AR NA SAOLTA SEO
Cos ar bolg ar na hÉireannaigh arís
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Léiríonn an tslí ar chaith na póilíní leo siúd a bhí i láthair ag cuimhneachán Jim Larkin i Learpholl an mhí seo caite gur beag athrú atá tagtha ar a ndearcadh i leith na nÉireannach, dar le Tony Birtill.

Íomhá
7 Meán Fómhair, 2002: An Cigire Michael Cloherty ag iarraidh bac a chur ar an pharáid. Tá an ceardchumannaí Alec McFadden le feiceáil ar chlé agus spéaclaí dubha ar a cheann
Grianghraf: Tony Birtill
Íomhá
An pharáid ag dul trí lár na cathrach tar éis cead a fháil ó na póilíní leanúint ar aghaidh
Grianghraf: Tony Birtill
Íomhá
17 Márta, 1996: An feisire Bob Parry (nach maireann) i mbun argóna leis an Chigire John Owens
Grianghraf: Tony Birtill

Beidh na hÉireannaigh i Learpholl ag iarraidh go mbeadh breathnadóirí neamhspleácha ag cuimhneachán Jim Larkin sa chathair i mí Mheán Fómhair na bliana seo chugainn, mar gheall ar an chos ar bolg a rinneadh orthu ag an ócáid i mbliana, Dé Sathairn, 7 Meán Fómhair.

Thosaigh an comóradh ar Shráid Combermere, an áit i ndeisceart Learphoill inar rugadh “Big Jim” Larkin i 1876. Tá Larkin, a bhí ina cheannaire sa Fhrithdhúnadh Mór i mBaile Átha Cliath i 1913, mór le rá go fóill i measc na nÉireannach agus na gceardchumannaithe ar Merseyside; bhí Jimmy Nolan, a bhí ina cheannaire sa fhrithdhúnadh fada sna dugaí i Learpholl 1995-1998, mar aoi-chainteoir ag an slógadh roimh an pharáid. “An Frith-Fhaisisteachas” a bhí mar théama ag an pharáid i mbliana mar go bhfuil an British National Party agus grúpaí mar iad gníomhach in iarthuaisceart Shasana faoi láthair.

Bhí sé socraithe roimh ré le Cigire na bPóilíní i Merseyside, Michael Cloherty, nach mbeadh baill de na bannaí ceoil fheadóige ag caitheamh bairéad dubh nó rud ar bith atá in aghaidh an Achta Sceimhlitheoireachta 2000. Ach ba léir ón tús nach raibh Cloherty sásta faoi chuid ar bith den ócáid. Thosaigh sé leis na léirithe a bhí ar na drumaí móra a bhí á n-iompar ag an Strabane Memorial Flute Band, a tháinig ó Thír Eoghain go speisialta don ócáid. B’éigean téip Ultaign a chur trasna na ndrumaí chun na léirithe a chlúdach.

Chuir mise mé féin in aithne ansin do Cloherty agus don Phríomhchigire Julie Cook mar iriseoir Éireannach. As Leitir Móir, Contae na Gaillimhe athair an Chigire Cloherty, cé gur rugadh é féin i Learpholl. Thosaigh sé ag gearán ansin faoi na spéaclaí dorcha a bhí á gcaitheamh ag cuid de na ceoltóirí.

“But it’s a very bright morning,” arsa mise leis, “and many people out on the street are wearing sunglasses.”

Bhí fearg air liom. “I don’t want to be drawn on the matter. If you want a statement then we will issue you with one,” arsa seisean.

Bhí foireann cheamara na bpóilíní ag déanamh físeáin an t-am uilig nuair a bhí na daoine ag déanamh réidh don pharáid. Agus nuair a bhí na heagraithe ón Jim Larkin Republican Flute Band ag labhairt le Cloherty agus leis an Phríomhchigire Cook, b’éigean dóibh a n-ainm a thabhairt ar ceamara sular thosaigh siad ag labhairt leis na póilíní. “If the tape comes off those drums you are committing an offence,” arsa Cloherty leo.

Cead

Faoi dheireadh fuair siad cead tosú, ach ní raibh ach cúpla slat siúlta acu nuair a chuir Cloherty stad leo mar thug sé faoi deara go raibh ceoltóirí áirithe ag caitheamh spéaclaí dorcha. Bhain siad na spéaclaí díobh féin agus lean siad ar aghaidh cúpla céad slat níos faide. Chuir Cloherty stad leo arís, áfach, mar dúirt sé go raibh an téip ag titim ó na drumaí móra. Cuireadh tuilleadh téipe ar na drumaí agus lean siad ar aghaidh arís.

