháin shiúil sé ó Chaerdydd go dtí a bhaile féin i Llanrug in aice le Caernarfon, 150 míle trasna na sléibhte.

Thug Gwyn Sion Ifon óráid i mBreatnais ag an ócáid i bhFrongoch in 2002 agus tá sé ag obair i siopa leabhar Awen Merion Cyf ar phríomhshráid Bala. Le cuidiú Dé beidh an grúpa ansin Luan Cásca, 12 Aibreán, chun an píosa deireanach den turas a dhéanamh - deich míle go Frongoch féin. Cluinfidh siad léacht ansin faoi stair an champa ó staraí áitiúil.

Dúirt Gwyn liom go mbeidh fáilte roimh gach Éireannach ar Luan Cásca. Más mian leat siúl in éineacht leo ó Bhala go Frongoch , cuir scairt ar Selwyn ar 0770490081 nó ar Huw ar 07789001307.

Go n-éirí an bóthar leo!

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.