AR NA SAOLTA SEO
An tSlí Oidhreachta: ag comóradh ról tábhachtach na nÉireannach i Learpholl
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Tá an tSlí Oidhreachta Éireannach i Learpholl mar chuimhneachán ar na céadta míle de mhuintir na hÉireann a tháinig i dtír sa chathair, go háirithe le linn bhlianta an Ghorta Mhóir. Tá Tony Birtill tar éis féachaint ar bhróisiúr nua atá á fhoilsiú an mhí seo ina dtugtear eolas faoin tslí oidhreachta seo.

Íomhá
Íomhá
Leacht cuimhneacháin Éamonn Uí Dhochartaigh, Sráid Hardman, Learpholl

Seolfar bróisiúr don tSlí Oidhreachta Éireannach i Learpholl Dé Domhnaigh, 2 Márta san Ionad Éireannach sa chathair.

Istigh sa bhróisiúr seo, ina bhfuil léaráidí daite, tá léarscáil agus cur síos déanta ar chúig áit déag timpeall lár na cathrach agus trasna an Mersey i mBirkenhead a bhfuil baint acu le stair na hÉireann.

Cuid de chomóradh an Ghorta Mhóir is ea an bróisiúr agus ag stad uimhir 14 ar an tslí, Clarence Dock, deir an phlaic ar an bhalla gur tháinig 1,300,000 Éireannach i dtír ansin idir 1845 agus 1852. Chuaigh cuid mhaith acu anonn go Meiriceá agus go háiteanna eile i Sasana, ach d’fhan a lán Éireannach a bhí róbhocht nó rólág le dul níos faide i Learpholl.

Agus, de réir na dteangeolaithe, an fáth a bhfuil blas cainte mhuintir na háite difriúil ó bhlas na ndaoine eile sa réigiún ná mar gheall ar an mheascán atá ann, idir na hÉireannaigh, mhuintir Lancashire agus mhuintir na Breataine Bige. (Níl an tír sin ach fiche míle ó Learpholl agus tá muid ábalta S4C a fháil go soiléir anseo, ach chan TG4!)

*Scousers *a thugtar orainn agus cé go bhfuil a lán dílseoirí anseo freisin, tuigeann an chuid is mó de bhunadh na háite an tionchar a bhí ag na hÉireannaigh ar Learpholl trí na blianta.

Bunaíodh Coiste Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir anseo i 1994 chun leacht cuí cuimhneacháin a thógáil do chomóradh 150 bliain na tubaiste. Rinne an dealbhóir Éamonn Ó Dochartaigh píosa álainn dúinn agus nocht Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Giolla Íosa é i Samhain 1998.

Fuair muid airgead ó Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine don tionscadal agus scríobh Tony Blair litir chugainn i 1997 ag rá go raibh sé sásta páirt a ghlacadh sa chomóradh. “That one million people should have died in what was then part of the richest and most powerful nation in the world is something that still causes pain as we reflect on it today. Those who governed in London at the time failed their people through standing by while a crop failure turned into a massive human tragedy. We must not forget such a dreadful event,” arsa sé, agus lean sé mar seo: “It is right also that we should pay tribute to the ways in which the Irish people have triumphed in the face of this catastrophe. Britain in particular has benefited immeasurably from the skills and talents of Irish people, not only in areas such as music, the arts and the caring professions but across the whole spectrum of our political, economic and social life.”

Ceiliúradh

Agus tá ceiliúradh déanta ar dhaoine mar seo ar an tSlí Oidhreachta, mar shampla Agnes Jones as Dún na nGall, a d’oibir mar bhanaltra le Florence Nightingale agus a rinne sárobair anseo i dteach na mbocht; agus Kitty Wilkinson as Doire a bhí ina ceannródaí san fheachtas le feabhas a chur ar an tsláinte phoiblí.

Fágadh na mílte páiste ina ndílleachtaí i Learpholl de thairbhe an Ghorta Mhóir. Thug an tAthair Nugent cuidiú dóibh agus tá a dhealbh siúd ar an tslí, chomh maith leis an cheann de “Dandy” Pat Byrne as Loch Garman a bhí ina chomhairleoir do Pháirtí Rialtais Dhúchais na hÉireann ar Chomhairle Cathrach Learphoill, in éineacht le 28 náisiúnaí eile. (Bhí feisire ón pháirtí sin, TP O’Connor, sa chathair ó 1885 go dtí 1929.)

áit bhreithe Big Jim Larkin, a bhí ina cheannaire sa fhrithdhúnadh i mBaile Átha Cliath i 1913 ar an tslí, ach tá conspóid faoi seo mar go ndúirt an ceardchumannaí féin gur rugadh i gContae an Dúin é in 1876. De réir an teastais bheireatais a eisíodh anseo i Learpholl, áfach, rugadh é i gCombermere Street sa chathair seo ar an 4 Feabhra, 1874. Sa leabhar *In the Footsteps of Big Jim *a foilsíodh i 1995, deir an t-údar, Jim Larkin (garmhac Big Jim), go bhfuil sé go láidir den tuairim gur rugadh a sheanathair i gContae an Dúin. D’fhan sé liom anseo nuair a bhí sé ag déanamh taighde don leabhar (tá mo ghrianghraf ar leathanach 221, fiú). Fuair sé bás cúpla bliain ó shin.

Tá a lán daoine eile ar aon intinn le “Jim Óg”. Mar shampla, sa nuachtán Lá, 17 Eanáir 2003 deirtear: “Eanáir, 1876: Rugadh ‘Big Jim’ Larkin, ceannaire ghluaiseacht an lucht oibre, i mbaile fearainn Thamhlach Harry, lámh le Droichead Mhaigh Eo, Contae an Dúin, i dteach Bridie Fitzsimmons, deirfiúr a mháthara.” Bhuel, má tá siad den tuairim gur i gContae an Dúin a rugadh Larkin, an dtig le Lá teastas beireatais a fháil mar chruthú? Tá ceann againne anseo. Sin dúshlán ó Ghaeil Learphoill.

Tá an méid sin nasc idir Merseyside agus Éire nach bhfuil spás do gach rud sa bhróisiúr seo, mar shampla Séipéal Naomh Nioclás, an áit ar phós Dubhglas de hÍde agus Lucy Kurtz in 1896; Breckfield Road South, áit ar rugadh Piaras Béaslaí in 1881 agus Reilig Walton, áit a bhfuil Robert Noonan, údar The Ragged Trousered Philanthropists, curtha.

Tá an bróisiúr don tSlí Oidhreachta le fáil ó St Michael’s Centre, Boundary Lane, Liverpool L6 5LG (fón: 0151 263 1808), ón Museum of Liverpool Life agus ón Oifig Thurasóireachta.

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.