486
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Tá moladh mór faighte ag an fhile Gearóid Mac Lochlainn ó scríbhneoirí mar Nuala Ní Dhomhnaill agus gradaim bainte aige in Éirinn agus thar lear. Labhair sé le Róisín Armstrong faoi na rudaí a spreagann é le dul i mbun pinn agus faoi ról an fhile sa saol comhaimseartha.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: cúrsaí faisin.
»»»Tá iarrachtaí ar siúl ag foireann Ard-Mhúsaem na hÉireann le cúpla bliain anuas le rúin lámhscríbhinne tábhachtaí a aimsíodh i bportach a nochtadh. D’fhreastail Eithne Ní Ghallchobhair ar sheimineár le gairid inar pléadh an lámhdhéantúsán Luath-Chríostaíochta seo.
»»»Sa tuairisc eisiach seo, insíonn Balor dúirt faoin dílárú atá i ndán do na heagraíochtaí Gaeilge.
»»»Cé go bhfuiltear ag déanamh iarrachta stádas oifigiúil a thabhairt don Bhéarla sna Stáit Aontaithe, agus céim síos a thabhairt don Spáinnis agus do theangacha eile, tá go leor de lucht labhartha na dteangacha sin ar nós cuma liom faoin gceist, mar a mhíníonn Brian Ó Broin.
»»»Bhí Liz Curtis i láthair ag ceolchoirm a thug amhránaithe salm as Albain i mBéal Feirste an mhí seo caite agus bhain sí féin agus an slua mór a bhí ansin an-sult as an ócáid.
»»»Más mian le RTÉ ardú a fháil sa táille ceadúnais ba chóir don stáisiún srian ceart a chur ar an bhfógraíocht atá dírithe ar pháistí, a deir Uinsionn Mac Dubhghaill.
»»»Cuimhníonn Colm Ó Snodaigh siar ar bhás cara leis i dtrátha an ama seo anuraidh.
»»»Dealraíonn sé go mbeidh cosc ar an tobac sna tithe tábhairne agus in áiteanna eile poiblí in Éirinn go luath. Níl sé i gceist ag Rialtas na Breataine cosc den chineál céanna a chur i bhfeidhm, áfach, mar a mhíníonn Tony Birtill.
»»»Tá imní agus fearg ar Tony Birtill mar go bhfuil rudaí gránna, aisteacha agus míchuí á gcur i mbaill áilleachta timpeall Ghleann Cholm Cille. Ach ní hé gur déagóirí ná loitiméirí atá á dhéanamh, ach na forais úd a dhéanann cúram d’oidhreacht na tíre.
»»»Tá cur síos ag Brian Ó Broin in alt eile san eagrán seo ar na deacrachtaí móra atá ag lucht na Gaeilge de bharr go bhfuil na príomhfhoclóirí sa teanga go mór as dáta. Tá comhlacht nua darb ainm acmhainn.ie tagtha ar an fhód, áfach, a bhfuil sé mar aidhm aige dul i ngleic leis an fhadhb sin. Míníonn duine de stiúrthóirí an chomhlachta, Antain Mac Lochlainn, cad iad na seirbhísí a bheas á dtairiscint acu.
»»»Léiríonn Alan Desmond thíos gur beag beann mhuintir an AE agus mhuintir oileán seo ‘na naomh is na n-ollamh’ ar an duine a thiocfas anall ag obair inár measc sa phost a mbeadh drogall orainn féin tabhairt faoi.
»»»Faigheann na mílte bás i Learpholl agus i gceantair eile sa Bhreatain gach bliain mar gheall ar chaitheamh tobac ach táthar chun dul i ngleic leis an fhadhb sna blianta atá amach romhainn trí chosc a chur ar an tobac in áiteanna poiblí. Tuairisc ó Tony Birtill.
»»»Tá spreagadh iontach tugtha ag Luimneach, Áth Cliath, Uíbh Fhaillí agus Laois do chraobhchomórtas iomána na bliana seo ach níl féilire na hiomána sásúil mar atá dar le Colm Mac Séalaigh
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.