Thug mé faoi deara ansin go raibh foireann cheamara sa bhreis ag déanamh físeáin eile den pharáid. Bhí a lán Éireannach agus ceardchumannaithe ón cheantar ar an pharáid ach bhí an-fhoighid acu leis na póilíní, in ainneoin iad a bheith ag dul thar fóir leis an smachtú.

Bhain siad lár na cathrach amach - áit a raibh an phríomhpharáid ag tosú - ag meán lae agus thosaigh an chos ar bolg arís. Bhí cruinniú ag taobh an bhóthair - Mount Pleasant - idir na heagraithe, ceannairí ó na deich mbanna ceoil a bhí i láthair agus an bheirt chigirí.Thosaigh na póilíní ag gearán faoi gach rud arís agus bhí an chuma ar an scéal nach gcuirfí tús leis an phríomhpharáid ar chor ar bith.

Rinne Alec McFadden, uachtarán Chomhairle Ceardchumann Merseyside (TUC) idirghabháil ansin. Cosúil le go leor daoine eile, bhí sé ag caitheamh spéaclaí dorcha.

“Am I allowed wear sunglasses?” a d’fhiafraigh sé den chigire.

“Yes,” arsa Cloherty.

“Well, why can’t the lads in the band wear them? I’ll be on the parade along with them,” arsa McFadden.

“Because the IRA wear sunglasses,” arsa Cloherty.

“Well, so does the Queen,” arsa McFadden.

Lean an comhrá ar aghaidh mar seo (ar ceamara, ar ndóigh). Fear é Alec McFadden a bhfuil taithí aige ar a bheith ag déileáil leis na póilíní agus tar éis tamaill fuarthas cead uathu dul ar aghaidh leis an pharáid.

Déjà vu

Ach *déjà vu *a bhí ann domsa - bhí mé féin díreach san áit chéanna Lá Fhéile Pádraig 1996 nuair a dhiúltaigh an cigire John Owens cead don pharáid leanúint ar aghaidh mar go raibh an bóthar go dtí lár na cathrach druite ag na dílseoirí agus na faisistithe. Bhí siadsan míshásta mar go raibh comhaontú nasctha déanta idir Comhairle Cathrach Learphoill agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ag an am.

Cé go raibh feisire áitiúil, Bob Parry (nach maireann), i láthair agus ag argóint leis an chigire Owens, ní raibh seisean sásta géilleadh. Ní raibh fadhb ag na póilíní leis an pharáid an lá sin - ní raibh banna feadóg i láthair agus bhí an St Oliver Plunkett Accordion Band ón Chéide, Contae Ard Mhacha chun tosaigh. Ní raibh duine ar bith ag caitheamh rud ar bith conspóideach ach oiread. Ba léir go raibh na póilíní ag baint úsáide as leithscéal lag chun cosc a chur ar pharáid Lá Fhéile Pádraig.

Ach idir an dá linn scríobh an Breitheamh MacPhearson a thuarascáil faoi dhúnmharú Steven Lawrence, an déagóir dubh as Londain, agus thug sé “institutionalised racism” ar an dearcadh a bhí ag póilíní i gcásanna mar sin. Ina dhiaidh sin thosaigh na póilíní ag déanamh iarrachta a bheith cairdiúil le grúpaí mionlaigh. D’eagraigh siad cruinniú anseo i Learpholl i Samhain 1999 leis na hÉireannaigh agus chuir beirt bhleachtairí, Stuart Parkinson agus Andy Isles, trí cheist orainn: How can we support the Irish community? Do we discriminate against you? In what ways can we make things better?

Bhí fearg ar chuid mhaith de na hÉireannaigh a bhí i láthair ag an chruinniú tar éis cos ar bolg a bheith déanta orthu le blianta roimhe sin, ach dúirt na bleachtairí linn go raibh siad meáite ar rudaí a athrú. Is léir ón mhéid a tharla ag an pharáid is déanaí, áfach, nach bhfuil athrú ar an scéal a chor ar bith.

Ag an teacht le chéile tar éis na paráide dúirt Alec McFadden leis an slua mór go raibh siad páirteach sa léirsiú ba mhó in aghaidh an fhaisisteachais i gcuimhne na ndaoine sa chathair. Dúirt sé fosta go bhfuair sé bagairt roimh an ócáid ó na faisistithe, ach is léir go ndeachaigh siad i bhfolach nuair a chuala siad ceol na mbannaí ag druidim leo.

I mo thuairim féin, b’fhéidir go raibh a fhios acu - cosúil leis na faisistithe/dílseoirí anseo i 1996 - go ndéanfadh na póilíní an jab dóibh.

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.