AR NA SAOLTA SEO
I measc na mban Iodálach
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Le linn dó a bheith ag obair ar chúrsa siúil sléibhe i nDún na nGall i gcaitheamh an tsamhraidh, chas Tony Birtill le ceathrar ban as an Iodáil a bhí an-tógtha leis an Ghaeilge agus leis an cheantar.

Íomhá
Liam Ó Cuinneagáin agus Tony Birtill le (ó chlé) Elisa Tomelini, Elisa Zulian, Sara Cerruti, Chiara (cara leis na mná ó Torino), agus Raffaella Ramini
Íomhá

Is cúrsa dátheangach é mo chúrsa siúil sléibhe i nGleann Cholm Cille agus, de ghnáth, tapaíonn an chuid is mó de na siúlóirí an deis a gcuid Gaeilge a chleachtadh cuid den am.

Ach bhí teanga álainn eile le cloisteáil an samhradh seo, mar go raibh ceathrar iníonacha léinn as an Iodáil ansin. Tá siad ag freastal ar Ollscoil Torino, áit a bhfuil siad ag déanamh staidéir ar an Bhéarla agus ar an Spáinnis le dhá bhliain anuas. Mar chuid den chúrsa sin, tháinig siad go hOideas Gael; rinne siad cúrsa Gaeilge seachtain amháin agus siúl sléibhe seachtain eile, agus bhí beirt acu i mo ghrúpasa ag an am amháin.

“Thaispeáin ár n-ollamh, Margherita Cataldi, bróisiúr Oideas Gael dúinn agus shíl muid go raibh sé suimiúil agus tarraingteach,” arsa Elisa Zulian as Torino liom.

D’inis sí dom go ndearna an t-ollamh í féin cúrsa le hOideas Gael uair amháin agus anois go mbíonn sí ag aistriú leabhar ó Ghaeilge go hIodáilis. Is saineolaí í ar an tSean-Ghaeilge fosta agus múineann sí litríocht na hÉireann san ollscoil.

“Tá muid ag déanamh staidéir ar an teangeolaíocht agus tá an Ghaeilge i measc na dteangacha a bhfuil muid ag díriú orthu. Gheobhaidh muid creidmheasa as a bheith anseo,” arsa Elisa liom.

An raibh mórán eolais acu ar an Ghaeilge sular tháinig siad go Gleann Cholm Cille?

“An bhfuil sí cosúil leis an Bhéarla?”, b’in an chéad cheist a bhí acu faoin teanga.

Ar ndóigh, níl sí a chor ar bith,” arsa Raffealla Ramini liom, “agus tá difear mór idir an litriú agus an fuaimniú.”

Fadhb eile a bhí acu ná go raibh an nós acu a bheith ag aistriú ó Ghaeilge go Béarla, ansin go hIodáilis. Bhí an t-ádh orthu, áfach, mar go raibh Iodálach eile, Salvatore Fichera, in Oideas Gael ag an am céanna leo (cf. Beo!, eagrán 25, Bealtaine 2003). Tá Gaeilge líofa ag Salvatore agus bhí sé ábalta focail agus gramadach a mhíniú do na cailíní Iodálacha ina dteanga féin.

Bhí Elisa den tuairim go raibh an tír go hálainn, “cé is moite den bháisteach, an ghaoth agus an ceo!” Bhí meascán ann ó thaobh aimsire de i mí Iúil, ach cé go raibh sé dian in amanna, níor chaill sí féin ná a cara Sara Cerrutí lá ar bith de shé lá an chúrsa, rud atá neamhchoitianta.

Áilleacht nádúrtha

Thaitin an tírdhreach leis na hIodálaigh seo: an t-aigéan, na haillte, an cósta fiáin agus garbh. Agus sin an tuairim a bhí ag an chuid is mó de na turasóirí i suirbhé a rinne Tourism Ireland i mbliana - bhí “áilleacht nádúrtha” ag uimhir a haon sa liosta de na rudaí a mheall daoine chun na tíre seo.

Ba cheart, mar sin, béim a chur air seo san fhógraíocht agus gan damáiste a dhéanamh d’áilleacht na timpeallachta.

Bíonn grianghraif in *Beo! *gach mí de cheantar Gaeltachta a léiríonn an áilleacht seo; mar shampla, bhí Ros Eoin i nGleann Cholm Cille le feiceáil in eagrán mhí Eanáir, 2003. Baineann na daoine ar mo chúrsa féin an-sult as a gcuairt ar an ros seo agus, mo dhalta féin, níor thuig siad cén fáth a bhfuil galfchúrsa á thógáil ansin sa phortach faoi láthair.

Ar an ros céanna tá áit darb ainm Nead an Iolair, áit a raibh nead ag iolar mara céad bliain ó shin. Díreach mar a tharla sa Bhreatain, scaoileadh na hiolair mhara uilig in Éirinn, ach cuireadh ar ais iad ar Mhuile na hAlban deich mbliana ó shin. Tá iolair fhíréana ar Mhuile fosta agus téann na mílte turasóir chuig an oileán sin chun iad a fheiceáil.

Cuireadh an t-iolar fíreán ar ais i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha anuraidh. Nach dtiocfaí an rud céanna a dhéanamh i gcás an iolair mhara? Nach é sin an sórt ruda atá na turásóirí ag iarraidh a fheiceáil?

Aer úr gan truailliú - a leithéid sin, agus rudaí simplí bunúsacha eile, a mheallann na turasóirí, rudaí a bhfuil muintir na háite breá cleachta leo ach atá tarraingteach do strainséirí, atá ainchleachta leo.

Cloisim i gcónaí i nGleann Cholm Cille cuairteoirí ag caint os ard faoi na réaltaí- cé chomh geal is chomh hálainn is atá siad. Mar sna cathracha agus sna mórbhailte ní bhíonn na daoine ábalta na réaltaí a fheiceáil de ghnáth, de thairbhe thruailliú na soilse. Tarraingt shaor in aisce agus an-simplí ar fad a bheas sna réaltaí go deo, áit ar bith nach bhfuil truailliú soilse. Ach i mbliana, cuireadh tuilsoilse móra láidre ag soilsiú ar eaglais na hÉireann i nGleann Cholm Cille. Is teampall deas é a tógadh in 1829, ach tá sé coitianta go leor ó thaobh na hailtireachta de agus ní fiú radharc na réaltaí a scrios ar mhaithe le haird a tharraingt air san oíche.

Bheadh sé furasta na tuilsoilse a mhúchadh agus radharc na réaltaí a fháil ar ais, ach ní féidir an portach a fháil ar ais nuair a bheas an galfchúrsa tógtha.

Ag canadh i nGaeilge

Ba í Póla Ní Chuinnea as Gleann Cholm Cille an múinteoir Gaeilge a bhí ag na cailíní Iodálacha, agus bhí sé go hiontach iad a chloisteáil ag canadh “Óró Sé do Bheatha Abhaile”, amhrán a d’fhoghlaim siad sa rang, agus sinne amuigh ar na sléibhte.

Bh sé go maith dearcadh Eorpach a fháil ar an Ghaeilge. Bhí na cailíní seo thar lear, i dtír dhifriúil, agus ní díol suntais a bhí ann dóibh go raibh teanga ar leith inti; ní raibh drogall ar bith orthu í a fhoghlaim ach oiread. Bhain siad úsáid gan amhras as an Bhéarla mar an *lingua franca *agus iad i nDún na nGall, ach ag an am céanna bhí a dteanga álainn féin acu. Bhí an teachtaireacht (is é sin, go bhfuil a theanga féin ag gach náisiún) soiléir do chách i mo ghrúpa, idir Ghaeilgeoirí agus iadsan gan Ghaeilge, cé nár dúradh rud ar bith os ard.

Ach an mbeidh siad ar ais? Sin an phríomhcheist a chuirtear i gcónaí ar thurasóirí. “Beidh, cinnte,” an freagra a bhí acu, mar bhain siad an-sult as an Ghaeilge, an tírdhreach, an ceol traidisiúnta le James Byrne agus a chairde, an sean-nós, na damhsaí, an léamh filíochta le Pól Ó Muirí, an fháilte a cuireadh rompu agus an deis a bhí ann a bheith ag caint le daoine as tíortha éagsúla. Bhí liosta fada acu, agus tá súil agam gur mar sin a bheas an scéal i gcónaí.

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.